Is as Árainn Mhór Thír Chonaill do Phroinsias. Bhain a chéad leabhar Cogar san Fharraige (Coiscéim, 2002) le béaloideas Árainn Mhór. Tá trí chnuasach filíochta scríofa aige, dhá úrscéal, An Tairiscint (Coiscéim, 2005) agus Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010), agus leabhair do dhaoine óga. Tá gearrscéalta, drámaí agus amhráin scríofa aige fosta. Is iomaí duais atá bainte aige as a chuid scríbhneoireachta. Léann sé go rialta ag féilte litríochta agus ealaíne agus scríobhann sé ó am go céile in irisí liteartha agus sna meáin eile. An fharraige, saol an oileáin, ceol, béaloideas agus an stair is mó a mhúsclaíonn a dhúil.