Claire Marie Dunne

Is léachtóir le Gaeilge agus aistritheoir í Claire Marie Dunne in Institiúid Oideachais Marino. Chaith sí cúpla bliain ag obair mar mhúinteoir bunscoile roimhe sin. Tá MA sa Staidéar Idirchultúrachais aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus PhD ó Choláiste na Tríonóide. Bhronn Foras na Gaeilge an Séala Creidiúnaithe d'Aistritheoirí uirthi freisin. Chaith sí bliain ag múineadh Ghaeilge in Ollscoil Notre Dame ar scoláireacht Fulbright. Bhí sí mar chéad eagarthóir Gaeilge ar an irisleabhar Inis, agus mar eagarthóir Gaeilge ar an gCnuasach Náisiúnta Leabhar do Pháistí, agus ar Rogha Leabhar.