Éilis Ní Anluain

Scríbhneoir agus eagarthóir is ea Éilís Ní Anluain. Cáilíodh í le BA sa Ghaeilge agus sa Bhéaloideas le Gearmáinis agus Béarla, agus le MA sa Bhéaloideas. Bhí sí ina heagarthóir ar Aghaidheanna Fidil agus Púicíní le Muiris Mac Conghail (Sáirséal Ó Marcaigh 2009) agus ar Creidim Fós agus Aistí Eile le Eoghan Ó hAnluain (LeabhairCOMHAR 2013), chomh maith le ainm.ie ó 2014 ar aghaidh. Scríobh sí colúin do Beocheist i Tráthscéal Éireann ó 2004 agus altanna don iris Comhar. Tá úrscéal, Filleann Seoirse (Leabhar Breac 2011), foilsithe aici chomh maith.