Eoghan Ó hAnluain: Creidim Fós agus aistí eile

Eoghan Ó hAnluain: Creidim Fós agus aistí eile

Eagarthóir
Éilis Ní Anluain
Praghas
€15.00
  • ISBN: 9780957159334
  • Líon leathanach: 347
  • Bliain foilsithe: 2013
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Ocht n-aiste déag le Eoghan Ó hAnluain, ceann amháin acu ‘Creidim Fós’, i gcló anseo don chéad uair. An chuid a scríobhadh sna seachtóidí agus sna hochtóidí is in Comhar agus Scríobh a foilsíodh a bhformhór agus is mar chaibidil i leabhair a foilsíodh formhór na bpíosaí sna nóchaidí agus ó chasadh an chéid. Filltear sna haistí déanacha ar an triúr mórscríbhneoir a phléitear sna haistí tosaigh — An Cadhnach, An Direánach agus an Ríordánach. Cuir leo sin Seán Mac Mathúna, cúpla píosa ar fhilíocht an ochtú chéad déag — Merriman agus Mícheál Coimín, cúpla píosa ar Bhaile Átha Cliath — sa nualitríocht agus cuntas dírbheathaisnéiseach ar an iománaíocht — mar aon le aistí ginearálta ar an nuafhilíocht, go háirithe ar thréimhse Eoghain mar eagarthóir ar Comhar, agus tá agat príomhthéamaí a chuid scríbhneoireachta. Cnuasaithe anseo freisin tá dosaen léirmheas leis agus gearrscéal grinn.

Eagarthóir

Éilis Ní Anluain

Scríbhneoir agus eagarthóir is ea Éilís Ní Anluain. Cáilíodh í le BA sa Ghaeilge agus sa Bhéaloideas le Gearmáinis agus Béarla, agus le MA sa Bhéaloideas. Bhí sí ina heagarthóir ar Aghaidheanna Fidil agus Púicíní le Muiris Mac Conghail (Sáirséal Ó Marcaigh, 2009) agus ar Creidim Fós agus Aistí Eile le Eoghan Ó hAnluain (LeabhairCOMHAR, 2013), chomh maith le ainm.ie ó 2014 ar aghaidh. Scríobh sí colúin do Beocheist i The Irish Times ó 2004 agus altanna don iris Comhar. Tá úrscéal, Filleann Seoirse (Leabhar Breac, 2011), foilsithe aici chomh maith.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…