Máiréad Ní Chinnéide

Scríbhneoir, iriseoir agus eagarthóir ab ea Máiréad Ní Chinnéide. Bhain sí céim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis amach ón gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i 1963. I measc a saothair próis, tá: Cnoc na Sí (1976), Bainne na Bó (1986), Máire de Buitléir: Bean Athbheochana (1993), Ag tógáil clainne le Gaeilge – Speaking Irish at Home (2001), An Damer: Stair Amharclainne (2008) agus Scéal Ghael-Linn (2013). Mar iriseoir, chuir sí go leor alt agus agallamh ar fáil do na nuachtáin The Irish Times, Scéala Éireann, Anois agus Foinse chomh maith leis na hirisí Feasta agus Comhar.

  1. Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

    Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

    Máiréad Ní Chinnéide

    €15.00