Meadhbh Ní Eadhra

Údar óg í Meadhbh Ní Eadhra ón Spidéal i gConamara. Tá cáil ar a stíl nuálach agus nádúrtha scríbhneoireachta. Foilsíodh a céad leabhar nuair a bhí sí 15 bliain d’aois agus tá trí úrscéal dá cuid foilsithe ó shin: Rua, Fáinne Fí FíFí agus Faye. Tá a húrscéal nua, Bláth Fiáin, le foilsiú i 2023. Tá go leor gradam buaite ag Meadhbh dá cuid saothar, ina measc duaiseanna liteartha Oireachtais agus an International Moth Short Story Prize. Foilsítear gearrscéalta agus ailt dá cuid in irisí agus nuachtáin ar nós Tuairisc, Comhar agus Feasta. Bhronn Cathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath Cónaitheacht Ghaeilge uirthi i 2021. Tá Meadhbh ar fáil chun cuairt a thabhairt ar scoileanna trí Scéim Writers in Schools Poetry Ireland.

***

Meadhbh Ní Eadhra is a young author from An Spidéal in Connemara. She is known for her innovative and natural writing style. Her first book was published when she was 15 years old and she has since published three award-winning novels: Rua, Fáinne Fí FíFí and Faye. Her new novel, Bláth Fiáin, will be published in 2023. Meadhbh has won many prestigious awards for her writing, such as Oireachtas literary awards and the International Moth Short Story Prize. Her short stories and articles are published in magazines and newspapers such as Tuairisc, Comhar and Feasta. Dublin UNESCO City of Literature awarded Meadhbh an Irish Language Residency in 2021. Meadhbh is available to visit schools through Poetry Ireland’s Writers in Schools Scheme.

  1. Faye

    Faye

    Meadhbh Ní Eadhra

    €8.00