Faye

Faye

Údar
Meadhbh Ní Eadhra
Praghas
€8.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • Aoisghrúpa: 12–15
  • ISBN: 9780993494680
  • Líon leathanach: 69
  • Bliain foilsithe: 2017
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Is cailín óg dhá bhliain déag d’aois í Faye, a bhfuil cónaí uirthi faoi chúram an stáit. Bíonn tromluithe aici go minic, ach cén fáth? Cé go mbíonn sí i dtrioblóid go minic sa bhaile agus ar scoil, déanann sí gaiscí móra ar an bpáirc peile. Is ann a chasann sí le Liam; uaidh sin amach, athraíonn gach rud. Fásann Faye aníos sa scéal seo agus í ag iarraidh a bealach féin a dhéanamh sa saol.

Is scéal cumhachtach corraitheach é seo a rachaidh i bhfeidhm go mór ar léitheoirí. Coinníonn an stíl úr bríomhar aird agus spéis an léitheora síos tríd.

“Reacaireacht den chéad scoth. Tá an comhrá agus an leanúnachas sa scéal seo ar fheabhas ar fad. Sílim go bhfuil tuiscint mhaith ag an údar ar aigne an duine óig. Bheadh aon déagóir an-tógtha leis an scéal, a leagtar amach i stíl atá insroichte agus nua-aimseartha.” - Moltóirí an Oireachtais

Bhuaigh leagan den leabhar seo an chéad duais i gcomórtas liteartha an Oireachtais i 2016. Tá an t-údar ar fáil chun cuairt a thabhairt ar scoileanna trí Scéim Writers in Schools Poetry Ireland.

About the book

Faye is a twelve-year-old girl who lives in state care. She often has nightmares, but why? Although she is often in trouble at home and at school, she makes great strides on the football field. There she meets Liam; from then on, everything changes. Faye comes of age in this story, trying to make her own way in life.


This is a powerful and moving story that will have a profound impact on readers. The innovative and lively style keeps the reader's attention and interest throughout.


“A first class narrative. The dialogue and continuity in this story is excellent throughout. I think the author has a deep understanding of the young person's mind. The story, set out in an accessible and modern style, would appeal to any teenager.” - Judges of the Oireachtas Literary Awards


Faye won first prize in the Oireachtas Literary Competition 2016. The author is available to visit schools through Poetry Ireland’s Writers in Schools Scheme.

Údar

Meadhbh Ní Eadhra

Meadhbh Ní Eadhra

Údar óg í Meadhbh Ní Eadhra ón Spidéal i gConamara. Tá cáil ar a stíl nuálach agus nádúrtha scríbhneoireachta. Foilsíodh a céad leabhar nuair a bhí sí 15 bliain d’aois agus tá trí úrscéal dá cuid foilsithe ó shin: Rua, Fáinne Fí FíFí agus Faye. Tá a húrscéal nua, Bláth Fiáin, le foilsiú i 2023. Tá go leor gradam buaite ag Meadhbh dá cuid saothar, ina measc duaiseanna liteartha Oireachtais agus an International Moth Short Story Prize. Foilsítear gearrscéalta agus ailt dá cuid in irisí agus nuachtáin ar nós Tuairisc, Comhar agus Feasta. Bhronn Cathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath Cónaitheacht Ghaeilge uirthi i 2021. Tá Meadhbh ar fáil chun cuairt a thabhairt ar scoileanna trí Scéim Writers in Schools Poetry Ireland.

***

Meadhbh Ní Eadhra is a young author from An Spidéal in Connemara. She is known for her innovative and natural writing style. Her first book was published when she was 15 years old and she has since published three award-winning novels: Rua, Fáinne Fí FíFí and Faye. Her new novel, Bláth Fiáin, will be published in 2023. Meadhbh has won many prestigious awards for her writing, such as Oireachtas literary awards and the International Moth Short Story Prize. Her short stories and articles are published in magazines and newspapers such as Tuairisc, Comhar and Feasta. Dublin UNESCO City of Literature awarded Meadhbh an Irish Language Residency in 2021. Meadhbh is available to visit schools through Poetry Ireland’s Writers in Schools Scheme.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…