Pádraig Ó Liatháin

Ollamh cúnta in Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU.

Fuair Pádraig Ó Liatháin a chuid oideachais ollscoile i gColáiste na Tríonóide, idir BA, M. Litt., agus PhD. Tá sealanna caite aige ag léachtóireacht agus ag múineadh i gColáiste na Tríonóide, i gColáiste Oideachais Froebel, in Ollscoil Sheárlais, Prág agus le Gaelchultúr.

Tá taighde déanta agus altanna scríofa aige ar Éamonn Mac Giolla Iasachta ar Sheán Ó Ríordáin ar Dhonncha Rua Mac Conmara agus ar Thalamh an Éisc.

Scríobh sé tráchtas dochtúireachta ar an dán eisceachtúil ón 18ú céad, Eachtra Ghiolla an Amaráin, le Donncha Rua Mac Conmara. Tá eagrán den dán ag na clódóirí i láthair na huaire don tsraith Filí a thionscain Field Day Publications, Ollscoil Notre Dame, ach a chuirfidh Cló Iar-Chonnacht amach an bhliain seo chugainn.

Iar-eagarthóir Gaeilge é ar Eighteenth Century Ireland: Iris an dá chultúr ar feadh ceithre heagrán (2012-15) agus tá sé ina bhall seachtrach d'Ionad an Léinn Éireannaigh, i Roinn an Bhéarla in Ollscoil Sheárlais, Prág.

Tá sé ag obair lena chomhghleacaí, Éadaoin Ní Mhuirceartaigh ar dhíolaim litríochta taistil sa Ghaeilge 1600-2000.
Faoi láthair tá sé ag obair ar an mhórthionscadal taighde .i. dialanna Sheáin Uí Ríordáin a thrascríobh agus a chur i gcló.

Is suim leis litríocht na Gaeilge ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann, agus tá suim acadúil agus phearsanta aige in amhráin na Gaeilge idir shean-nós agus nua-chumtha.