Litríocht na Gaeilge ar Fud an Domhain Imleabhar II:  Critic, Cultúr agus Comhthéacs Comhaimseartha

Litríocht na Gaeilge ar Fud an Domhain Imleabhar II: Critic, Cultúr agus Comhthéacs Comhaimseartha

Eagarthóirí
Ríona Nic Congáil, Máirín Nic Eoin, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin, Regina Uí Chollatáin
Praghas
€20.00
  • ISBN: 978-0-9927313-4-2
  • Líon leathanach: 384
  • Bliain foilsithe: 2015
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Ó breacadh an dán ‘Messe ocus Pangur Bán’ sa naoú haois i lámhscríbhinn atá anois i mainistir Naomh Pól in Unterdrauberg i Carinthia (Kärnten, i ndeisceart na hOstaire), tá gnéithe de litríocht na Gaeilge á saothrú i gcomhthéacsanna éagsúla taobh amuigh d’oileán na hÉireann. Cad é an gaol idir scéalta taistil agus imirce na nGael agus cumadh, caomhnú agus seachadadh an léinn agus na litríochta ag tréimhsí éagsúla i stair chultúrtha na tíre? Cad iad na meáin agus na próisis chultúrtha a chuaigh i bhfeidhm ar litríocht na Gaeilge i gcomhthéacs diaspórach? Cad iad na seánraí nua a tháinig chun cinn agus cén ról a bhí ag pobail agus ag gréasáin thrasnáisiúnta i bhforbairt na litríochta in Éirinn féin? Cé chomh tábhachtach is atá an toise idirnáisiúnta do shaothrú an léinn agus na litríochta sa Ghaeilge sa lá atá inniu ann? Cad é ról na teicneolaíochta digití i gcothú scríbhneoireacht, léitheoireacht agus scoláireacht na Gaeilge i gcomhthéacs domhanda?

Tá 26 aiste sa dá imleabhar seo, scríofa ag scoláirí aitheanta agus ag scoláirí nua na Gaeilge, a théann i ngleic le ceisteanna agus comhthéacsanna idirnáisiúnta na Gaeilge le míle bliain anuas. Cuireann an dá imleabhar bonn nua faoin taighde sa ghort bisiúil ilghnéitheach seo.

Eagarthóirí

Ríona Nic Congáil

Ríona Nic Congáil

Tógadh Ríona Nic Congáil i nGaillimh. Scríobh sí leabhar do pháistí nuair a bhí sí sa chéad bhliain san ollscoil, An Túr Solais (Coiscéim, 2004). D’fhoilsigh sí dhá leabhar eile do pháistí ina dhiaidh sin: An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006) agus Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011). Idir 2007 agus 2012, bhí sí i mbun ‘Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge’, a chuir gréasán tacaíochta ar fáil do scríbhneoirí nua na Gaeilge. Chuir sí dhá eagrán speisialta de Comhar in eagar: Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Deireadh Fómhair 2009); Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Meán Fómhair 2010). Bhain sí Ph. D. amach sa Nua-Ghaeilge ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2009. I measc a cuid foilseachán tá Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010), Úna Ní Fhaircheallaigh: Smaointe Ar Árainn/Thoughts on Aran (eag.) (Arlen House, 2010, 2014), Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (eag.) (2012), Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg (comheag.) (2013), agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain: Imleabhar I agus Imleabhar II (comheag.) (2015).

Tuilleadh eolais

Máirín Nic Eoin

Máirín Nic Eoin

Tá Máirín Nic Eoin ina hOllamh Uí Chriagáin le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach/Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is scoláire Nua-Ghaeilge í a bhfuil spéis taighde aici i stair agus i socheolaíocht na litríochta, agus i bhforbairt modhanna critice atá oiriúnach d’fhoirmeacha agus do théamaí na litríochta i dteanga mhionlaithe. Ar na foilseacháin is tábhachtaí dá cuid, tá: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982); Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988); B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998); agus Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005). Bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar thrí dhíolaim liteartha agus ar chúig leabhar acadúil. Tá aistí critice léi ar ghnéithe éagsúla de nualitríocht na Gaeilge foilsithe in irisí scolártha agus i leabhair éagsúla.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…