Teach na gColúr

Teach na gColúr

Údair
Aisling Ní Leidhin, Liam Mac Amhlaigh
Praghas
€6.00
  • Sraith: Foghlaimeoir Fásta
  • ISBN: 9780955047749
  • Bliain foilsithe: 2006
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Mac Léinn ollscoile í Iryna, ón bPolainn, atá anseo in Éirinn chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Tar éis di roinnt deacrachtaí a shárú, tagann sí ar eolas faoi mhuintir a máthar, eolas a athróidh a saol. Insítear an scéal seo faoi shaol na hollscoile i mBaile Átha Cliath i nGaeilge simplí agus tá míniú ar fhocail agus nathanna cainte ag bun gach leathanach agus sa ghluais ag deireadh an leabhair.

Bronnadh duais ar an leabhar seo i gcomórtais liteartha an Oireachtais 2006.

Údair

Liam Mac Amhlaigh

Liam Mac Amhlaigh

Scoláire nualitríochta agus foclóireachta é an Dr Liam Mac Amhlaigh atá ina Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Tá mórán foilsithe aige sna réimsí spéise sin, idir leabhair agus ailt. É ina chomheagarthóir bunaidh ar an ríomhiris phiarmheasta acadúil COMHARTaighde (comhartaighde.ie), ina eagarthóir ar an gcartlann phórtráidí agus eolas beathaisnéise de bheoscríbhneoirí na Gaeilge, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (portraidi.ie), agus ina thionólaí ar an ngrúpa maoirseachta den inphrionta san fhoilsitheoireacht acadúil, Cló Léann na Gaeilge (clo.ie). Tá sé ag plé go leanúnach le dhá mhórshaothar: monagraf ar fhoclóireacht na Nua-Ghaeilge san fhichiú haois (a thiocfaidh sna sála ar a leabhar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (2008), agus saothar critice ar fhilíocht Mhichael Davitt agus tionchar an nua-aoiseachais dhéanaigh ar fhilíocht na Gaeilge le seachtó bliain anuas. Is é Léachtaí Uí Chadhain an dara leabhar atá curtha in eagar aige le Caoimhín Mac Giolla Léith, ar lean ó Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (2012).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…