In aice le Carraig Ruacháin, i gCo Chorcaí, a rugadh Colm. Bhain sé céim MA sa Nua-Ghaeilge amach faoin Ollamh Seán Ó Tuama i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. D’oibrigh sé mar théarmeolaí agus rúnaí leis an gCoiste Téarmaíochta agus ina dhiaidh sin mar aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin. Bhí sé ina Phríomh-Aistritheoir Cúnta sa Rannóg nuair a ghlac sé le scor luath chun dul i mbun na scríbhneoireachta ar bhonn lánaimseartha. Bhuaigh Colm an phríomhdhuais filíochta i gcomórtais liteartha an Oireachtais ceithre huaire. Sa bhliain 1999, bhronn An Foras Cultúrtha Gael-Mheiriceánach ‘Duais an Bhuitléaraigh’ air. I gcomhpháirt leis an Dr Andrea Nic Thaidhg, dhein sé aistriúchán ar an úrscéal Katz und Maus le Günter Grass. Foilsíodh a chéad úrscéal, an saothar meitificsin Con Trick "An Bhalla Bháin", in 2009. D’fheidhmigh sé mar eagarthóir cúnta ar dhá eagrán de Innti i dteannta Michael Davitt agus ba é an chéad eagarthóir Gaeilge é ar Scoth na hÉigse/Best of Irish Poetry (Southword Editions). Foilsíodh Tírdhreacha, cnuasach filíochta leis in 2015 (LeabhairCOMHAR). Tá dánta le Colm aistrithe go hocht gcinn de theangacha lena n-áirítear éagrán Rómáinise den chnuasach An Fear Marbh.