Cúpla Nóiméad, Bealtaine 1916

Cúpla Nóiméad, Bealtaine 1916

Grianghraf © Colin / Wikimedia Commons / CC BY-SA-4.0

Dán le Jackie Mac Donncha.

Ó, a mháthair
Tá an t-urlár seo crua, agus fuar.
Chomh fuar le mo leaba ar ball.

Tá casadh na heochrach sa nglas
mar thoirneach bhodhar
Thiar i Ros na gCaorach.

Tagann siad
agus siúlaim idir iad.
Boladh aduain
a gcuid éadaigh
ag líonadh mo pholláirí.

Geallaim duit, a mháthair
gurbh é do bholadh cumhra fhéin
a bheas liom
ar ball.

Tá púicín orm, ach feicim
Éire saor
chomh glé is
dá mbeinn im sheasamh
ar bharr Chnoc a’ Daimh.

Cloisim sioscadh gréiseach
na mboltaí ag
oscailt agus ag dúnadh.

Is leis na Bodaigh na créachta,
ach geallaim duit,
a mháthair,
geallaim duit:
Is leatsa amháin
mo chroí.

Údar agus file é Jackie Mac Donncha.