Céad Bliain Anonn

Aifric Mac Aodha

Dán le hAifric Mac Aodha.

Obair fhónta ní thiocfaidh den éirí amach,
súil siar rósciobtha ní cheadaíonn aidhm,
cneasú thar ghoimh gach clúdach tosaigh —
B’fhearrde thú filleadh ar imeachtaí ban.

(I) Scéala ón gCoigríoch

Iascaire de chuid na hIndinéise,
tháinig ar bhréagán gnéis,
thug abhaile í is ghléas.

Le teann ómóis, athraíodh
an blús is cóitín gach lá:
Ba Bidadari anois an bhábóg mná.

Feidhm rud a athrú, sin é ár ngnó —
Gó a dhéanamh den fhocal fíor,
fíor a dhéanamh den ghó.

(II) Sa Bhaile

Tá, in Éirinn,
bean anois ann
a léann sleachta
d’athair a leannáin,

ceann na leapan
ag fógairt uirthi
labhairt amach,
nach labhrófá amach,

is a chaitheann go minic,
sa chlinic, iomlán an lae
le hiníon leis, nuair a
atann a béal le cealg.

Aici tá agus níl
imeacht uaidh —
Dá fhad a glúin féin
ón nglúin foirtil,

is díobh í, ar deireadh,
an bhantracht a phlúchadh
glór a bhfear
le hárais tí an doirtil —

‘Ní chloisim thú, John M’
a deireadh a mamó,
an t-uisce á bhrostú
d’aon turas aici

is í ag caochadh leathshúile
le cual na tine,
mar a bheadh pearsa ann
i sobal tuaithe.

(III) Ath-bhean

athbhean, f. (gs. & npl. athmhná, gpl. -bhan). Former wife.

Idir athbharr is athbhearradh,
an leagan sin ath-bhean,
ar ais san áit ar thosaigh sí,
an t-ath- b’ath- ar lean.


Foilsíodh leagan den dán seo, mar aon le haistriúchán le Clíona Ní Riordáin ar Études Irlandaises, eagrán speisialta faoi 1916.

Aifric Mac Aodha

Is file agus scoláire í Aifric Mac Aodha.