Gradaim an Chúigiú Colúnaí 2016

Gradaim an Chúigiú Colúnaí 2016

Grianghraf: Rollingnews.ie

Bhí idir ghol agus gháire arís i mbliana nuair a bronnadh Gradaim bhliantúla An Chúigiú Colúnaí. Seo liosta na mbuaiteoirí.

Deirtear gurb í Heather Aire na Gaeltachta. Deir sí féin go bhfuil na cumhachtaí sin ar fad ‘tarmligthe’ aici do Sheán Kyne, agus gur ag an Aire Stáit amháin atá cumhacht ar Ghaeil. Diúltaíonn sí bualadh le heagraíochtaí Gaeilge dá bharr, agus ní thógfá an méid sin uirthi, is dócha. (Tugann an Cúigiú Colúnaí cuid mhaith dá shaol ag iarraidh iad a sheachaint chomh maith.) Ní fhéadfadh ach meas a bheith ag duine ar chutzpah an Aire. I mí na Bealtaine chuir sí olc ar mhórán nuair nár bhac sí teacht i láthair do mhórdhíospóireacht Dála faoin nGaeilge, agus nuair a tháinig sí isteach sa Dáil faoi dheireadh an tráthnóna sin thosaigh sí ag caitheamh anuas ar dhaoine a bhíonn ‘ag tabhairt léachtaí’ do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Ba mhó dochar ná maitheas a dhéanann daoine a bhíonn ag caitheamh anuas ar easpa Gaeilge daoine eile, a dúirt sí, cé nach ndearna aon duine a leithéid le linn na díospóireachta. B’fhéidir gur thug a seasamh láidir i gcoinne a naimhde nárbh ann dóibh misneach don Aire mar cúpla mí ina dhiaidh sin, thug sí a céad chuairt oifigiúil ar an nGaeltacht, dhá bhliain i ndiaidh a ceapacháin. Ba aici a bhí ráiteas na bliana chomh maith: ‘Even if we use only a few words of Irish, we should think about Irish, and we must encourage more of that.’ Ba chóir go mbeadh an méid sin ina shólás do Ghaeil. Cinnte, téann Heather i bhfraoch ó am go chéile ach féach go mbíonn sí ag smaoineamh ar an nGaeilge, nó ar laghad go mbíonn sí ag smaoineamh ar smaoineamh ar an nGaeilge…

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús