An Cúigiú Colúnaí

An Cúigiú Colúnaí

An Seanadóir de chuid Shinn Féin agus an tAire Stáit de chuid Fhine Gael

Agus aird na meán ar an gcocstí a rinne Enda Kenny den scéal maidir le Fine Gael agus Sinn Féin a bheith i gcomhrialtas amach anseo, rinne daoine dearmad gurbh í Mary Lou MacDonald a chuir tús leis an gcaint mhealltach.

Mar a deir Breandán Delap ina alt faoin Taoiseach ar eagrán na míosa seo de Comhar, b’fhéidir gur ansin atá an scéal.

Rith an rud céanna leis an gCúigiú Colúnaí agus é ag éisteacht le ráitis faoin nGaeilge sa Seanad le déanaí (ní gan dua a scríobhtar an colún seo). Chuireamar spéis go háirithe sa chaint a rinne an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus fáilte á cur aige roimh Sheán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta.

“Tá céad fáilte roimh an Aire Stáit. Is dóigh nárbh fholáir a admháil ar dtús go bhfuil sé ag déanamh sár-iarracht ó thaobh a chuid oibre mar Aire Stáit don Ghaeltacht,” arsa an Seanadóir de chuid Shinn Féin.

“Sáriarracht’, mura miste leat.

Thug an Shinner faoin bpoll ansin é d’Fhianna Fáil.

Fágadh ‘praiseach’ ag an Aire Stáit bocht ‘le glanadh suas’, a dúirt sé, agus lean sé air ag caitheamh anuas ar Fhianna Fáil as beag is fiú a dhéanamh den Blueshirt,

‘Tá sé spéisiúil a bheith ag éisteacht le Fianna Fáil ag caitheamh spallaí leis an Aire Stáit nuair is é Fianna Fáil a ghearr na putóga amach as na buiséid a bhain le hÚdarás na Gaeltachta ó 2008 ar aghaidh agus a d’fhág Údarás na Gaeltachta ar an ngannchuid,’ arsa Ó Clochartaigh.

Cé go ndúirt an Seanadóir ansin nach raibh an maoiniú atá á chur ar fáil ag Rialtas Fhine Gael ‘sách maith’ ach an oiread, níorbh fhada go raibh sé ag moladh an Aire arís.

‘Tuigim go bhfuil an tAire Stáit ag troid le haghaidh breis airgid. Molaim é as sin a dhéanamh.’

Ní heol dúinn ar dhearg an Blueshirt de thoradh na bhfocal moltach seo ar fad ón Shinner, ach a leithéid de spallaíocht!

Corc á chur i gcláir chainte TG4

Bhí raic ar na meáin shóisialta faoin scéal go bhfuil deireadh á chur ag TG4 le Seo Spóirt agus cláir chainte eile amhail Comhrá agus Róisín. Fad is go raibh lucht Twitter ag dul le brothall faoin scéal, bhí plé fuarchúiseach á dhéanamh ag haiceanna soiniciúla na Gaeilge ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhainfeadh le cinneadh Alan Esslemont corc a chur sa chlár cainte. An bhfuil an ceart ag an Ard-Stiúrthóir nua go bhfuil deireadh le ré na gclár céanna? Nár chosúla na cláir seo le cláir raidió, pé scéal é?

Is dóigh leis an gCúigiú Colúnaí go bhfuil sé beagáinín thar fóir droim láimhe a thabhairt le haon seánra clár amháin d’aon léim amháin. Agus fiú dá mbeimis chun seánra amháin ar TG4 a chur de dhroim seoil, is leis na cláir cheoil ‘Country and Irish’ a chaithimis ár hata buachaill bó, is cuma cé mhéad duine atá ag breathnú orthu.

Thaitin Seó Spóirt go mór linne chomh maith, ach an rud is mó atá ag déanamh imní dúinn faoin scéal seo ar fad ná an fhoirmle bheag seo a rith linn.

Níos lú cláracha cainte = níos lú cainte = níos lú Gaeilge

Tá súil againn nach í an fhoirmle chéanna atá sa chloigeann ag lucht TG4.

Slán le Steve Jobs, agus cé eile?

Mura ndéanfaidh sé aon ní eile i gcaitheamh a saoil, rinne an Cúigiú Colúnaí cion fathaigh ar son na nGael nuair a bhaist sé Steve Jobs ar Steve Ó Cúláin agus é ag tosú amach mar Phríomhfheidhmeannach. Agus é fógartha anois go bhfuil fear an Spidéil ag dul ar scor ag deireadh mhí na Bealtaine, cad a thabharfaimid feasta air? Steve Glanlaghdú Aon Job Amháin?

Pé scéal é, tá ráflaí cloiste ag an gCúigiú Colúnaí go bhféadfadh go bhfuil athrú mór eile le tarlú go luath i gceannáras eagraíocht mhór Ghaeltachta eile. Más fíor do chabairí Chasla, d’fhéadfadh go mbeidh ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, ag bogadh abhaile chun aire a thabhairt do lucht stiúideo na nDoirí Beaga.

Deirtear linn go mbíonn an ceannasaí thuaidh agus theas na laethanta seo agus na Doirí Beaga d’uireasa bainisteoir buan ó cailleadh Seámus Mac Céidigh, trócaire leis.

Beidh a thuilleadh ar ball againn ar Nuacht an Tuaiscirt…

Ag seiceáil na bhfíricí…

Ar chúiseanna éagsúla, tá géarghá ar na saolta seo le ‘fact-checkers’, go háirithe toisc go bhfuil fíricí dá chuid féin ag Uachtarán nua SAM. Tá cáil le fada an lá ar an iris The New Yorker as líon na ‘fact-checkers’ acu agus as an dua mínádúrtha a chaitheann siad le fíricí a sheiceáil arís agus arís. Ní bhíonn saoi gan locht, áfach. Seo thíos sliocht as alt ó dheasc nuachta na hirise iomráití dar teideal, ‘Theresa May’s American Adventure’.

Aimsígí féin an botún!

January 30th found May in Dublin, for talks with Enda Kenny, the Taoiseach of Ireland: an encounter of some urgency, since there is grave trouble afoot in Northern Ireland, with the collapse of the power-sharing executive (the sharing, broadly, is between nationalists and republicans) and, as a result, the prospect of fresh elections to the ruling assembly.