Peadar Ó Flatharta: ceannaire stuama

John Walsh

Ní raibh dúil dá laghad ag Peadar Ó Flatharta sa chúplafoclachas — ba mhian leis athruithe struchtúrtha a bhaint amach a thabharfadh cosaint chinnte don Ghaeilge.

Chuireas aithne den chéad uair ar Pheadar Ó Flatharta ag tús na 1990í agus mé ag obair mar iriseoir raidió i mBaile Átha Cliath. Bhí an stáisiún náisiúnta tráchtála Century Radio ar an aer agus bhí seirbhís nuachta Gaeilge laethúil acu, murab ionann is na stáisiúin thráchtála anois. Ba mise an t-iriseoir taca ar an tseirbhís sin agus d’fhreastalaínn ar imeachtaí Gaeilge san ardchathair le mo mhicreafón ar thóir scéalta nuachta. Ba ag ceann de na hócáidí sin — freagra phobal na Gaeilge ar leabhar conspóideach Reg Hindley The Death of the Irish Language in 1990 — a chuireas agallamh ar Pheadar Ó Flatharta den chéad uair. Bhí Peadar ina stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ach níor thuigeas an uair sin gur dócha nach mbeadh mo phost agam murach an obair a bhí déanta ag an gComhdháil le cinntiú go mbeadh áit ag an nGaeilge san Acht nua Craolacháin a ritheadh in 1988 agus a thug feidhm dhleathach don raidió tráchtála sa tír seo. Cúpla bliain ina dhiaidh sin a fuaireas amach gur cuireadh moill ar thús craolta Century Radio nuair a mheabhraigh an Chomhdháil don Choimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách gur ghá go mbeadh seirbhís nuachta Gaeilge ag an gcraoltóir náisiúnta nua. B’éigean do Century iriseoir Gaeilge a earcú, ba é Rónán Mac Aodha Bhuí a fostaíodh agus ba mise an tánaiste. Níorbh é Peadar Ó Flatharta féin a dúirt é sin liom dar ndóigh, léiriú gléineach ar cheann de mhórshuáilcí an fhir: gurbh fhearr leis a bheith ag obair go ciúin ar chúla téarmaí chun stádas na Gaeilge a threisiú seachas gaisce a dhéanamh go poiblí.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
John Walsh

Léachtóir le Gaeilge i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is ea an Dr John Walsh.