Peadar Ó Flatharta: fear lách Gaeltachta agus saineolaí fial flaithiúil

Peadar Ó Flatharta: fear lách Gaeltachta agus saineolaí fial flaithiúil

Aon áit ar fud an domhain a bhfuil meas ar chearta teanga agus ar theangacha atá faoi bhrú cuimhneofar ar an Dr Peadar Ó Flatharta.

Tháinig scéala a bháis aniar aduaidh orainn ar fad agus is deacair a chreidbheáil nach gcloisfidh muid glór nó gáire Pheadair Uí Fhlatharta arís.

Ba dhuine éirimiúil, léannta é Peadar ach bhí an oiread sin dea-thréithe eile ann freisin — ní raibh éirí in airde ar bith ag baint leis agus níor nós leis riamh a bheith ag déanamh gaisce faoina cháilíochtaí ná a chumas, ná a bheith ag maíomh as féin ná as na rudaí a bhí bainte amach aige.

Molann an obair an fear, a deirtear, agus nuair a bhí toradh fónta ar a chuid oibre — agus is minic go raibh — ba leor sin do Pheadar. Níor shantaigh sé aitheantas nó poiblíocht. Bhí sé fial, flaithiúil lena chomhairle i gcónaí ach b’fhearr leis go rachadh an chomhairle sin i ngan fhios don saol mór.

Agus an píosa seo a bhreacadh agam, bhí mé ag iarraidh smaoineamh ar an gcur síos a dhéanfadh Peadar air féin – sin mura mbeadh aon rogha eile aige ach a leithéid a dhéanamh – agus tháinig mé ar an bhfreagra in agallamh a chuir duine de shaineolaithe móra an domhain ar chúrsaí dlí agus teanga, an tOllamh Michel Doucet, as Ollscoil Moncton i gCeanada, ar Pheadar cothrom an ama seo trí bliana ó shin agus é ar cuairt ar Cheanada.

San agallamh sin atá ar fáil ar fhíseán ar Youtube, d’iarr an tOllamh Doucet air cur síos a dhéanamh air féin i nGaeilge. Seo an méid a dúirt sé:

Mise Peadar Ó Flatharta. Is as an gCeathrú Rua i gConamara, in Éirinn mé. Rugadh agus tógadh sa gceantar sin mé agus is í an Ghaeilge mo chéad theanga agus d’fhoghlaim mé Béarla nuair a chuaigh mé ag an scoil. Tá mé ag plé le cúrsaí teanga agus cúrsaí léinn ar bhealach amháin nó ar bhealach eile i gcaitheamh mo shaoil. Tá mé fostaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath anois mar léachtóir sinsearach agus spéis agam i gcúrsaí Gaeilge, litríocht na Gaeilge, i gcur chun cinn na Gaeilge, pleanáil teanga, cearta teanga agus mar sin de.

Cur síos lom gonta gan aon rian den mhór is fiú. D’fhéadfadh go leor eile a bheith ráite aige. D’fhéadfadh sé a rá go raibh sé i gceannas ar eagraíocht teanga náisiúnta le linn ceann de na tréimhsí ba rathúla ag an eagraíocht sin.

D’fhéadfadh sé a rá go raibh sé ina cheann scoile ar Fiontar DCU.

D’fhéadfadh sé a rá go raibh sé i gceannas ar an ngrúpa a chuir comhairle ar an Rialtas faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Gurbh é is túisce a d’oibrigh le stádas a bhaint amach don teanga san Aontas Eorpach.

Go raibh obair cheannródaíoch déanta aige ar chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht.

Nó d’fhéadfadh sé a rá go raibh sé ina bhall de choimisiún stáit a rinne moltaí fiúntacha chun go dtabharfaí an Ghaeltacht slán.

Nó go raibh baint lárnach aige le hAcht Teanga a thabhairt isteach chun cosaint a thabhairt do chearta teanga na nGael.

Sea, d’fhéadfadh sé na rudaí sin ar fad a rá agus a thuilleadh leis. Ach nuair a d’fhiafraigh an tOllamh as Ceanada do Pheadar cur síos a dhéanamh air féin, níor bhac sé le haon cheann de na rudaí sin a lua.

Mar a rinne sé go minic, d’inis sé go leor dúinn i mbeagán focal.

Mise Peadar Ó Flatharta. Is as an gCeathrú Rua i gConamara, in Éirinn mé. Rugadh agus tógadh sa gceantar sin mé agus is í an Ghaeilge mo chéad theanga agus d’fhoghlaim mé Béarla nuair a chuaigh mé ag an scoil…

Tabhair faoi deara sa chur síos lom umhal sin gur thug sé tús aite dá dhúchas Gaeltachta, don Cheathrú Rua agus dá theanga dhúchais. B’in iad na rudaí a mhúnlaigh é agus b’in iad na rudaí ba thábhachtaí dó i gcaitheamh a shaoil. A bhaile féin. A phobal féin. A theanga féin.

Duine an-phríobháideach a bhí ann, fear ciúin, duine ar bheagán focal ina shaol poiblí, ach an méid a déarfadh sé bheadh sé tomhaiste stuama, ciallmhar i gcónaí. Duine umhal agus duine cúthail a bhí ann mura raibh aithne agat air, ach don té a raibh sé mór leo bhí sé lán le craic agus le diabhlaíocht. Agus bhí an-acmhainn ghrinn aige.

Baintear úsáid rómhinic as an bhfocal ‘saineolaí’ ar na saolta seo ach níl amhras ar bith orm i gcás Pheadair gur saineolaí ceart críochnaithe a bhí ann i réimse na teanga agus na Gaeltachta. Bhí ardmheas air agus seasamh ar leith aige go hidirnáisiúnta ina measc sin a bhíonn ag plé le cearta teanga agus le pleanáil teanga ar fud an domhain.

Is liosta le háireamh iad na daoine a bhí ag caint liom faoi Pheadar ó d’imigh sé ar shlí na fírinne, daoine as áiteanna éagsúla ar fud na cruinne…ollúna ollscoile ó Chambridge Shasana go New Brunswick Cheanada, coimisinéirí teanga ó chian is ó chóngar. Scaip scéala a bháis chomh fada leis an gCiorcal Artach chuig an bpobal Ionúiteach ansin a raibh an-mheas go deo acu ar Pheadar. Bhí an brón le sonrú go láidir sna teachtaireachtaí ómóis a tháinig trasna Mhuir Éireann ón Bhreatain Bheag, ó Chatalonia, ó Thír na mBascach, ón Bhriotáin.

Bhí gach duine acu sin ar aon fhocal faoi, gur fathach fir a bhí ann ó thaobh intleachta agus cumais de, go raibh scoláire tábhachtach ar lár, gur phribhléid a bhí ann aithne a chur air, gur saibhre sinn dá bharr agus gur boichte go mór an saol ina éagmais. Mar a dúirt an tOllamh Colin Williams liom “a very influential, but modest, even enigmatic person”.

Chuir mé féin aithne ar Pheadar thart ar 30 bliain ó shin, déarfainn, mé ag obair sa raidió ag an am agus eisean ina mhúinteoir scoile thiar i gCnoc Chathail Óig. Bhí sé gafa go mór leis an eagraíocht Cumhacht agus bhain sé an-chraic go deo as na feachtais a bhíodh ar siúl acu agus é féin agus Johnny Shéamuis, Peadar Ó Tuathail, an tAthair Standún, Josie Mór agus John Beag agus iliomad daoine cumasacha eile, ar fad diongbháilte agus dúthrachtach ina gcuid oibre ar son an phobail. Agus b’iontach an t-éacht a bhí déanta acu nuair a toghadh Peter Phlunkett ar an gComhairle Contae agus ar an Údarás ag an am. Agus ba é Peadar Ó Flatharta a bhí bródúil agus ríméadach as an bhua sin mar go bhfaca sé an leas a rinne sé do Ghaeltacht Chonamara ag an am. Ar ndóigh, bhí Peadar gafa le neart grúpaí eile ar an gCeathrú Rua, an coiste pobail, coiste an Oireachtais, agus a leithéid sin. Agus nuair a chuaigh sé go Baile Átha Cliath mar Stiúrthóir ar an gComhdháil, thug sé leis gan stró an cur chuige stuama fiúntach céanna go dtí an stáitse náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Le linn dom féin a bheith mar Choimisinéir Teanga ba mhór go deo an tacaíocht agus an chomhairle a thug Peadar dom agus thug sé an cúnamh céanna do Rónán Ó Domhnaill, an coimisinéir reatha. D’oibrigh Peadar agus mé féin as lámha a chéile go minc agus is é a bhí cliste stuama i ngach a ndearna sé. D’oibrigh sé go dlúth liom ar chomhdháil mhór idirnáisiúnta a eagrú ar chearta teanga sa bhliain 2013 agus bhí baint lárnach aige le coimisinéirí teanga an domhain ar fad a thabhairt le chéile den chéad uair riamh le cumann idirnáisiúnta a bhunú. Thuig sé rud tábhachtach amháin faoin teanga, is é sin go bhfuil na deacrachtaí céanna agus na dúshláin chéanna ag mórán teangacha mionlaigh eile ar fud an domhain agus go bhfuil sé riachtanach dá bharr a bheith ag foghlaim ó dhlínsí eile agus gan a bheith ag streachailt inár n-aonar.

D’fhoghlaim mé an t-uafás ó Pheadar in imeacht na mblianta ach seans gurbh é an rud is tábhachtaí ar fad a d’fhoghlaim mé uaidh ná cén chaoi le stocaireacht a dhéanamh agus argóintí a chur chun cinn. Thuig sé nach le ráitis sna meáin, ná le hóráidí móra a dhéantar dul chun cinn, thuig sé nach ag coistí, comhchoistí ná fochoistí a bhuafaí an cás, ach leis an bhfocal ciúin sin i gcluais an Aire nó an comhrá discréideach leis an státseirbhíseach sinsearach sa chorridor tar éis an chruinnithe.

Ba ghearrscéalaí cumasach é agus é ina fhear óg agus dála na ngearrscéalaithe is fearr thuig sé an chumhacht agus an luach a bhain leis an bhfocal ceart a aimsiú agus é a chur ag obair san áit cheart ag an am ceart. Bhí an iomarca measa aige ar fhocail le bheith á gcur amú ar bhaothchaint agus buaileam sciath.

Agus má bhí aon mháistir riamh againn ar an gceird sin, an stocaireacht chiúin, éifeachtach, ba é Peadar Ó Flatharta é. Is dá bharr sin a d’éirigh leis oiread rudaí tábhachtacha a bhaint amach agus níl aon cheist ach gur bhain sé go leor amach ar a bhealach tomhaiste, staidéarach, discréideach féin, i réimse an oideachais, na reachtaíochta agus na Gaeltachta.

Scoláire den chéad scoth a bhí ann agus ba dhuine cruthaitheach lán samhlaíochta freisin é — gearrscéalaí an-mhaith, mar a dúirt mé, múinteoir tuisceanach, riarthóir éifeachtach. Is trua nár mhair sé le bailchríoch a chuir ar an obair mhór a bhí idir lámha aige le dornán blianta anuas, beathaisnéis Mháirtín Uí Chadhain, laoch mór dá chuid, ach bhí an t-uafás taighde déanta aige agus go leor fianaise nua bailithe aige.

Gan amhras ar bith, tá a lorg fágtha go láidir aige ar shaol, ar shaíocht agus ar chultúr na tíre seo ar iliomad bealaí eile.

An polasaí oideachais Gaeltachta a foilsíodh sa bhfómhar, an chéad pholasaí i stair an stáit a thugann aitheantas do riachtanais an chainteora dúchais, ba é Peadar a leag bunchloch faoi lena thuarascáil ‘Struchtúr Oideachais na Gaeltachta’. Na feachtais a d’fhág stádas ag an nGaeilge san Eoraip agus Acht Teanga anseo againn, bhí Peadar ina cheannródaí orthu. Nach aisteach freisin gur bhásaigh sé cothrom an lae a foilsíodh An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, sé bliana ó shin; is uaidh a tháinig cuid mhór de na rudaí is fearr sa phlean sin.

Is ceart a rá go raibh díomá mhór ar Pheadar le roinnt blianta anuas faoina laghad dul chun cinn a bhí á dhéanamh ó thaobh chur chun cinn agus chaomhnú na teanga agus na Gaeltachta. Mheas sé go raibh institiúidí an stáit ag teip go dona ina gcuid iarrachtaí maidir le cás na teanga agus na Gaeltachta. Dúirt sé san agallamh sin ar thagair mé do i dtús na cainte seo go mairfeadh an Ghaeilge ‘for a very, very long time’ i measc foghlaimeoirí ach bhí sé go mór in amhras an mairfeadh sí mar theanga phobail sa Ghaeltacht. ‘If we lose the traditional language communities, I wonder what will happen to the language. This is a critical question for Irish,’ a dúirt sé.

Thug sé cuid mhaith dá shaol ag iarraidh dul i ngleic leis an gceist sin agus thuig sé nach mairfeadh an Ghaeilge sa Ghaeltacht mura mbeadh stádas náisiúnta agus idirnáisiúnta aici agus nach mairfeadh sí go náisiúnta mura mbeadh Gaeltacht bheo ann.

Ba mhinic a phléigh mé na ceisteanna seo leis. Glaonna fada teileafóin, a bhíodh in amanna lándáiríre agus in amanna eile lán leis an ngreann agus leis an diabhlaíocht ba dhual dó. Braithfidh mé uaim go mór é. Ach ní tada an t-ualach ar ár gcroí ná an folús i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcomparáid leis an bhfolús atá fágtha i saol Áine, a bhean chéile, a anamchara agus a chrann taca, agus i saol Bhridie agus Sheáin, a dheartháir agus a dheirfiúr chomh maith lena ghaolta eile.

Aon áit ar fud an domhain a bhfuil meas ar chearta teanga agus ar theangacha atá faoi bhrú cuimhneofar ar an Dr Peadar Ó Flatharta.

Anseo ina cheantar féin, cuimhneofar ar Pete Chuileán, Pete Pheadair Sheáin Mháire, cara dílis, fear éirimiúil, léannta, fear umhal, laoch agus ceannródaí a sciobadh uainn róluath, ag tráth a raibh oiread eile le tairiscint fós aige don náisiún Gaelach.

Mar a dúirt an file fadó, ‘Bhí sé beoga, cróga, críonna’.

B’in Peadar Ó Flatharta… as an gCeathrú Rua i gConamara, in Éirinn.

Go ndéana Dia grásta ar a anam uasal agus go dtuga sé misneach do Áine, dá ghaolta agus dá chairde ar fad.

Tá an t-alt seo bunaithe ar an gcaint a thug an t-údar ag Aifreann sochraide Pheadair Uí Fhlatharta i Séipéal Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Conamara, ar an 24 Nollag, 2016.

Údar agus iriseoir é Seán Ó Cuirreáin. Bhí sé ar an gcéad Choimisinéir Teanga sa Stát.