An Ísiltíris ar ‘Ab Bu Búna’ — Ag Aistriú Cré na Cille

Alex Hijmans
An Ísiltíris ar ‘Ab Bu Búna’ — Ag Aistriú Cré na Cille

markwickham.org

Déanann Alex Hijmans cur síos ar na dúshláin a bhí roimhe agus Cré na Cille á aistriú go hÍsiltíris aige

Baineadh siar asam nuair a cuireadh ceist orm, tuairim is trí bliana ó shin anois, an mbeadh spéis agam Cré na Cille a aistriú go dtí mo theanga dhúchais, an Ísiltíris. Ach oiread le mórán Gael, ní raibh mórshaothar an Chadhnaigh léite agam. Ach bhí an dráma agus an scannán feicthe agam, agus, dá bharr sin, bhí drogall orm glacadh leis an gcuireadh. An raibh mé ag iarraidh bliain nó os a chionn de mo shaol a chaitheamh le scéal nach raibh plota ar bith ag baint leis, ach a bhí 364 leathanach ar fhad? I gcuideachta scata carachtar nár bhain liom féin, fear cathrach, a bheag nó a mhór? Agus, in ainm Dé, cén Ísiltíris a chuirfeadh duine ar ‘ab bu búna’?

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Alex Hijmans

Is scríbhneoir agus iriseoir é Alex Hijmans. Tá céim sa Léann Ceilteach ó Ollscoil Utrecht agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil Éireann Gaillimh. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin mar tuairisceoir do RTÉ agus TG4 agus don nuachtán Foinse. D'fhoilsigh sé roinnt leabhar le Cois Life, ina measc: Favela (2009), Aiséirí (2011), Gonta (2012), Splancanna ó Shaol Eile (2013), An Tearmann (2016) agus Idir Dhá Thír (2017). Bhí mar eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2000 go dtí mí an Mheithimh 2001