An mbeidh lá eile ag an Lulach?

Alex Hijmans
An mbeidh lá eile ag an Lulach?

Is breá le muintir na Brasaíle na telenovelas ach is le cúrsaí polaitíochta a bhaineann an sobaldráma is mó atá acu faoi láthair, a scríobhann Alex Hijmans

Dream iad muintir na Brasaíle a bhfuil dúil ar leith acu i sobaldrámaí. Caitheann cuid mhór den daonra an oíche ar fad os comhair na teilifíse ag breathnú ar na telenovelas, ceann i ndiaidh a chéile, gan eatarthu sa sceideal, ach an nuacht.

Ach le tamall fada anuas, sobaldráma atá sa nuacht féin. Agus is é an t-iar-uachtarán Luiz Inácio da Silva, nó Lula mar is fearr aithne air, laoch an tseó.

An fhadhb le sobaldrámaí – go háirithe na cinn a bhíonn lonnaithe i bhfad ónár dtolg teolaí féin – ná nach gcuirimid spéis iontu go dtí go mbíonn siad faoi lánseol. Ach i gcás an tsobaldráma a bhfuil muintir na Brasaíle faoi gheasa aige faoi láthair, caithfimid dul ar ais chuig an tús.

Tháinig Lula ar an saol sa bhliain 1945 in oirthuaisceart thur, thirim na Brasaíle. Nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois, shocraigh a mháthair teitheadh ón triomach agus ón anachain. Thug sí a muirear ó dheas, go cathair Guarujá ar chósta an stáit São Paulo, gar do chalafort mór Santos, mar a raibh athair Lula ag obair le roinnt blianta anuas. Trí lá dhéag a thóg an t-aistear sin – ar chúl leoraí. Chonaic Lula an Bhrasaíl. Ag ceann scríbe, thosaigh sé ag obair.

Dhíoladh sé oráistí agus é ina ghasúr. Agus é ina stócach, chuireadh sé snas ar bhróga. D’fhág sé an scoil agus é cúig bliana déag d’aois le dul ag obair go lánaimseartha i monarcha scriúnna. Trí bliana níos déanaí, chaill sé lúidín a láimhe clé i dtimpiste oibre. Sa bhliain chéanna, 1964, tháinig deachtóireacht mhíleata i réim sa Bhrasaíl.

Chaith Lula an chuid is mó de na 1970í agus tús na 1980í ag troid i gcoinne na deachtóireachta céanna. Agus é ina ard-rúnaí ar Cheardchumann na nOibrithe Miotail in São Bernardo do Campo, cathair thionsclaíoch i mór-réigiún São Paulo, bhí sé i gceannas ar shraith stailceanna ollmhóra a rinne dochar mór millteach d’eacnamaíocht na Brasaíle ar fad – ceann de na cúiseanna gur tháinig deireadh, sa bhliain 1985, le réimeas na nginearál.

Faoin am sin, bhí Lula ina zuachtarán ar pháirtí polaitiúil nua-bhunaithe: Páirtí na nOibrithe (PT). Seacht mbliana déag ina dhiaidh sin, tar éis gur theip air i dtrí iarracht, toghadh é ina uachtarán ar an mBrasaíl. Lá mór dóchais a bhí ann do na scórtha milliún sa tír: go staitistiúil, saol an bhochtáin ocraigh a bhí roimh Lula nuair a rugadh é, mar a bhí rompu féin. Ach seo é, fear cosúil leo féin, agus é tofa go daonlathach ar an tír is mó sa leathsféar theas.

Bhí aithne agam, tráth, ar fhear as stát Minas Gerais i gceartlár na Brasaíle a chaill lúidín a láimhe clé nuair a las sé pléascóg thine chun bua Lula sa toghchán uachtaránachta sin a cheiliúradh. Bhí bród as cuimse air gur chaill sé an mhéar chéanna agus a chaill Lula féin i dtimpiste oibre, agus lasadh a aghaidh agus scéal a thimpiste féin á insint aige.

Ní fhaca mé an fear seo le blianta fada, ach cuimhním air go minic na laethanta seo. An mbeadh na sceitimíní céanna air agus scéal a thimpiste féin á insint aige inniu agus a bhí thiar sa bhliain 2002? Nó ar tháinig díomá, fearg agus aiféala air ó shin – mar a tháinig ar go leor a chaith vóta do Lula an bhliain sin, agus arís in 2006?

Bhí Lula ina uachtarán ar an mBrasaíl idir 2003 agus 2010, agus ní féidir a shéanadh gur tháinig feabhas mór millteach ar chaighdeán saoil na cosmhuintire agus na meánaicme araon. Thug a chuid polasaithe sóisialta dhá scór milliún duine slán ón mbochtanas. Tháinig deireadh leis an ocras. Tháinig fás as cuimse ar an meánaicme. Den chéad uair le blianta fada, bhí ar chumas chuid mhór Brasaíleach dul ar saoire thar lear, nó pota iógairt a cheannach dá mbuailfeadh an fonn sin iad. Tharla sé sin ar fad gan praiseach a dhéanamh den gheilleagar, mar a bhí á dhéanamh béal dorais i Veiniséala ag Hugo Chávez. Bhí eacnamaíocht na Brasaíle ag dul ó bhuaicphointe go buaicphointe agus bhí Lula ina dhia beag ag daoine den eite chlé ar fud an domhan. Agus ní ag an eite chlé amháin. ‘That’s my man right there,’ a dúirt Barack Obama nuair a chas sé le Lula ag cruinniú mullaigh an G20 i Londain i dtús Aibreáin 2009. ‘The most popular politician on earth.’

Cothrom an lae sin deich mbliana níos déanaí, i dtús Aibreáin na bliana seo, tugadh Lula go príosún agus is ann atá sé fós agus an t-alt seo á scríobh.

Thosaigh fadhbanna Lula sa bhliain 2005, le scannal caimiléireachta ar a dtugtar an Mensalão – ‘An Mhóríocaíocht Mhíosúil’

Céard a tharla?

Thosaigh fadhbanna Lula sa bhliain 2005, le scannal caimiléireachta ar a dtugtar an Mensalão – ‘An Mhóríocaíocht Mhíosúil’, más maith leat. Fuarthas amach go raibh táille mhíosúil á híoc le baill pharlaiminte ó pháirtithe éagsúla lena dtacaíocht do pholasaithe Pháirtí na nOibrithe a chinntiú. Cé nár cruthaíodh riamh go raibh baint ag Lula féin leis an scéim, nó fiú go raibh sé ar an eolas faoi, tharla an chaimiléireacht agus é ina uachtarán ar an tír. Rinne scannal an Mensalão dochar do Pháirtí na nOibrithe, ach atoghadh Lula sa bhliain 2006 agus chríochnaigh sé an dara téarma aige le ráta tacaíochta 80%.

Dá mbeadh Lula tar éis rud beag tincéireachta a dhéanamh leis an mbunreacht an t-am sin, mar a rinne Hugo Chávez in Veiniséala agus Evo Morales sa Bholaiv, seans nach mbeadh sé sa chruachás ina bhfuil sé inniu. Dá bhféadfaí é a atoghadh go deo, seans mór go mbeadh sé fós i gcumhacht.

Ach bhí meas ag Lula ar an daonlathas agus ar an srian dhá théarma a bhaineann leis an uachtaránacht sa Bhrasaíl – sin, nó bhí sé lánchinnte de go n-oibreodh seift eile.

Toghadh ceann foirne Lula, Dilma Rousseff, ina huachtarán i nDeireadh Fómhair 2010 agus tháinig sí i gcomharbacht ar Lula ar an gcéad lá d’Eanáir 2011. Thuill sí go leor poiblíochta thar lear toisc gurbh í an chéad bhean í a toghadh ina huachtarán ar an tír is mó sa leathsféar theas, ach ba léir do chuid mhór Brasaíleach nach raibh inti, dáiríre, ach bean a thabharfadh aire do shiopa Pháirtí na nOibrithe fad is a d’éiligh an bunreacht go nglacfadh Lula sos ón uachtaránacht ar feadh téarma nó dhó.

Más amhlaidh gurbh é sin an plean dáiríre, theip air. Go tubaisteach.

Táinsíodh Dilma Rousseff i mí Lúnasa 2016, i lár an dara téarma aici, agus cuntasaíocht chruthaitheach curtha ina leith. Is fíor gur chuir sí cuma níos rathúla ar an státchiste ná mar ba cheart di – i mbliain toghcháin, 2014 – ach bheadh go leor tráchtairí idirnáisiúnta ar aon tuairim faoi go bhfuarthas réidh léi in iarracht stop a chur le fiosrúchán iomráiteach Lava Jato (‘Scairdsciúradh’) a cuireadh ar bun an bhliain sular táinsíodh í.

Íorónach go leor, is éard a bhí á fhiosrú ag póilíní feidearálacha na Brasaíle faoin oibríocht Lava Jato i dtosach báire ná scannal caimiléireachta a bhainfeadh go dlúth le Lula féin (mangaireacht tionchair atá i gceist, an iarraidh seo) ach faoin am seo is beag polaiteoir náisiúnta nach bhfuil luaite leis an scannal. Tá an t-uachtarán reatha Michel Temer, a tháinig i gcomharbacht ar Dilma Rousseff nuair a táinsíodh í, ina measc.

Ach is ar Lula a dhírigh an fiosrúchán ar dtús – géarleanúint pholaitiúil, a deir Páirtí na nOibrithe – agus i mí Iúil na bliana seo caite, ciontaíodh an t-iar-uachtarán as breabanna arbh fhiú nach mór milliún euro í a ghlacadh. Gearradh tréimhse príosúin naoi mbliana go leith air.

Agus ansin, thosaigh an sobaldráma i gceart. Ar feadh bliana, nach mór, bhí cosán dearg á dhéanamh ag Lula agus ag a chuid dlíodóirí chuig cúirteanna éagsúla ag déanamh achomhairc i ndiaidh achomhairc, go dtí gur dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach Fheidearálach habeas corpus dó i dtús mhí Aibreáin. Tugadh ceithre huaire is fiche don iar-uachtarán iomráiteach é féin a thabhairt ar láimh.

Is éard a rinne Lula an nóiméad a tugadh an t-ordú sin dó ná aghaidh a thabhairt ar fhoirgneamh Cheardchumann na nOibrithe Miotail in São Bernardo do Campo, cliabhán a shlí bheatha mar pholaiteoir. Gan mhoill, bhailigh na mílte dá lucht tacaíochta timpeall ar an bhfoirgneamh. Ní raibh héileacaptair na gcraoltóirí náisiúnta i bhfad ina ndiaidh, agus ar an bpointe boise bhí muintir na Brasaíle sáite sa teilifís d’eagrán cinniúnach sa sobaldráma.

Chuaigh an fógra ceithre huaire an chloig is fiche thart.

Níor thug Lula é féin ar láimh.

Thuig sé féin go raibh aghaidh na tíre ar fad air. Go raibh deis aige gníomh siombalach a dhéanamh. A mhisneach a thaispeáint.

Agus sciath chosanta deich míle duine timpeall ar fhoirgneamh Cheardchumann na nOibrithe Miotail, ní dhearna na póilíní tada. Dá ndéanfadh, tharlódh sléacht.

Thuig Lula an méad sin freisin. Bhí an gníomh siombalach a theastaigh uaidh a dhéanamh déanta aige, agus beochlúdach teilifíse faighte aige lena chois. Tar éis oíche agus lá eile i bhfoirgneamh an cheardchumainn, thug sé é féin ar láimh.

Tá Lula sa phríosún agus an t-alt seo á scríobh, ach ní chuirfinn geall gur ann a bheidh sé agus an t-alt seo á léamh agat. Tá achomharc eile á dhéanamh ag a chuid dlíodóirí agus má theipeann ar an gceann sin, ní chuirfinn as an áireamh fós go mbeidh lá eile ag an Lulach.

Go deimhin, tá sé ar intinn ar Lula seasamh i dtoghchán uachtaránachta mhí Dheireadh Fómhair agus tá sé deimhnithe ag Páirtí na nOibrithe nach mbeidh aon iarrthóir acu ach é, fiú agus é i bpríosún.

An dtarlóidh sé? B’fhéidir nach dtarlódh a leithéid i ngnáth-thír, ach seo í an Bhrasaíl. Seans go rithfidh sé fós leo siúd atá i gceannas i gcúl an chlaí – i bpasáistí dorcha na bhfoirgneamh rialtas, na gcúirteanna agus in áiteanna eile nach iad – gur fearr an diabhal a bhfuil aithne agat air ná an diabhal nach bhfuil: mura seasfaidh Lula, seans mór gurb é Jair Bolsonaro, iarrthóir de chuid na heite fíordheise, a chuirtear i gcomparáid go minic le Donald Trump, a thoghfar ina uachtarán i mí Dheireadh Fómhair.

Ach sin scéal do lá éigin eile.

Alex Hijmans

Is scríbhneoir agus iriseoir é Alex Hijmans. Tá céim sa Léann Ceilteach ó Ollscoil Utrecht agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil Éireann Gaillimh. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin mar tuairisceoir do RTÉ agus TG4 agus don nuachtán Foinse. D'fhoilsigh sé roinnt leabhar le Cois Life, ina measc: Favela (2009), Aiséirí (2011), Gonta (2012), Splancanna ó Shaol Eile (2013), An Tearmann (2016) agus Idir Dhá Thír (2017). Bhí mar eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2000 go dtí mí an Mheithimh 2001