'Leic mar thaobh aille, béal mar shruthán ceolmhar'

Kevin Hickey
'Leic mar thaobh aille, béal mar shruthán ceolmhar'

Súil ar shaol an amhránaí Gaeltachta Joe Éinniú, a bhfuil scannán faoi, Song of Granite, ar an ngearrliosta do na hainmniúcháin Oscar

Ocht mbliana nó mar sin a bhí idir Sorcha Ní Ghuairim agus Seosamh Ó hÉanaí agus, faoi mar a scríobh Liam Mac Con Iomaire, ‘thart ar an méid céanna de mhílte idir Roisín na Mainiach agus an Aird Thoir’ i gCarna, Conamara. Is beag an t-iontas, mar sin, go raibh fear na hAirde ar aon fhocal le bean Roisín na Mainiach nuair a dúirt sí nár cheart an téarma ‘sean-nós’ a úsáid, beag ná mór, le cur síos a dhéanamh ar amhránaíocht dhúchais na hÉireann.

Duine de na daoine a sheas le Sorcha Ní Ghuairim ab ea Aindrias Ó Muimhneacháin, ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Deir úr dósan, Cáit, a tháinig sa chéad áit i gcomórtas amhránaíochta na mban ag Oireachtas na bliana 1942, an bhliain chéanna ar thit an duais le Seosamh Ó hÉanaí i gcomórtas na bhfear.

‘An fonnadóir mná is fearr a chuala mé, Cáit Ní Mhuimhneacháin,’ a dúirt Seosamh le Maidhc P. Ó Conaola agus é á chur faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta roinnt mhaith blianta ina dhiaidh. ‘Agus tá mé ag ceapadh gurb é Seán Jeaic as an Aird an fonnadóir r is fearr a chuala mé, agus Johnny McDonagh [Seán ’ac Dhonncha] as an Aird Thoir, an bheirt acu sin’.

Fonnadóirí, fonnadóireacht agus “góilín” [gabháil fhoinn] a bheas faoi chaibidil ag muintir Iorras Aithneach i gCill Airne, más ea, seachas ‘sean-nós’, téarma a thug Conradh na Gaeilge isteach go hoi giúil ar chlár an Oireachtais nuair a athbhunaíodh an fhéile sin i 1939.

Cibé acu focal is fearr le daoine a rá, is léir go dtugann na hamhráin ardú meanman dóibh agus go gcabhraíonn siad leo dearmad a dhéanamh ar an saol ar feadh scaithimh. B’amhlaidh a bhí riamh agus é de chumhacht ag amhrán, mar a deir Liam Mac Con Iomaire, ‘scaipeadh a chur ar ghruaim agus an croí a ardú. Ba ionann a bheith ag gabháil fhoinn agus a bheith gan imní, fiú más amhrán brónach a bhí á ghabháil’. Is léir go raibh an ghné spioradálta seo den amhránaíocht lárnach i saol na ndaoine ar an Aird Thoir — nó ‘Aird an Chaisleáin’ — nuair a bhí Joe Éinniú ag fás aníos ann.

Ceantar an-saibhir go deo é ceantar Charna ó thaobh na hamhránaíochta agus na scéalaíochta, agus bhí idir amhráin agus scéalta go úirseach ag athair is ag máthair Sheosaimh, chomh maith leis na comharsana timpeall air. Lena chois sin, bhí agus tá cáil ar leith ar na hAirdeanna, an Aird Thoir agus an Aird Thiar.

Ba i scoil náisiúnta na hAirde Móire a casadh Seosamh agus Seán ’ac Dhonncha ar a chéile i dtosach. Mar seo a labhair Seán ’ac Dhonncha nó ‘Johnny Joe Pheaitsín’ i dtaobh duine de na múinteoirí a bhí sa scoil sin:

‘Ba deacair dúinn gan spéis a bheith againn sa sean-nós, mar bhí múinteoir againn sa scoil sin, Bean Uí Chonchúir, go ndéana Dia grásta uirthi, a mhúin agus a ghríosaigh gach páiste a bhí faoina cúram le spéis faoi leith a chur sa sean-nós amhránaíochta’.

Ainneoin bundifríochtaí a bheith idir an chaoi a múintí amhráin ar scoil agus an chaoi a ndeirtí cois teallaigh iad, bhí Seosamh go mór faoi chomaoin ag Bríd Ní Fhlatharta — Bean Uí Chonchúir — as an gCeathrú Rua, agus a fear, Seán Ó Conchúir, as contae Mhaigh Eo, fear a ndearna sé cur síos air mar ‘an múinteoir is fearr a tháinig go Conamara riamh’.

Ba léir cumas intinne Sheosaimh agus i 1935, fuair sé scoláireacht go Coláiste Éinde, a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath ag an am.

Sula ndeachaigh sé abhaile le haghaidh na Cásca, ghlaoigh duine de na sagairt a bhí i bhfeighil an Choláiste isteach ina oifig é agus dúirt leis gan teacht ar ais tar éis na saoire. Ní fios cén chúis a bhí leis seo ná cén míniú a tugadh do Sheosamh féin air; ceaptar go mb’fhéidir gur rud neafaiseach ar nós a bheith ag caitheamh toitíní ba chionsiocair leis, cé gur scéal eile ar fad a bhí ag Seosamh féin nuair a labhair sé ar an ábhar.

Ag caint dó le Mick Maloney, dúirt sé ‘…I don’t think I was smart enough and after a couple of years I didn’t succeed in going any further — let me put it straight — and I dropped out’.

Nuair a tharraing Maidhc P. Ó Conaola an t-ábhar aníos leis ar Raidió na Gaeltachta, dúirt sé: ‘Ní raibh mé sách cliste; sin é an chaoi lena rá, an dtuigeann tú? Ní raibh mé sách maith’.

Más fíor gur chreid Seosamh an méid seo faoi féin, ba dhóigh leat gur impostor a chuir an cogar sin isteach ina chluais an chéad lá riamh, i bhfianaise a ndúirt daoine eile mar gheall air. Duine acu sin ab ea Riobard Mac Góráin, dlúthchara leis a rinne taifead ar amhránaíocht Sheosaimh do cheirníní Ghael-Linn:

Measaimse go raibh saghas éirim nádúrtha an-chumhachtach ann, mar a déarfá. Agus sin é an fáth gur dóigh liom féin go ndearna an duine a rinne an bhreith sin éagóir air… Dá ndéanfaidís an rud céanna ar bhuachaill a mbeadh a mhuintir go maith as agus a bheadh in ann seans eile a thabhairt dó, ní bheadh sé chomh dona. Ach é sin a dhéanamh ar bhuachaill arb é sin an t-aon seans a bhí aige ag an am sin gnáthghairm a bhaint amach agus, i ndeireadh na dála, é a fhágáil sa riocht is go raibh air a bheatha a shaothrú le obair láimhe. Níl mé ag rá go raibh aon drochmheas ag Seosamh air sin. Ní éirí in airde a bhí ag cur as dó. Ach go bhféadfadh sé an éirim a bhí ann a chur chun tairbhe ar bhealaí eile dá bhfaigheadh sé an seans… Treise na héirime ann, sin é an rud a bheadh soiléir duit…

Má ghoill an méid a tharla sa scoil air, bhí tuilleadh briseadh croí i ndán don chréatúr. Tar éis dó traein a fháil as Baile Átha Cliath go Gaillimh, chuaigh sé siar go Carna ar an mbus. Nuair a shroich an bus Carna, chonaic Seosamh cónra á hiompar isteach sa séipéal agus d’fhiafraigh cé a bhí caillte. Dúradh leis gurbh é a athair féin a bhí ann.

Aoine an Chéasta a bhí ann thar laethanta an domhain agus is é a deir a bheathaisnéisí, Liam Mac Con Iomaire, ‘ó chuala mé an scéal brónach sin samhlaím go n-airím nóta breise bróin ina ghlór chuile uair dá gcasann sé ‘Caoineadh na dTrí Muire’’.

Radharc as Song of Granite

Ar ais ina dhúiche féin a bhí Seosamh anois, a dheis ar shaol níos fearr imithe sa bhfraoch air, agus a athair imithe ar shlí na fírinne. Má d’fhág an cor cinniúnach seo ina shaol go raibh sé thíos leis, bhí seans aige go leor a fhoghlaim óna ghaolta agus a chomharsana nach bhfoghlaimeodh sé go brách i gColáiste Éinde ná in aon choláiste eile. Chuir sé faobhar ar a chuid fonnadóireachta agus níorbh fhada go raibh sé ag casadh go poiblí.

Amhrán Béarla — ‘O’Brien from Tipperary’ — a chas sé ar dtús, ag bainis col ceathrair leis. Ansin, dúirt sé ‘Amhrán Rinn Mhaoile’ ag Feis Charna i 1940, amhrán a thuill an chéad duais dó agus a d’fhág gurbh fhéidir leis dul suas go Baile Átha Cliath mí Dheireadh Fómhair dár gcionn le páirt a ghlacadh san Oireachtas. Fuair sé cuireadh ar ais an darna geábh agus ba ag Oireachtas na bliana 1942 a casadh Séamus Ennis air, cor cinniúnach eile ina shaol.

Go luath i ndiaidh do Sheosamh an chéad áit a fháil ag an Oireachtas i 1942, chuaigh Ennis go Carna ag bailiú amhrán agus ceoil. ‘Amhrán Rinn Mhaoile’ an chéad amhrán a scríobh sé síos ó Sheosamh Ó hÉanaí. Ag caint dó le Proinsias Mac Aonghusa ar Raidió Éireann sna seascaidí, dúirt Ennis, ‘is é an t-ainm a thugann sé féin [Seosamh] air ‘Scríobhfainn agus Léifinn’’.

Choinnigh Ennis dialann agus é ag taisteal thart timpeall Charna. Scríobh sé an méid seo a leanas sa dialann Dé Luain, an 14 Nollaig, 1942:

‘Is ag Seán Choilm [Mac Donncha] agus muintir Uí Éanaí atá an ceol is fearr agus is údarásaí de chuid Chonamara a tháinig i mo threo go fóill, gan Fínis a áireamh. óigeas roinnt uathu atá an-aosta, táim cinnte, agus thairis sin is acu a fuaireas na ceolta ba chasta a fuaireas i gConamara — is mó atá siad cosúil le ceol maith na Mumhan mar [a]tá ag Cáit Ní Mhuimhneacháin agus Labhrás Ó Cadhla’.

Ainneoin gur chuidigh an méid sin le Seosamh aitheantas a fháil, ba dheacair dó slí bheatha a bhaint amach sa bhaile agus bhí sé gann ar airgead.

Cé is moite de sheal gairid a thug sé ag obair ag feirmeoir in oirthear na Gaillimhe agus ar an móin i gCill Dara, bhí isteach is amach le deich mbliana caite aige ar an Aird Thoir ón am a d’fhág sé Coláiste Éinde, agus i 1947, bheartaigh sé aghaidh a thabhairt ar Albain, mar a raibh uncail leis ina chónaí ann.

Phós sé am éigin ina dhiaidh seo ach níor ghnách leis labhairt ar an tréimhse ná ar an ngné seo dá shaol.

Ó dheas go Londain Shasana a chuaigh sé i 1951 agus uaidh sin go Southampton i 1955. Ba i Southampton a casadh Martin Byrne, as Cnoc Mhuire, contae Mhaigh Eo, air. Mar seo a labhair an fear céanna ar amhránaíocht Sheosaimh:

‘…when Joe got the proper response, something happened to him. His face would light up and he got so much pleasure out of seeing others getting pleasure. It was a kind of a gift, especially when he sang in Gaelic. He had that kind of voice. I was stunned and dumbfounded when I first heard Joe sing. I loved his singing even though I can’t sing myself. And I think that helped our friendship’.

Lean Seosamh air ag teacht abhaile le haghaidh an Oireachtais i mBaile Átha Cliath agus ba ag Oireachtas na bliana 1955 a casadh Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha air, fear a mbeadh cairdeas aige leis ar feadh a shaoil. Bhain sé an chéad duais i gcomórtas na bhfear an bhliain chéanna agus ba léir do chách a fheabhas a bhí sé mar amhránaí faoin am sin.

Ní hiontas, mar sin, gur tugadh cuireadh dó teacht abhaile as Southampton i 1957 chun páirt a ghlacadh sna hoícheanta seanchais a d’eagraigh Gael-Linn in Amharclann an Damer. Sin é an uair a chuir sé aithne ar bhainisteoir Ghael-Linn, Riobard Mac Góráin, duine eile a mbeadh cairdeas domhain aige leis go deireadh a shaoil.

Ag Máirtín Ó Cadhain a bhí an smaoineamh na hoícheanta seanchais a chur ar siúl agus ba é a mhol Seosamh Ó hÉanaí a fháil le casadh ar stáitse don dara babhta díobh, i 1957. Ní nach ionadh, tugadh suntas do Sheosamh agus dá chuid amhránaíochta. Seo blaiseadh den méid a dúradh i gceann de na nuachtáin tráthnóna ag deireadh na seachtaine seanchais:

The show was stolen by a traditional singer from Carna, Seosamh Ó hÉanaí, now resident in Southampton. His singing of ‘Caoineadh na dTrí Muire’ ( the Lament of the three Marys) drew round after round of applause from the capacity audience.

Mar seo a labhair an Cadhnach féin faoi in alt a scríobh sé san Irish Times an tseachtain chéanna:

In Caoine[adh] na dTrí Muire, he brings home to us the joys and sorrows of Mary with the intimacy and poignancy of a Fra Angelico painting. is tour de force forms between him and his audience a bond of sympathy which has scarcely been felt between any audience and actor in this city in our time. In agallamh le Pádraig Ó Raghallaigh ar Raidió Éireann ag deireadh na seachtaine sin, ghabh Seosamh buíochas leis ‘an duine uasal a chuir os orm, Riobard Mac Góráin, an fear a chuir an litir chugam a theacht chuig na hoícheanta seanchais’.

Nuair a fiafraíodh de san agallamh céanna an raibh sé i gceist aige teacht abhaile go hÉirinn, dúirt Seosamh, ‘thiocfainn ar ais go hÉirinn amárach dá mbeadh súil agam le tada a fháil ann. Thiocfainn ar ais ar leath na páighe atá mé a fháil faoi láthair.’

*****

Ainneoin na n-iarrachtaí breátha a rinne Riobard Mac Góráin agus Máire Nic Fhinn, cara mór leis as Tuar Mhic Éadaigh, post feiliúnach a fháil do Sheosamh in imeacht na mblianta, níor fhill sé abhaile riamh chun oibre. Is léir, áfach, nach raibh fonn air a bheith ag obair in oifig nuair a tháinig an crú ar an tairne.

Mar sin féin, d’éirigh le Riobard Mac Góráin Seosamh a thabhairt anall go Baile Átha Cliath chun a chuid amhránaíochta a thaifeadadh do cheirníní Ghael-Linn ag deireadh na gcaogaidí agus tús na seascaidí.

Sna blianta a lean, bhí Seosamh siúlach mar ba dhual dó a bheith agus is iomaí áit ar leag sé a chois ann chun stéibh d’amhrán a rá. Chuir sé aithne, dá bharr, ar leithéidí Pheggy Seeger, Gabe Sullivan, na Dubliners agus na Clancy Brothers. Thug na Clancy Brothers cuireadh anonn dó go dtí an Newport Folk Festival agus dúirt Liam Clancy ina dhiaidh, ‘Joe really bowled them over’.

An bhliain dár gcionn, 1966, chuaigh Seosamh go Meiriceá, áit a bhfanfadh sé go deireadh a shaoil, cé go leanfadh sé air ag teacht abhaile ar cuairt ó am go chéile. D’éirigh leis obair agus gradam a fháil nuair a cuireadh ag múineadh in Ollscoil Wesleyan, Connecticut é sa bhliain 1976. Go hOllscoil Washington, Seattle, a chuaigh sé ina dhiaidh sin. Amhráin agus scéalaíocht is mó a mhúin sé sa dá áit agus chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar a chuid mac léinn, dream nach raibh aon bhaint ag a bhformhór le hÉirinn beag ná mór. Ansin, i Lúnasa na bliana 1982, tráth dá raibh sé ag druidim le deireadh a shaoil, scríobh sé litir chuig a sheanchara, Máire Nic Fhinn, á rá:

Tharla rud mór dom féin, don Ghaeilge agus don sean-nós uilig. Fuair mé an National Heritage Award ó Rialtas na Státaí Aontaithe. Tharla sé sin cúpla seachtain ó shin… Seo é an chéad uair riamh a bronnadh an ‘Fellowship’ mar a thugann siad air. Plaque deas agus 500 dollar. Tá sé handy le haghaidh cúpla seachtain saoire.

Is é an gradam seo an gradam is airde ar fad i saol an cheoil dúchais i Meiriceá, a bhronnann dream darb ainm an National Endowment for the Arts. Ba léir nuair a bronnadh ar Sheosamh é gur féachadh air mar ealaíontóir dúchais i Meiriceá agus mar dhuine dá gcuid féin thall.

Tháinig sé abhaile tar éis an gradam sin a bheith bronnta air agus eagraíodh ceolchoirm mhór dó sa Cheoláras Náisiúnta.

Tigh Mhichael Davitt agus Mháire Nic Fhinn a d’fhan sé an t-am sin agus, faoi mar a scríobh Davitt féin ina dhán aithisc, ‘Dán do Joe, Lá Bealtaine 1984’, ‘Ba chomaoin ar an teach tú a theacht’.

Agus ómós á léiriú do sheanlitriú a bhaile dúchais — an litriú ab ansa le Seosamh féin — tagraítear sa dán céanna do scéalta Sheosaimh ‘fén seanashaol i gCárna’, a ‘thóir laethúil ar ronnachaí úraí’, a ‘mhallachtaí ar phúdarthae na málaí — dá dhuibhe’, agus a ‘shúile uaigneacha teallach-oscailte’. Iad siúd a raibh aithne acu air, aithneoidh siad na tréithe agus na dindiúirí sin, agus cuimhneoidh siad ar an nós a bhíodh aige a bhéal a chuimilt le naipcín bán idir dhá amhrán, nós ar cuimhin le Liam Mac Con Iomaire go mór é.

Dála ‘an bhainis Mheiriceá’ a bhí tigh Donoghue i mBaile Átha Cliath i 1971 — an bhliain ar eisíodh a chéad fhadcheirnín le Gael-Linn — ócáid thar a bheith corraitheach agus spioradálta a bhí i sochraid Joe Éinniú.

Ag labhairt dó ar an tsochraid chéanna sa Sunday Tribune agus ag cuimhneamh siar dó ar shaol Sheosaimh, dúirt Mick Maloney: ‘I was privileged to perform with him on several occasions in recent years, and as I watched him, I couldn’t help feeling that even his physical appearance, particularly his gaunt, craggy facial features, symbolised the rugged, dignified grandeur of the Conamara landscape whence he came’.

Ní foláir nó rith an méid sin leis an bhfile Jackie Mac Donncha chomh maith céanna sular chum sé ‘An tAmhránaí’:

Gruaig mar a bheadh fiataíl. Baithis mar leac.
Grua mar aill eidhin.
Srón mar chreig.
Leiceann mar thaobh aille. Béal mar shruthán ceolmhar.

Múnlaithe
ag fear na ceirde
an dealbhóir
as cloch eibhir Chonamara in Aird an Chaisleáin.

Ag an bhfile Corcaíoch, Michael Davitt, a chuir tús lena aistear teanga i ndúiche Cháit Ní Mhuimhneacháin, a fhágfad an focal scoir:

Nuair a dhúntá do shúile istoíche théimis ag siúl leat
siar na bóithríní
cosnochtaithe
ag portaireacht
ag cruinniú aislingí ar an Trá Bháin.

Tá an t-alt seo bunaithe go príomha ar bheathaisnéis Joe Éinniú, Nár Fhágha Mé Bás Choíche, le Liam Mac Con Iomaire

Kevin Hickey

Teagascóir, tráchtaire agus aistritheoir é Kevin Hickey