Is gá filleadh ar spiorad na meithle…

Tristan Rosenstock
Is gá filleadh ar spiorad na meithle…

markwickham.org

Labhair an scannánóir clúiteach Bob Quinn le heagarthóir liteartha Comhar

Tristan Rosenstock: Cad air a bhfuil tú ag obair faoi láthair?

Bob Quinn: Faoi láthair táim ag scríobh úrscéil. Úrscéal dystopian. An uair dheireanach a ndearna mé iarracht scannán a dhéanamh bhain sé leis na tuilte agus an éiceolaíocht. Bhí a lán rudaí ann; na tuilte, seanscéalta, amhránaíocht ar an sean-nós, seanchas… bhí mé ag iarraidh an iomarca a chur isteach ann. Dhiúltaigh chuile dhuine airgead a thabhairt dom. Ní raibh suim acu ann. Níl mórán suime san athrú aeráide sa tír seo anyways. Mar athraíonn an aeráid chuile nóiméad, tagann sé go nádúrtha chugainn. Ach nílimid dáiríre faoi, ainneoin [tuilte] Houston agus na rudaí atá ag tarlú don domhan. Is léir go bhfuil athrú aisteach ann agus ní thógaimid dáiríre é mar gheall ar an bhfeirmeoireacht. Níl muid ag iarraidh cur isteach ar an bhfeirmeoireacht mar is tionscal mór é. Tagann an tríú cuid den truailliú ó na beithígh. Tá faitíos ar na polaiteoirí aon rud a dhéanamh faoi. Mar sin bhí an taighde uilig déanta agam le trí nó ceithre nó cúig de bhlianta anuas mar go bhfuil an-suim agam ann agus shocraigh mé an taighde a chur isteach in úrscéal. Ní úrscéalaí mise! Ach táim ag déanamh iarrachta agus tá cúig nó sé de leaganacha scríofa agam agus anois tá mé ar an gceann deireanach.

TR: Tá beagnach daichead bliain ó eisíodh do scannán Poitín. Ní raibh poitín ceadaithe an t-am sin, ach an raibh scannáin Ghaeilge ceadaithe? Cé chomh dána is a bhí sé daichead bliain ó shin scannán Gaeilge a dhéanamh?

BQ: Ní raibh éinne ag déanamh scannán Gaeilge. Chuir mé cúrsa scannánaíochta ar siúl — an chéad chúrsa scannánaíochta sa tír — thiar ar an gCeathrú Rua. Oíche amháin in aghaidh na seachtaine ar feadh sé seachtaine a bhí i gceist agus thagadh thart ar dheichniúr. D’iarr mé orthu dráma nó scannán beag a scríobh agus thug Colm [Bairéad] an script seo dom agus dúirt mé gur mhaith liom scannán a dhéanamh de agus rinne mé an scannán. Dráma stáitse a bhí ann i dtosach. Agus chuir mé isteach ar an gcéad chomórtas scannánaíochta a d’eagraigh an Chomhairle Ealaíon é agus bhuaigh sé an duais agus lean mé ar aghaidh leis an scannán.

TR: Aithnítear mar shárshaothar anois é ach conas mar a ghlac an pobal leis ag an am?

BQ: Bhuel bhí sé cineál gruama mar scéal agus níor thaitin sé le cuid mhaith daoine. Chuir sé isteach ar roinnt mhaith daoine anseo, agus dúirt siad ‘we never killed a dog like that’. Taispeánadh ar Lá ’le Pádraig é agus bhí daoine corraithe mar gur shíl siad nár chóir scannán mar sin a thaispeáint an lá sin. Chuir mé chuig an BBC é agus dúirt bean an-deas liom: ‘I don’t think it’s for us. And I don’t think I’d like to live on your island.’ Ach an cruthúnas gur scannán maith é ná go dtaispeántar fós é ar fud an domhain. I Meiriceá, ach go háirithe, in ollscoileanna. Daoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. Agus is stair é, mar tá an domhan athraithe. Tá Conamara athraithe. Ach an uair sin daichead bliain ó shin bhí sé rougháilte, agus sin an rud a thaitin liom. Ní raibh sé suburban. Tá sé suburban anois. Ach ní raibh ag an am sin. Agus bhí neart coirpeach ann. Bhí an-time againn, bhí an-spraoi againn.

TR: Rinne tú scannán de Chaoineadh Airt Uí Laoghaire chomh maith, gan dabht. An dóigh leat go bhfuil tobar saibhir againn i litríocht na Gaeilge agus gur chóir do scannánóirí an lae inniu tarraingt ón tobar sin?

BQ: Bhuel níl aon suim ag daoine sa Ghaeilge níos mó ná i scannánaíocht Ghaeilge, feictear domsa. Is tionscal anois é. Tá sé deacair airgead a fháil le scannán Gaeilge a dhéanamh. Nó b’fhéidir go bhfuilim out of touch mar ní bhacaim mórán leis an tionscal scannán ar chor ar bith. Mura bhfuil siad cosúil le scannáin Mheiriceá níl aon mhaith iontu, de réir an tionscail. Anois tá eisceachtaí; an scannán álainn a rinne Pat Collins, Silence. Agus an ceann faoi Joe Heaney [Song of Granite], bhí sé sin suimiúil. Ó thaobh na scannánaíochta de, bhí sé go hálainn.

TR: Ag dul siar chuig lár na 1970í nuair a bhí an Caoineadh déanta agat, obair ealaíonta cheannródaíoch, ar shíl tú go raibh síol á chur agat maidir le scannáin Ghaeilge?

BQ: Ní raibh clue agam. Agus ní raibh aidhm ar bith agam lena leithéid sin. Bhí mé díreach ag iarraidh scannán a dhéanamh de Chonamara. Bhí mé ar imirce ó Éirinn. D’fhág mé Éire agus chuaigh mé ar imirce go Conamara. Ní raibh suim dá laghad agam sa tír ná i nGaeilge na tíre i gcoitinne. Ach bhí suim agam i gConamara, i muintir Chonamara, agus an teanga a labhraíodh i gConamara, shíl mé go raibh sí i bhfad níos áille agus níos nádúrtha ná an Ghaeilge a mhúin na Bráithre Críostaí. Bhí mise ag díriú isteach go hiomlán ar Chonamara. Ní raibh suim dá laghad agam i mBaile Átha Cliath ná i nGaeltachtaí eile ach oiread. Ba chineál tearmann é Conamara dom.

Radharc as Poitín le Bob Quinn

TR: Maidir les an bpróiseas, an inseofá dom faoi thábhacht an chaidrimh idir an scríbhneoir agus an stiúrthóir? An dtagann mórán athruithe ar an script le linn an phróisis scannánaíochta féin?

BQ: Braitheann sé ar an stiúrthóir. Mura n-athraíonn an stiúrthóir an script ní stiúrthóir maith é. Níl suim aige ann mura n-athraíonn sé an script. Is tionscal anois é agus níl sna stiúrthóirí anois ach journeymen. Mar a dúirt mo mhac, a bhíonn ag obair mar stiúrthóir i Sasana leis an mBBC agus Channel 4, ‘I’m just a shot harvester’. ‘Séard atá i gceist aige ná go bhfuil na mílte léiritheoirí agus léiritheoirí feidhmiúcháin agus caithfidh sé an t-uafás seatanna a ghlacadh i dtreo is go mbeidh rogha acu. Níl seisean i gceannas ar an rud deireanach. Agus is trua sin mar tá tallann ag an bhfear sin. Ba bhreá liom dá ndéanfadh sé fadscannán. Ach deir sé nach fiú é. Mar uimhir a haon, caithfear slí bheatha a bhaint amach. Agus uimhir a dó bheadh an iomarca léiritheoirí agus léiritheoirí feidhmiúcháin agus lucht airgid agus ar deireadh ní bheadh smacht agat ar an scannán. Tá trua agam do scannánóirí anois mar tá sé deacair orthu. Mar caithfidh siad dul tríd an méid sin bureaucratic shit agus caitheann siad an iomarca fuinnimh ag iarraidh na léiritheoirí agus lucht an airgid a shásamh. Tá sé an-deacair d’ealaíontóir dul isteach i dtionscal na scannánaíochta agus níor mhaith liomsa a bheith páirteach ann níos mó.

TR: Nuair a bhí scannáin á ndéanamh agat is léir go raibh spiorad na meithle i gceist, agus go raibh tú féin agus do chomrádaithe scannánaíochta ag obair as lámha a chéile. An dóigh leat go bhfuil gá le cur chuige den chineál sin inniu? Ar chóir do scríbhneoirí, scannánóirí, lucht ceamara agus fuaime teacht le chéile ina meithleacha chun tograí a chéile a dhéanamh?

BQ: Ba bhreá liom é sin a fheiceáil. D’oibrigh mise ar scannáin Joe Comerford, d’oibrigh Joe ar mo scannáin, d’oibrigh Cathal Black linn agus bhí Roger Doyle i gcónaí ag tabhairt ceoil dúinn agus mar sin bhí cineál meitheal neamhfhoirmeálta ann. Dá mbeadh duine amháin ag déanamh scannáin chabhródh an chuid eile. Rinne mise an fhuaim do Joe Comerford, rinne seisean an cheamaradóireacht domsa. Rinne Cathal ról an leas-stiúrthóra dom le Poitín. Cairde ab ea muid.

TR: Cén treoir a bheadh agat don scríbhneoir óg atá i ndiaidh cúpla script a scríobh agus ar mian leis nó léi go ndéanfaí scannáin díobh? Cén treoir a thabharfá don té sin?

BQ: Níl a fhios agam. B’fhéidir nach bhfuil mé dóchasach níos mó. Tá trua agam d’éinne atá ag iarraidh scannán i nGaeilge a dhéanamh. Ach amháin go bhfuil an saol athraithe ar fad. Is féidir le héinne scannán a dhéanamh. Ceapann daoine má tá an ceamara agus an trealamh agat gur féidir leat scannán a dhéanamh. Ach sin an rud deireanach sa scannánaíocht. An príomhrud ná an bunsmaoineamh. Agus má tá an smaoineamh sách láidir agus má tá an duine dáiríre agus má tá sé desperate, déanfaidh sé scannán. Is í an teicneolaíocht an rud is lú ó thaobh tábhachta. Is é an bunsmaoineamh an rud is tábhachtaí. Sin an rud a deirim le héinne a lorgaíonn comhairle uaim, deirim: “an bhfuil smaoineamh agat, an bhfuil bunsmaoineamh agat agus an bhfuil sé chomh láidir sin nach féidir fáil réidh leis?”

TR: Fógraíodh an scéim Cine4 níos túisce i mbliana le fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt agus a léiriú. An dtugann sé sin misneach duit maidir le scannáin Ghaeilge a bheith á léiriú?

BQ: Níl aon suim agam ann níos mó. Tá mo ré thart agus tá mé breá sásta ag díriú ar an scéal seo atá á scríobh agam. Níl mé in ann níos mó ná rud amháin a dhéanamh ag an am, dírím ar sin agus déanaim dearmad de chuile rud eile.

Tristan Rosenstock

Tá Tristan Rosenstock ina eagarthóir liteartha ar Comhar ón mbliain 2017 i leith. Chuir sé féin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh an cnuasach aistí Inside Innti: A new wave in Irish Poetry (Cork University Press, 2023) in eagar. Tá leabhar do léitheoirí óga foilsithe aige dar teideal Inis Mara (LeabhairCOMHAR 2022). Craoltóir is ea é le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, mar aon le cláir liteartha eile. Tá sé ar bhord stiúrtha Éigse Éireann agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus beirt léitheoirí óga acu.