Inis Mara

Inis Mara

Údar
Tristan Rosenstock
Maisitheoir
Mark Wickham
Praghas
€12.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • Aoisghrúpa: 10–14
  • ISBN: 978-1-9196013-9-7
  • Líon leathanach: 82
  • Bliain foilsithe: 2023
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Bhí saol breá ag muintir Inis Mara agus bhí gach duine sona sásta. Ach nuair a cheaptar an Santóir mar cheannaire, téann gach rud in olcas agus milleann sé an t-oileán álainn le haer salach. Tá cailín cróga ar an oileán a spreagann gach duine chun seasamh a thógáil agus beartaíonn Éabha a dícheall a dhéanamh chun an Santóir a stopadh.

Scéal comhaimseartha eachtraíochta atá anseo a bhaineann le cúrsaí athrú aeráide, leis an tábhacht a bhaineann le bheith ag comhoibriú le daoine eile, agus le tábhacht na fírinne. Bainfidh léitheoirí óga agus aosta taitneamh agus tairbhe as eachtraí Éabha agus í ag iarraidh a pobal a thabhairt slán ón gceannaire cam atá ag milleadh an oileáin. Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

“Scéal tráthúil, taitneamhach agus spreagúil ... le teachtaireachtaí a théann i bhfeidhm go mór ar an léitheoir.”

– Áine-Máire Ní Cheallaigh, Stiúrthóir, Baile Átha Cliath UNESCO Cathair Litríochta

About the book

The people of Inis Mara had a lovely life and everyone was happy. But when 'an Santóir' becomes the leader, everything goes downhill and he ruins the beautiful island with dirty air. There is a brave girl on the island who inspires everyone to take a stand and Éabha decides to do her best to stop 'an Santóir'.

This is a modern adventure story about climate change, the value of working with others, and the importance of the truth. Readers both young and old will enjoy and benefit from Éabha's adventures as she tries to save her community from the crooked leader who is destroying the island. And the story reminds us over and over again that no man is an island.

"A topical, enjoyable and inspiring story ... with messages that really affect the reader."

– Anne-Marie Kelly, Director, Dublin UNESCO City Of Literature

Údar

Tristan Rosenstock

Tristan Rosenstock

Craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir is ea Tristan Rosenstock. Bhain sé céim amach sa Nua & Luath-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide agus ina dhiaidh sin ghnóthaigh sé céim MA i gCúrsaí Teilifíse & Scannán i gColáiste Chathair Bhaile Átha Cliath. Blianta caite aige mar chraoltóir teilifíse agus raidió. Bhuaigh clár ómóis do Seamus Heaney a chuir sé i láthair duais IFTA agus bhuaigh clár raidió faoi shaothar Gaeilge Bhreandán Uí Bheacháin a léirigh sé duais PPI. Léirigh sé ceirnín filíochta dar teideal Fuil ar an Rós a bhí mar chuid de chomóradh 1916. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada. Tá sé ag obair anois mar Eagarthóir liteartha ar Comhar.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Mark Wickham

Dearthóir agus maisitheoir é Mark Wickham as Corcaigh ach tá cónaí anois air cois farraige i mBaile Átha Cliath lena theaghlach. Tá sé ag obair in earnáil na foilsitheoireachta le 20 bliain anuas, ag obair go minic mar mhaisitheoir ar thréimhseacháin. Bhí a shaothar ar taispeáint mar chuid de thaispeántais ghrúpa in Éirinn agus thar lear agus tá pictiúrleabhair do pháistí maisithe aige. Ainmníodh ceann amháin de na pictiúrleabhair sin do leabhar páistí na bliana ag na Irish Book Awards.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…