Mallacht sé bliana a cuireadh ar an scríbhneoir scripte

Antoin Beag Ó Colla
Mallacht sé bliana a cuireadh ar an scríbhneoir scripte

markwickham.org

Bíonn siúlach scéalach agus is mór an inspioráid a fhaigheann Antoin Beag Ó Colla ó bheith amuigh ag siúl i gcathracha na tíre

Thosaigh mé ag scríobh scripteanna nuair a bhí mé im’ mhac léinn in DIT. Bhí mé ag déanamh staidéar ar na meáin chumarsáide mar bhí suim mhór agam sa scannánaíocht, teilifís agus raidió. Bhí mé gafa le scannánaíocht agus le scannáin áirithe nuair a bhí mé im’ dhéagóir, scannáin cosúil le Scream, Dogma agus Don’t Be A Menace. Shíl mé fhéin go raibh na scannáin seo níos bríomhaire ná leabhar ar bith agus sílim go mbíonn éifeacht áirithe ag scannáin orm. Níl mé cinnte go bhfuil an éifeacht chéanna ag leabhair orm. Bíonn daoine ag léamh leabhar agus iad ag taisteal chun na hoibre agus dá bharr sin, cailleann an téacs draíocht éigin, sílim. Níl tú sa domhan céanna leis na carachtair, tá tú ar an 46a. Ní dóigh liom go bhfuil an rud céanna fíor le scannáin mar go bhfuil tú ag breathnú ar scannán ins an phictiúrlann nó ar an tolg ag deireadh an lae. Nuair atá tú ag féachaint ar scannán tá tú ag ligint do scíthe agus tá tú sáite ins an domhan nua seo agus dá réir sin uilig, tá éifeacht i bhfad níos mó aige ort.

Tá sé iontach deacair script a scríobh. Seans maith go mbeidh tú ag scríobh scripte tar éis na hoibre mar níl mórán deiseanna ag scríbhneoirí a bheith ag scríobh go lánaimseartha. Seans maith go bhfuil tú tuirseach agus tá tú i do shuí os comhair ríomhaire agus gach aon suíomh ansin le tú a chur ar strae. Glacann sé cuid mhór disciplín agus dianseasmhacht chun script a scríobh. Freisin, nuair atá tú ag scríobh scripte tá a fhios agat go bhfuil seans mór ann nach mbeidh an script seo choíche le feiceáil ar an scáileán. Tá obair ollmhór i gceist chun taifeadadh a dhéanamh ar script ar bith agus bíonn an guth diúltach sin i gcloigeann s’agat, agus sílim i gcloigeann gach scríbhneora, ag insint duit go bhfuil tú ag cur amú do chuid ama. Is próiseas fada agus próiseas leadránach atá ann. An chuid is mó den am tá tú ag breathnú ar leathanach bán nó ar na focail chéanna agus tú ag fanacht le hinspioráid. Mar a deir Ernest Hemingway, “Writing is rewriting” agus tá an ráiteas sin go hiomlán fíor.

Scríobh mé script do ghearrscannán sa bhliain 2010, scannán dar teideal An Mhallacht atá bunaithe ar an mallacht a luaitear le peileadóirí Mhaigh Eo. Bhí mé breá sásta leis an script agus sheol mé isteach é chuig an gcomórtas scannánaíochta Físín, mar chuid d’Fhéile Scannánaíochta Dhaingean Uí Chúis. Dá n-éireodh leis bheith ar an ngearrliosta bheadh orm pitseáil a dhéanamh ar an script agus bhronnfaí €7000 ar an mbuaiteoir chun an scannán a dhéanamh. Bhí díomá orm nuair a chonaic mé nach bhfuair mé ar an ngearrliosta ach bhí a fhios agam go raibh smaoineamh maith agam agus chuaigh mé ar ais ag an script sin, arís is arís. Sheol mé isteach an script ag an gcomórtas arís in 2016 agus ní hamháin go bhfuair mé ar an ngearrliosta an iarraidh seo ach bhuaigh mé an comórtas. Ghlac sé sé bliana chun an scannán a dhéanamh ach níor stop mé ag obair ar an script mar bhí a fhios agam go raibh bunsmaoineamh speisialta agam.

Radharc as An Mhallacht

Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas scríbhneoireachta. Buaileann inspioráid mé i ndóigheanna greannmhara. Le An Mhallacht d’inis cara liom darbh ainm Paul Davis an scéal uilig faoin mallacht agus muid ag siúl síos an bóthar i nGaillimh. Shíl mé go raibh an scéal chomh haisteach agus ghlac mé mar phointe tosaigh é chun an script a scríobh. Le mo scannán Rúbaí, tharla eachtra iontach greannmhar. Bhí mé ag siúl isteach go Baile Átha Cliath maidin Sathairn áirithe agus chonaic mé rud inteacht aisteach ag tarlú taobh amuigh de theach an phobail. Tharraing an limo mór millteach seo suas agus léim an cailín seo amach as. Shílfeá leis na daoine a bhí timpeall uirthi gur Lady Gaga a bhí ann ach cailín óg a bhí ag déanamh an Chéad Chomaoineach a bhí ann. Ansin léim a máthair amach, agus í an-ghléasta freisin. Ach ansin tháinig an t-athair amach as an limo, fear a bhí feistithe go deas agus ar a lámha bhí glais lámh. Bhí sé ceangailte le Garda! Caithfidh sé go raibh sé amuigh ar scaoileadh lae ón bpríosún. Níl a fhios agam cad a tharla ach bhuail inspioráid mé agus scríobh mé dréacht de Rúbaí taobh istigh de sheachtain.

Fadhb mhór a bhaineann leis an scríbhneoireacht don scáileán ná nach bhfuil scríbhneoirí ag scríobh faoin saol a bhfuil cur amach acu air. Déanann siad iarracht scripteanna a scríobh atá lán le gnéas agus foréigean. Sílim féin go bhfuil an lucht féachana tinn díobh sin. Tá an lucht féachana ag cuardach rud éigin níos spéisiúla. Sílim gurb in an fáth go bhfuil ag éirí go maith liom féin, mar go bhfuil mo scripteanna bunaithe ar imeachtaí a bhfuil muid uilig eolach fúthu — leithéidí an Chéad Chomaoineach agus mallacht Mhaigh Eo — agus go gcuirim mo stampa féin ar an scéalaíocht.

Níl mórán scéimeanna ann fá choinne scríbhneoirí don scáileán agus fiú má bhíonn an t-ádh ort agus má fhaigheann tú maoiniú ní bheidh go leor ann chun fís s’agat a chur ar an scáileán. Bíonn ceist le freagairt agat; an bhfuil sé níos fearr an scannán a dhéanamh ar an maoiniú sin agus an script a athrú dá réir nó an bhfuil sé níos fearr fanacht agus iarracht a dhéanamh tuilleadh airgid a lorg ó fhoinsí eile? Déantar a lán gearrscannán in Éirinn ar bhuiséad scallta agus mar scríbhneoir ba mhaith leat do chuid oibre a bheith le feiceáil ar an scáileán ach, ag an am céanna, níl tú ag iarraidh éagóir a dhéanamh ort féin agus scannán a thaifeadadh nach bhfuil bunaithe ar an script is fearr a d’fhéadfá a scríobh. Mar scríbhneoir, ní bheidh tú go hiomlán sásta leis an scannán críochnaithe mar ní bhíonn sé díreach cosúil leis an bhfís a bhí agat féin.

Faoi láthair tá mé ag obair ar scripteanna s’agam fhéin. Tá mé ag díriú isteach ar scéalta ina bhfuil greann dubh. Ag an bhomaite tá mé ag obair ar The Talk faoi thuismitheoirí atá ag iarraidh labhairt le mac s’acu faoi chúrsaí gnéis mar go bhfuil sé ag an aois sin ach tá sé fhéin níos eolaí nó iad fhéin mar go bhfuil gach rud ar an bhfón póca.

Taobh amuigh de sin tá mé ag obair ar Callan’s Kicks ar RTÉ Radio 1 ag scríobh sceitseanna le Oliver Callan agus ins an bhliain úr beidh mé ag obair i seomra scripte Fair City ag obair ar shnáitheanna scéalta. Freisin, tá scannán grinn á scríobh agam fhéin agus James Cotter darbh ainm Na Gaeilgeoirs. Ba é James a chruthaigh Republic of Telly agus oibrímid go maith le chéile. Tá an script faoi bheirt chairde as Gaeltacht Dhún na nGall atá ag brionglóideach faoi bheith ina gcoraithe cáiliúla agus a théann go Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh i gcomórtas coraíochta. Tá muid ag an staid is fearr anois, tá muid ag cuardach maoiniú!

Antoin Beag Ó Colla

Is scríbhneoir scripte é Antoin Beag Ó Colla