Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna
Le Diarmuid Johnson. Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Leabhar Breac. 2017.
LÉIRMHEAS: Liam Mac Mathúna
Faoi mar a deir Diarmuid Johnson i ‘Nóta ón Údar’ ar chúl Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna, is é rud atá sa leabhar seo ná ‘athinsint ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga’. Bíodh is nach raibh oiread tráchta ar an téacs seo lenár linn is a bhí ar chuid den Rúraíocht is den Fhiannaíocht, áitíonnn sé gur ‘scéal ealaíonta ársa atá ann nach bhfuil a leithéid eile sa nGaeilge ná i dteangacha na hEorpa’. Ba dheacair gan géilleadh dó sa mhéid seo.
Stíl fhuinte ghonta a shaothraíonn an t-údar san athinsint Nua-Ghaeilge in Conaire Mór, agus éiríonn leis atmaisféar míshuaimhneach corrach na heipice Sean-Ghaeilge a athchruthú agus a chur ina bhrat osréalaíoch um léitheoir an lae inniu ó thús deireadh.
Ar altramas le triúr mac an Doinn Déise a bhí Conaire, laoch an scéil, agus é ag teacht ‘in aois is in inmhe’. Deirtear go gcaithidís an lá ‘seal le fiach, seal le ficheall, agus seal le foghlaim’:
D’ithidís ceathrar a gcuid bia in éineacht lena chéile. Léine is bríste, clóca is coisbheart orthu triúr a bhí ar aon dul agus ar aon dath lena chéile. A gcuid capall ar aon dealramh lena chéile. Sleá is sciath an duine acu a bhí ar aon déanamh lena chéile.
D’éirigh Conaire aníos ina ógánach luath láidir, stuaim ina láimh, grinneas ina shúil, agus foighid ina chroí. D’fhoghlaim sé na seacht gcleasa gaisce, chuir sé eolas ar chrainn na coille, ar gach luibh dá laghad, ar bhéarla na n-éan, agus ar rún na réalt agus na gealaí. D’fhoghlaim sé cleas an chrainn tabhaill, cleas sleá is carbaid dá réir. Chuir sé barr ar an trí bhua, áireamh, éisteacht agus amharc, agus ní fada go raibh sárú a chuid oidí ann, agus sárú gach oide sa tír (lgh 12–13).
Tháinig an lá gur roghnaíodh Conaire mar rí ar Theamhair, dá óige é ag an am. Buaileadh scata geiseanna anuas air, áfach, foláirimh a thug treoir dó agus a chros air rudaí áirithe a dhéanamh. Lean teannas coscrach na foláirimh seo, d’ainneoin an rath a bhí ar an tír bliain i ndiaidh bliana de bharr dhea-fhlaitheas Chonaire. Ach is amhlaidh a d’éirigh triúr mac Doinn Déise cortha de shaol leamh socair na síochána agus shantaigh aighneas agus imreas. Theip ar Chonaire fíor flatha nó breithiúnas cóir a chur i bhfeidhm i gcás an triúir seo a tógadh mar chomhaltaí leis féin. Chuaigh sé leath slí lena phionós orthu, agus dhíbir as Éirinn iad. Ach má dhíbir, chuadarsan i bpáirt le hIngéal Caoch, mac rí Breatan, agus i mbun díbheirge ar oileán na Breataine, mar ar dheineadar slad agus scrios. D’fhill siad ar Éirinn ina dhiaidh sin chun an comhar a dhíol le hIngéal Caoch, agus d’ionsaíodar go léir Bruíon Da Derga i gCualainn. Troideadh cath fíochmhar i mbéal na bruíne. Chuaigh idir gheiseanna is dhualgais in aimhréidh ar Chonaire Mór, sa tslí gur maraíodh é i ndeireadh na scríbe.
In oirthear na tíre, i gCúige Laighean atá an scéal seo suite. Díol suntais iad na logainmneacha, go háirithe na cinn a mhaireann anuas go dtí an lá atá inniu ann. Tá cuid acu seo rianaithe sa léarscáil atá le fáil ag tosach an leabhair — leithéidí Teamhair, Maigh Bhré, An Life, Abhainn na Dothra, Slí Chualann, Binn Éadair agus Trá na Fuirbean (is é sin, Trá Mhuirfean).
An easpa tráchta ar an scéal seo lenár linn, a luadh cheana, músclaíonn sé pointí suimiúla maidir le comhthéacs ginearálta an leabhair seo. Dá mhealltaí é mar shaothar, dar le scoláirí agus léitheoirí an lae inniu, is suaithinseach an rud é a laghad athleaganacha Gaeilge a spreag Togail Bruidne Da Derga le breis agus míle bliain anuas, agus is cinnte gur ábhar fiúntach machnaimh agus taighde ann féin an méid sin. Ach tá ponc suaithinseach eile ag roinnt leis an soláthar Nua-Ghaeilge ar scéalta na Sean-Ghaeilge. Pé ní faoi chineál na teanga Gaeilge ón mbliain 1200 anuas, tá an bhearna idir teanga ré na hathbheochana agus an Ghaeilge a scríobhadh roimh 1200 chomh mór sin gur dóichí gur taobh le haistriúcháin Bhéarla a bhí na húdair a d’fhéach le leaganacha Gaeilge de na seanságaí a sholáthar, lán chomh mór le húdair Bhéarla ar nós an Bhantiarna Gregory, a fuair cabhair ó Dhúbhglas de hÍde i gcás Gods and Fighting Men (1904), agus Mary Hutton a scríobh The Táin: An Irish Epic Told in English Verse (1907), agus nach fios conas a shealbhaigh sí an tseanteanga. Is cosúil go bhfuair Eleanor Hull cabhair ó Standish Hayes O’Grady chun The Cuchulainn Saga in Irish Literature (1898) a scríobh, cé gur fhoghlaim sí féin an tSean-Ghaeilge. Bhí na hathleaganacha seo ar fad faoi chomaoin ag údair bunsaothair thábhachtacha ceannródaíochta ar nós Manuscript Materials of Ancient Irish History (1861) agus On the Manners and Customs of the Ancient Irish (1873) le Eugene O’Curry, agus dhá imleabhar Silva Gadelica le Standish O’Grady (1892), ceann leis na téacsanna Gaeilge agus an dara ceann leis na haistriúcháin Bhéarla.
Saothar eile a bhfuil éifeacht nach beag ag roinnt leis i gcónaí is ea The Táin (1970) le Thomas Kinsella, scríbhneoir cruthaitheach a ghlac comhairle ó Phroinsias Mac Cana agus ó scoláirí eile Sean-Ghaeilge agus é i mbun an leabhair sin, a mhaisigh Louis le Brocquy. B’fhéidir gurb é Scéalaíocht na Ríthe (1956), a chóirigh Proinsias Mac Cana agus Tomás Ó Floinn, agus a mhaisigh Micheál Mac Liammóir, an t-aon saothar Gaeilge atá inchomparáide le ceann Kinsella. Maidir leis an téacs atá á phlé anseo, d’fhoilsigh Eleanor Knott eagrán cumasach de Togail Bruidne Da Derga (1936) agus sholáthair Kim McCone agus Pádraig Ó Fiannachta idir phlé agus aistriúchán Nua-Ghaeilge in Scéalaíocht Ár Sinsear (1992).
Ach pé cúis atá leis, is baolach go bhfuil bearna nach beag idir na seanscéalta, a bhfuiltear chomh mórtasach sin astu, agus an láimhseáil theoranta atá déanta orthu sa Ghaeilge ó thosaigh an athbheochan. Tharraing an Dr Nollaig Ó Muraíle aird ar ghné amháin de seo i dteideal na heochairchainte a thug sé ag Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 6–7 Deireadh Fómhair 2017, is é sin ‘Saibhreas i bhFolach — Ábhar i nGaeilge nach Furasta a Léamh’. Go deimhin, chuir sé béim ar ghné eile den fhadhb chéanna sa bhreithiúnas seo a leanas de chuid Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge (1991: 144) a luaigh sé ag deireadh a léachta: ‘Má b’inmholta mar scéim é leaganacha nua-Ghaeilge de sheanscéalta dúchais a sholáthar mar a dhein An Seabhac … nó An tAthair Peadar …, agus má thug siad éachtaint don phobal nach raibh teacht acu uirthi ceal téacs nó cumas teanga, níor léir go raibh aon éileamh mór ag an bpobal céanna ar an gcultúr a bhí á sholáthar dóibh ar a son.’
Tá a chuid féin déanta ag Diarmuid Johnson in Conaire Mór chun an laige seo a chur ina ceart. D’aithin sé go raibh ‘fadhbanna doréitithe struchtúir’ ag baint leis an mbunscéal, Togail Bruidne Da Derga, agus bhraith sé nár mhór ‘na bearnaí a líonadh agus na rothaí cainte a shimpliú’ san athinsint, rud atá déanta go healaíonta aige. Tá an seansága Togail Bruidne Da Derga athbheoite go ríchumasach aige agus é curtha ina steillbheatha i láthair léitheoirí an lae inniu athuair aige féin agus ag Leabhar Breac.