Trí dhán as Goa

Gabriel Rosenstock
Trí dhán as Goa

Arna aistriú ag Gabriel Rosenstock

Do M’Athair

Céad Bliain i ndiaidh a Bhreithe (1966)

le Armando Menezes

Agus m’athairse ag saothrú an bháis, an glothar le clos
Agus mo dhá lámh timpeall air,
An chuid eile go léir ar a nglúine, ag osnaíl ghoil
Paidreacha na marbh acu á rá go creathánach —
‘Ar do ghlúine!’ ar sé faoi mar go raibh a anam ag brath air.
Is nuair a thiteas-sa ar mo ghlúine laga,
Tháinig séimhe iontach ar a ghnúis shuaite,
Na roic ag samhrú go bláth na hóige,
Le heite ghléineach do chuimil an bás leis.

A Athair, b’eol duit gur shléacht m’anamsa
Roimh gach ní, á n-adhradh le grá:
Bhraitheas ó m’óige i leith an Diagacht
Sa duine agus sa dúlra, bíodh is nárbh eol dom É Féin,
Agus leanas le hardlúcháir nó faoi shíocháin
An uile ní sofheicthe is dofheicthe a bhog.
Bhí an svae sin ar m’anam chomh tréan sin
Go mba pheaca im’ shúilese é gach gotha
Ar nós cuma liom is gach réchúis thámh.
Bhí an rud a bhí Fíor chomh fíor sin gur múchadh
Gach deasghnáth, gach nós, siombail is cleachtas
A raibh cuisle gheal na Fírinne sin in easnamh orthu.

Thuigeas-sa leis le blianta fada
Go raibh Cumhacht éigin a leath a fallaing orm,
Máthartha is athartha, grámhar nó cruaidh,
Ag oibriú ionam, maitrís na smaointe go léir,
Gach maitheas is gach áilleacht ag doirteadh trí m’aigne.
Is minic mé ag stánadh ar rud éigin a scríobhas
Ag déanamh iontais cad as a dtáinig sé; is thuigeas gan mhoill
Go mba leor mar bhuíochas an tsíocháin gan choinne.

Níor fhoghlaimíos-sa conas glúin na colainne a fheacadh —
Ró-umhal chun an umhlaíocht a chur ar paráid,
Nó eagla orm an ní neamhdhiaga a adhradh —
Ach im’ chroí istigh mé féin á ísliú agam
Roimh an bhFírinne ghlórmhar, thar aon uair eile
Im’ sheasamh suas caol díreach dom, dána, ceannairceach.

Mar sin ní raibh rath orm, sa chiall atá ag an saol
Don rath, ach go domhain istigh i m’anam
Tá tobar ríméid nach raghaidh i ndísc go deo,
Is an tsíocháin do mo ghríosú i gcogar, gan de neart ionam
Ach an neart sin a thagann as aigne mhacánta:
Níl slí anseo don rath ná don mhírath;
Leanann an saol ar aghaidh i nDia,
agus sé Dia is fearr a thuigeann,
D’fhéadfadh duine i mbun urnaí a bheith baoth.

Mar sin más fiáin a bhí mo shaolsa
Ar mo ghlúine a bhíos de shíor roimh an gCumhacht sin
Atá timpeall orainn, ionainn agus trínn,
Is léir dúinn an lúcháir agus an tsíth a bhaineann léi
Nuair a chromtar os a comhair go domhain inár gcroí.
Tá a fhios agat le tríocha bliain é: táimse á rá anois.

[Bunteanga: Béarla]

Goa

le Leonor Rangel-Ribeiro

Tá ríméad orm!
Den chéad uair riamh i mo shaol
Níl eagla orm go ndéanfaidh an ríméad
Feall orm.
Táim mar chuid de na bláthanna léana,
Den ghaoth a lúbann na crainn théagartha
Gan na héin a ghortú,
De na haibhneacha ar imeall na ngort
Ina snáthanna airgid.
An comhcheol seo go léir
An grá diaga seo is Goa ann,
Sin mise!
Agus lá éigin i dtír i gcéin
Má thagann an bás faoi mo dhéin gan trócaire,
Fillfeadsa ar Goa,
Ar sciatháin na gaoithe,
Mura mbím ach im’ dhusta.

[Bunteanga: Portaingéilis]

Ar Mhullach Bhinn Éadair

le Hubert Ribeiro Santana

Gháir tú nuair a bhánaigh na tonnta glasa
Ar charraigeacha i bhfad uait, á rá, “Scaoilfead
Saor mo chuid ribíní chun go gcloisfinn
Toirneach bhog na gaoithe im’ chuid gruaige.”

“Níl sa ghaoth ach bláthfleasc an tsáile.
An fhuil ag cuisliú ionam — cuthach
Na n-aoiseanna a chloiseann tú is ní an ghaoth
Mar thoirneach bhog i do chuid gruaige."

Baile Átha Cliath, 1966
[Bunteanga: Béarla]

Ón leabhar Goa: A Garland of Poems, díolaim de dhánta ó fhilí Goa curtha in eagar ag Rochelle Potkar agus aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock, díolaim a sheolfar i nGoa an mhí seo.

Gabriel Rosenstock

Is file agus aistritheoir é Gabriel Rosenstock