Cad is bréag ann?
An bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go bhfuil bréaga á n-insint ag duine más amhlaidh go gcreideann sé féin sa mhéid atá á rá aige?
Is trua nach bhfuil an scannán nua Denial ach cuibheasach mar pléitear ann téamaí atá an-tráthúil.
Baineann Denial leis an gcás clúmhillte a thóg David Irving, duine de lucht séanta an Uileloiscthe, i gcoinne an scoláire Deborah Lipstadt.
I dtreo dheireadh an scannáin, baintear siar as Lipstadt agus a foireann dlí nuair a chuireann an breitheamh argóint chaolchúiseach faoi bhráid na cúirte.
An bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go bhfuil bréaga á n-insint ag Iriving más amhlaidh go gcreideann sé féin sa mhéid atá á rá aige?
Tá leathcheann na díospóireachta seo ar bun ag tráchtairí i Stáit Aontaithe Mheiriceá le tamall anuas agus an tír sin ag iarraidh dul i ngleic le hUachtarán ar léir deacrachtaí a bheith aige fanacht i mbun na fírinne.
Rinneadh mionphlé, mar shampla, ar cheannlíne nuachta ar an New York Times, a d’fhógair ‘Meeting With Top Lawmakers, Trump Repeats an Election Lie’. Ní gan dianmhachnamh a dhéanamh ar an scéal a shocraigh lucht an nuachtáin earraíocht a bhaint as an bhfocal ‘lie’ agus b’ionann ag mórán daoine úsáid an fhocail sin agus a rá go neamhbhalbh gur d’aon ghnó a chinn Donald Trump gan an fhírinne a insint.
Os a choinne sin, bhí Joshua Benton ón Nieman Journalism Lab an-tógtha le ceannlíne an New York Times mar, dar leis, gur thug ‘Trump Repeats an Election Lie’ le fios ‘[that] the lie can exist as a reality distinct from the speaker’s intention’.
Agus an díospóireacht seo faoi lán seoil, dúirt an tuairisceoir Mary Louise Kelly ó NPR go ndeachaigh sí féin i muinín an fhoclóra chun sainmhíniú a fháil ar an bhfocal ‘bréag’. Ba é a d’aimsigh sí san Oxford English Dictionary ná ‘A false statement made with intent to deceive’.
Ba é an focal sin intent croí na ceiste, dar le Kelly.
‘Without the ability to peer into Donald Trump’s head, I can’t tell you what his intent was. I can tell you what he said and how that squares, or doesn’t, with facts,’ a dúirt sí.
Ráiníonn sé, áfach, gur thug Trump féin spléachadh dúinn ar a thuiscint ar na nithe seo ina leabhar The Art of the Deal.
‘I play to people’s fantasies,’ a dúirt sé sa leabhar úd a foilsíodh i 1987, ‘I call it truthful hyperbole. It’s an innocent form of exaggeration—and a very effective form of promotion.’
Agus foláireamh á thabhairt aige faoi theacht chun cinn Trump roimh thoghchán na bliana seo caite, ba neamhbhailbhe go mór an cur síos a bhí ag Tony Schwartz, scáthscríbhneoir The Art of the Deal, ar bhéas an Uachtaráin nua an fhírinne a lúbadh ar mhaithe leis féin.
‘He lied strategically. He had a complete lack of conscience about it,’ arsa Schwartz.
Tuairiscíodh díol mór a bheith ar úrscéal diostóipeach George Orwell 1984 le déanaí agus fonn ar dhaoine ciall a bhaint as ré seo na mbréagscéalta nuachta agus na bhfíricí ailtéarnacha.
Mhol an t-údar Philip Roth The Confidence-Man le Herman Melville mar shaothar eile ina bhfaigheadh duine tuiscint ar iompar Trump agus is follasach na cosúlachtaí idir an dearcadh i leith na fírinne atá ag an bPáirtí i 1984 agus atá ag caimiléir Melville.
Ah, sir, they may talk of the courage of truth, but my trade teaches me that truth sometimes is sheepish. Lies, lies, sir, brave lies are the lions!
Ach an oiread le Ministry of Truth Orwell, is maith a thuig Confidence Man Melville an chumhacht a bhain lena chuid bréag.
Ba é Orwell leis a scríobh, ‘the very concept of objective truth is fading out of the world. Lies will pass into history’.
Níl an fhírinne leáite léi ar fad go fóill, ach tá ualach fianaise againn ar na saolta seo ar cé chomh neafaiseach is a dhéantar ‘fírinne’ den bhréag.
Is fearr i gcónaí deargbhréagadóir a thabhairt ar an deargbhréagadóir agus deargbhréaga a thabhairt ar a dheargbhréaga.