Conas a chaill Enda Kenny a mhójó sa deireadh?
Léiríonn iompar an Taoisigh le tamall go bhfuil sé in am an bhuíon chuardaigh a chur amach chun a mhójó a lorg an athuair.
Bíonn sé mar aidhm ag achan cheannaire polaitiúil éirí as oifig ar a gcomhairle féin agus ag am a oireann dóibh féin. Is fíor-annamh a éiríonn leo é seo a dhéanamh, áfach. Níl aon amhras ach go bhfuil cosmhuintir Fhine Gael thar a bheith buíoch d’Enda Kenny as dhá thréimhse rialtais i ndiaidh a chéile a bhaint amach don pháirtí, an chéad cheannaire ar éirigh leis a leithéid a dhéanamh, fiú más ar éigean a rinne sé é. Tabharfar creidiúint dó fosta as an stát a stiúradh tríd an ghéarchéim eacnamaíochta agus ár bhflaitheas eacnamaíochta a thabhairt ar ais.
Tá formhór bhaill a pháirtí ar aon tuairim mar sin faoin urraim atá tuillte aige agus níor theastaigh uathu é a dhíbirt as oifig go míthrócaireach. Go dtí le déanaí bhí siad ar fad aontaithe fosta gur cheart go mbeadh cead aige imeacht as a stuaim féin, gan aon fhuil a dhoirteadh. Ach le tamall anuas, tá Enda Kenny ar nós an leannáin úd a mbíodh Dan Hicks ag ceol faoi fadó — 'How can I miss you when you won’t go away?’.
Agus dá fhaide a d’fhan sé ba mhó faitíos a bhí ar chúlbhinseoirí an pháirtí agus ba chorrthónaí a bhí siad ina gcuid suíochán.
Agus seo á scríobh, bhíothas ag fanacht ar ráiteas ón Taoiseach faoina éirí as agus é i sáinn faoin gconspóid a bhain le líomhaintí bréagacha Tusla faoin Sáirsint Maurice McCabe. Tá Bínse Fiosrúcháin Poiblí le bunú chun a fháil amach an raibh feachtas clúmhillte ar bun ag Gardaí sinsearacha in aghaidh an sceithire, ach rinne Kenny praiseach cheart den scéal. Thug an Taoiseach le fios ar dtús gur phléigh sé leis an Aire Leanaí Katherine Zappone na líomhaintí bréagacha roimh chruinniú an Aire le McCabe, ach cúpla lá ina dhiaidh sin ghéill sé sa Dáil nárbh amhlaidh a bhí agus dúirt go raibh ‘aiféala’ air gur thug sé eolas míchruinn uaidh.
Buille trom d’údarás aon cheannaire polaitiúil é volte face mar seo a dhéanamh, go háirithe maidir le scéal chomh tromchúiseach, agus mar a dúirt Ronald Reagan tráth ‘if you’re explaining, you’re losing’.
Ní fada go raibh soiléiriú á lorg ag baill an pháirtí maidir le céard a bhí i gceist aige a dhéanamh maidir le héirí as.
Is cinnte go bhféachfar amach anseo ar an gconspóid seo mar bhuille maraithe na muice i gcás an Taoisigh, ach tá neart fianaise ann go raibh a mhójó caillte ag Kenny le tamall.
Chuir sé an lasóg sa bharrach cúpla seachtain roimhe sin nuair a thug sé le fios d’iriseoirí go raibh dearcadh oscailte aige i leith dul i gcomhrialtas le Sinn Féin. Chuir a chuid cainte oiread oilc ar a pháirtí go mb’éigean dó í a shéanadh go neamhbhalbh agus a dhearbhú nach rachadh Fine Gael i bpáirt le Sinn Féin go deo.
Ar go leor bealaí, deineadh mórán cainte ar bheagán cúise agus seans gur thábhachtaí i bhfad ráiteas Mary Lou MacDonald an lá roimhe sin faoi dhearcadh a páirtí féin i leith dul i gcomhrialtas le Fine Gael. Lena chois sin, níorbh é sin an chéad uair d’Enda Kenny saltó ar gcúl a dhéanamh i dtaobh na ceiste seo. In agallamh foirmeálta a rinne sé le Nuacht TG4 in Aibreán, 2009, d’inis sé d’Eimear Ní Chonaola go raibh claochlú mór tagtha ar Shinn Féin le blianta beaga anuas agus nach gcuirfeadh sé as an áireamh é go rachadh sé i gcomhrialtas leo. I Meitheamh na bliana céanna, áfach, bhain sé an sodar as Frank Flannery, Stiúrthóir Straitéise an pháirtí ag an am, mar gur thug seisean le fios go mbeadh Fine Gael sásta dul i gcomhar le Sinn Féin chun a chinntiú nach mbeadh Fianna Fáil i mbun rialtais arís.
Is fíor le rá mar sin gur iomaí ráiteas a thug an Taoiseach faoin cheist seo le dornán blianta anuas agus gan na ráitis sin ag teacht le chéile a bheag nó a mhór. Mar a léirigh cás Maurice McCabe go gléineach, ní maith an ní go samhlófaí Taoiseach le ráitis nach mbíonn ag teacht le chéile.
Thiocfadh leat a rá gur déanadh scéal chailleach an uafáis den mhéid is déanaí a bhí le rá ag an Taoiseach faoi Shinn Féin. Ach ba léargas eile é nach raibh Enda Kenny os cionn a bhuille, ná baol air.
Go deimhin tá patrún soiléir le feiceáil ina chuid iompair ón olltoghchán deireanach i leith. Bhí an t-ádh dearg leis na cosa a thabhairt leis ón chonspóid a bhain le héirí as oifig iarChoimisinéir na nGardaí, Martin Callinan, agus an t-iar-aire dlí is cirt, Alan Shatter.
Anuas air sin, ghríosaigh Micheál Martin é chun ráiteas a thabhairt sa Dáil faoi Donald Trump gan mórán machnaimh a bheith déanta aige faoi. Mar bharr ar an donas, chuir a chuid iarrachtaí an t-aerghiotár a sheinm i bPáirc an Chrócaigh náire an tsaoil ar mhórán (féach Waterford Whispers: ‘65 Year Old Teacher From Mayo Makes Eejit Of Himself At Springsteen Gig’). Lena cheart a thabhairt do Nero, ar a laghad bhí uirlis cheart á seinm aige!
D’admhaigh Enda Kenny go raibh sé spíonta i ndiaidh dó feachtas fada toghcháin a chur de, ach d’fhógair sé roimh Nollaig go raibh a mójó aimsithe aige arís.
Léirigh a chuid iompair le déanaí, áfach, go raibh sé in am an bhuíon chuardaigh a chur amach arís chun an mójó céanna a lorg.
Bheadh na tuaiplisí mí-ámharacha seo uilig sách olc dá mba rud é gur cheannaire ar rialtas láidir a bhí ann, ach is measa i bhfad iad toisc é a bheith ina cheann feadhna ar rialtas mionlaigh atá ar bhruach na haibhéise agus vótaí ar rúin Dála á gcailliúint go rialta acu.
Bhí sé fógartha aige cheana féin nach mbeadh sé ina cheannaire ar an pháirtí don chéad olltoghchán eile, ach údar imní ab ea i measc bhaill an pháirtí le tamall nach raibh aon straitéis leagtha síos maidir le cé a thiocfaidh i gcomharbacht air ná cén t-achar ama a bhí fágtha aige sula n-imeodh sé ar féarach. Go deimhin bhí teachtaireachtaí débhríocha á dtabhairt aige go poiblí ina leith agus dúirt sé ag pointe amháin fiú gur mhaith leis a bheith ina Thaoiseach nuair a thabharfadh an Pápa cuairt ar an tír i mí Lúnasa na bliana seo chugainn.
Ar ndóigh, ní raibh a leithéid de shocrú scaoilte sásúil ar dhóigh ar bith dóibh siúd atá anois san iomaíocht don cheannaireacht ná go deimhin do na cúlbhinseoirí i ndáilcheantair imeallacha atá ag súil go gcuirfidh saoiste úr borradh faoin pháirtí agus gur mó deis dá réir sin a bheidh acu a gcuid suíochán a choinneáil. I ndeireadh ama is tábhachtaí i bhfad an sprioc sin dóibh ná an oidhreacht a fhágfaidh Enda Kenny ina dhiaidh. Bhíothas buartha le tamall go bhfanfadh Kenny i gcumhacht rófhada agus nuair a rinne sé praiseach de scéal McCabe thosaigh daoine a rá os ard nach raibh an dara suí sa bhuaile ag a pháirtí ach é a dhíbirt trí cheannairc mura n-éireodh sé féin as.
Is beag duine a mheasann go mairfidh an rialtas seo níos faide ná an bhliain 2018 agus tá an baol ann go dtitfidh sé i bhfad roimhe sin.
Táthar ag súil anois go mbeidh dóthain ama ag ceannaire úr Fhine Gael le dul i gcion ar an phobal roimh an chéad olltoghchán eile.
Ní haon ghlas-stócach soineanta é Enda Kenny, áfach, agus thuig sé go maith go ndéanfadh a mhacasamhail de cheannairc is a tharla i gcás a leathbhádóra Éamon Gilmore dochar as cuimse dá oidhreacht agus dá cháil.
Cén fáth mar sin go raibh sé ag tarraingt na gcos maidir lena imeacht?
Mhaígh sé féin gur am thar a bheith leochaileach é seo don tír de thairbhe an Bhreatimeachta ach is beag duine a mheas ach an oiread go bhfuil aon réiteach draíochtúil aigesean ar an fhadhb.
Míniú eile ar an mhoill a bhí air imeacht as oifig ná gur mhian leis post sinsearach a fháil san Eoraip agus gur mhó an bhuntáiste a bheadh aige é sin a bhaint amach dá mbeadh sé fós ina cheannaire stáit. Bhí sé luaite dornán blianta ó shin le hUachtaránacht Chomhairle na hEorpa agus tuigtear go raibh suim i dtólamh aige sa chúram sin.
D’fhéadfadh, áfach, go raibh smacht caillte le tamall aige maidir le roghnú an dáta ar mhian leis féin éirí as.
Bhí cúlbhinseoirí ar nós Kate O’Connell ag tabhairt a dhúshláin go poiblí. Agus í ag tagairt do chonspóid Shinn Féin, mar shampla, dúirt sí nach faoi Kenny a bheas sé páirtithe comhrialtais a roghnú. Bhí brú ag teacht freisin ar na héilitheoirí ar an choróin, ar leithéidí Leo Varadkar agus Simon Coveney, go háirithe, tuilleadh brú a chur ar Kenny fógra a dhéanamh. Patuar go leor a bhí an bheirt acu agus ba mhó suim a bhí acu súil a choinneáil ar a chéile ná ar an té atá i gceannas. Bhí siad airdeallach fosta, gan amhras, ar an seanfhocal ‘he who wields the dagger never wears the crown’.
Tuigeann leithéidí Richard Bruton, Des O’Malley agus Charlie McCreevy go rímhaith go bhfuil blas na fírinne sa chliché úd.
San idirlinn, beidh dúshlán mór amháin eile roimh an Taoiseach. De ghnáth is cúram gan dua, le neart deiseanna dea-phoiblíochta a bhíonn i gcuairt an Taoisigh ar an Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig.
Ach ní hamhlaidh atá an iarraidh seo. Turas thar a bheith baolach é seo. Caithfidh sé é a láimhseáil go ríchúramach, amhail is go mbeadh ceimiceán loiscneach ina ghlac aige.
Cheana féin, tá go leor daoine á cháineadh as a chinneadh dul ann agus is cuma cé chomh crosta is a éiríonn sé leis an Uachtarán Trump, ní éireoidh leis gach aon duine a shásamh.
Beidh na heagrais a dhéanann ionadaíocht ar na hÉireannaigh gan cáipéisí inimirce i Meiriceá anuas air má chuireann a chuid cainte stádas na n-imirceach i mbaol agus ní gá a rá nach mbeidh aon ghlacadh ag an phobal le lútáil ná seoinínteacht ná sodar i ndiaidh na n-uaisle. Déanfar oiread anailíse seans ar a chomharthaíocht choirp le linn an turais is a dhéanfar ar a chuid briathra.
As seo amach, áfach, is mó suim a chuirfear i mbriathra na n-iarrthóirí ar a phost.