Mistéirí fhicsean bleachtaireachta na Gaeilge
Tá sé thar am cur leis an bplé faoin bhficsean bleachtaireachta sa Ghaeilge.
Cad is scéal bleachtaireachta ann?… Seo sainmhíniú amháin air: ‘Scéal ina bhfuil réiteach faidhbe mar phríomh-ábhar suime; agus ina dtugtar leide ó h-am go h-am a chabhróidh leis an léitheoir teacht ar an réiteach dó féin.1
I mí na Nollag 1948 a thug Caoimhín Ó Gríobhtha an sainmhíniú úd in alt in Comhar. Faoin tráth sin, bhí traidisiún na n-úrscéalta bleachtaireachta bunaithe go forleathan le 50 nó 60 bliain, ní hamháin i gcríocha an Bhéarla ach in iliomad tíortha eile freisin, ina measc an Iodáil, an tSualainn, an Fhrainc, an Airgintín, an tSín agus an tSeapáin. Sa lá inniu, tá siad á saothrú go tréan ar gach mórthír ar domhan, i dteangacha tromlaigh agus mionlaigh, agus á bplé ag scoláirí agus léitheoirí ag comhdhálacha ollscoile, ag féilte pobail agus ar fhóraim ar líne. Anseo in Éirinn, tá fás nua ar fhicsean bleachtaireachta na Gaeilge ó thús an 21ú haois — ach is cosúil nár foilsíodh alt anailíse ar an seánra in Comhar ó 1948 i leith. Tá sé thar am, is léir, cur leis an bplé.
Cad is úrscéalta bleachtaireachta ann inniu? Cén fáth go meallann siad léitheoirí agus an leor mistéir an ‘cérinneacháin’ chuige sin? Cad atá againn i nGaeilge i gcomparáid leis na stíleanna i dteangacha eile? Cén cur chuige atá agam féin mar scríbhneoir bleachtaireachta, maidir le plota, taighde, carachtair, suíomh, fad an leabhair agus gnéithe eile den chumadóireacht, nó cad iad na slata tomhais, dar liom, le feabhas an scéil a mheas? Cén sórt éilimh atá ag léitheoirí na Gaeilge ar na húrscéalta seo?
Áirím go léim suas le deich leabhar bleachtaireachta gach bliain, ceann amháin ar an meán i nGaeilge, a bhformhór i mBéarla agus aistriúcháin ó theangacha eile ina measc sin. Léim 20 nó 30 leabhar sa bhliain i seánraí eile freisin: úrscéalta liteartha agus staire, cuimhní cinn, cuntais taistil, cúrsaí reatha agus corrgheábh filíochta agus gearrscéalaíochta. Ach is úrscéalta bleachtaireachta a roghnaigh mé a scríobh do léitheoirí fásta líofa go dtí seo: Bás Tobann (Cois Life 2004), Buille Marfach (CIC 2010) agus Scáil an Phríosúin (CIC 2015). Foilsíodh Deadly Intent, m’aistriúchán go Béarla ar Buille Marfach, faoi m’ainm cleite Anna Sweeney (Severn House 2014).
Boladh na mistéire
Tuigimid go léir cad iad bunghnéithe traidisiúnta na scéalta seo: corpán agus mistéir faoi chúiseanna an bháis; fiosrú dúnmharuithe agus bleachtaire sa tóir ar an bhfírinne; noda agus seachráin faoin gciontóir; amhrastaigh a chuirtear as an áireamh de réir a chéile; agus ar deireadh, réiteach nach raibh coinne ag na léitheoirí leis ach fós féin a shásaíonn iad.
Tuigimid freisin na freagraí simplí a thugtar ar an gceist úd, cad a mheallann na milliúin na leabhair seo a alpadh? Fiosracht conas a réiteofar an mhistéir; fonn ar na léitheoirí sárú ar ghliceas an scríbhneora agus na noda cuí a thabhairt faoi deara in am; tumadh in uafás an fhoréigin i gcúinsí sábháilte an fhicsin; iontas faoi mhodhanna na heolaíochta fóiréinsí; an sásamh a bhaineann le réiteach faidhbe, mar a thug Ó Gríobhtha le fios ina alt. Tagann an méid sin ar fad i gceist, cinnte, ach creidim gur fiú fáthanna móra eile a lua.
Tá dráma beatha is báis i gcroílár an scéil bhleachtaireachta, agus coimhlint ar bun idir olc agus maith i nádúr an duine agus i saol an phobail. Minic go leor, níl an choimhlint sin dubh agus bán: mar shampla, lucht bleachtaireachta in amhras faoina gcumas nó a mian féin dul i ngleic leis an bhfiosrú; comhbhá ag an léitheoir leis an marfóir de bharr tréithe nó gníomhartha gránna an íospartaigh; calaois i measc póilíní agus údaráis eile an stáit; ceisteanna fealsúnachta na saorthoile agus an cumas ionainn go léir casadh ar an bhfuath agus ar an bhforéigean, an phéist nimhe sin a atann sa chroí i ngan fhios don saol mór.
Pléann an ficsean seo go mion leis an ngaol idir an duine aonair, an teaghlach agus an tsochaí, agus mar a théann eachtraí drámatúla, nimhneacha i gcion ar an ngaol sin. Is gné an-láidir den seánra é suíomh an scéil, ionas gur sórt ficsin taistil é freisin a mheallann léitheoirí ann féin. Tá úrscéalta léite agam atá suite sa Bhriotáin, i gceantar Catalónach na Fraince, sa tSicil, sa Róimh agus sa Veinéis, áit a dtugann Donna Leon an-bhlaiseadh ar pholaitíocht, ar chaidrimh shóisialta agus fiú ar bhia na cathrach. Tá cáil ar an ‘Scandi noir’ as a léiriú ar an gcrá aonair agus meath na n-idéal sóisialta faoi spéartha móra na Sualainne agus tíortha eile ó thuaidh; agus faightear léargas an-spéisiúil ar ghnásanna fíorleatromacha, aisteacha an tsaoil san Araib Shádach i dtrí úrscéal le Zoe Ferraris. I dtíortha na Gearmáinise, tá tóir an-mhór ar choirscéalta réigiúnacha agus áitiúla; agus tá an t-éileamh ar an seánra san iomlán chomh láidir go bhfuil gréasán scríbhneoirí ann, Das Syndikat (www.das-syndikat.com), a bhfuil suas le 750 scríbhneoir páirteach ann.2
Tá iliomad stíleanna sa seánra, mar a phléifear ar ball, ón mbéim ar an aicsean fuilteach nó an cíoradh fóiréinseach go dtí an scrúdú síceolaíoch nó an machnamh liteartha. Bunaíodh an traidisiún ar an réasúnaíocht agus ar an ord sa tsochaí, ach de réir mar a deir G.J. Demko in achoimre an-spéisiúil ar fhorás na scéalta mistéire ar fud an domhain ón 19ú haois ar aghaidh, tháinig claochló ar na buntuiscintí úd i gcultúir éagsúla. San Iodáil agus sa Spáinn, mar shampla, cuireadh béim ar chaimiléireacht agus mí-éifeacht na bpóilíní in úrscéalta iar-nua-aoiseacha inar fágadh an choir gan réiteach; san Airgintín agus i Meicsiceo, bhí aoir ar údaráis an stáit ina téama láidir; le linn réimeas na gCumannach san Aontas Sóivéadach, bhí laochra na n-úrscéalta ag sárú ar naimhde caipitleacha an phobail. Deir Demko:
This literary form... has been used as a social protest vehicle, a propaganda tool, a societal diagnostic measure, and more. Mystery writers in many places under many different conditions have plied a genre that can be used in many creative ways to protest, boast, accuse, and expose the society’s culture and way of life to a host of readers around the world.3
Thrácht an scríbhneoir mór-ráchairte Albanach, Ian Rankin, ar a rogha leabhar féin, ó Dickens agus Dostoyevsky go Chandler agus Rendell, agus an méid seo mar fhocal scoir aige:
Crime writers have always explored not only our deepest natures but the nature of society itself. I think that’s why so many of us keep reading crime fiction.4
Líomhaintí agus fianaise sa chúis
Maidir leis an téarma ‘ficsean coireachta’, áirítear mistéirí bleachtaireachta leis mar aon le húrscéalta eile nach ‘cérinneacháin’ iad: na heachtraí á n-insint ó thaobh an chiontóra de, mar shampla, nó mar thriail chúirte, nó coimhlintí an oilc á scrúdú i stíl liteartha. Agus baineann tréithe ‘scéinséirí’ leis na leabhair seo, go háirithe an teannas agus an imní a choimeádann an léitheoir ag casadh na leathanach. Ach cuimsíonn scéinséirí réimsí eile freisin ar nós na spiadóireachta agus na gcomhcheilgí polaitiúla. Is deacair cineálacha úrscéalta a dheighilt ó chéile ina n-aicmí néata, a deir Alan Titley:
Ní hionann genre nó earnáil liteartha agus tomhas céimseatan a bhfuil a fhad is a leithead go beacht aige... Is mó is cosúil é le ceo nó le scamall nó le hola ar uisce nó le teorainneacha na Polainne, nithe nach bhfuil aon amhras faoina mbeith ann ach a bhíonn tamall leat is tamall uait is tamall idir eatarthu ar nós na nithe is spéisiúla ar domhan.5
Ceann de na hidirdheighiltí a dhéantar ná idir úrscéalta liteartha a mbaineann saoirse ealaíne agus samhlaíocht leo agus úrscéalta éadroma a scríobhtar de réir foirmlí meicniúla. Cuirtear líomhain thromchúiseach leis sin, gur fiúntas ar fad atá i gcarnán amháin agus truflais ar fad sa dara ceann. Bhí an deighilt seo seanchaite leathchéad bliain ó shin, áfach, agus is léir dom féin gur speictream fiúntais agus sásaimh atá ar fáil, laistigh de sheánraí agus eatarthu. Cinnte dearfa, is i gcáilíochtaí iontacha na litríochta atá taisce na scríbhneoireachta: preab na nuálaíochta agus sníomh ealaíonta na bhfocal, suntas na gcarachtar agus géarchúis na tuisceana, corraíl na macallaí fochomhfhiosacha. Agus chomh cinnte céanna, tá na seilfeanna ag cur thar maoil le leabhair atá tanaí, leamh agus aithriseach ar fad. Ach tá soláthar ollmhór idir eatarthu: leabhair atá dea-scríofa, spreagúil gan a bheith domhain; éadrom agus fós i stíl liteartha; mórcheisteanna an chine dhaonna i riocht úrscéil fantaisíochta nó uafáis nó bleachtaireachta. Tá truflais i measc na n-iarrachtaí turgnamhacha liteartha agus fiúntas téagartha i measc na bhfoirmlí.
Is éard is foirmle, dar liom, ná struchtúr áirithe seachas smál. Ní leagtar ‘foirmle’ mar locht ar na siansaí ná na sonáidí gan sárú a thug an ceol clasaiceach dúinn, ná ar an gcluiche iománaíochta a imrítear de réir rialacha áirithe. Bíonn an líon seo imreoirí ar gach taobh, iad faoi shrian an chloig, camáin acu seachas raicéid — agus laistigh den struchtúr úd, imrítear cluichí iontacha ina bhfeicimid paisean agus forbairt charachtar, comhrac aonair agus sprid pobail, geit chroí agus streachailt anama. Tá na foirmlí is fearr i saol na n-ealaíon agus an spóirt fadsaolach de bharr na scóipe a thugann siad don chruthaitheacht.
Laistigh de struchtúr an scéil bhleachtaireachta, is féidir dul i ngleic le guagacht agus le bagairtí an tsaoil mhóir ina mairimid; agus ag an am céanna, faighimid faoiseamh ón saol sin i rithimí aitheanta an phlota agus ón gcinnteacht go mbeidh freagra ar fáil i ndeireadh na feide. Is éalúchas é atá pléisiúrtha agus fiúntach in aon turas: ár n-aird gafa go hiomlán ag teannas an scéil agus dearmad déanta againn dá réir sin ar ár gcúraimí féin, rud a dhéanann an-leas don intinn.
B’fhéidir gur cosúil an scíthléitheoireacht leis an rud ar a dtugaim ‘bia sóláis’: ispíní agus brúitín, abair, nó uibheagán agus sceallóga, nó cáis leáite ar arán tósta. Ní gá dúinn béile dá leithéid a scrúdú lena thuiscint cad atá ann; is féidir linn é a ithe go minic gan tuirsiú de; ní bheimid ag caint air mar a bheadh ar anlann eisceachtúil nó an cúr feamainne ar imeall an phláta i mbialann nuálach; ach faighimid cothú agus compord uaidh nuair a chuirtear na comhábhair le chéile go húr, sciliúil agus iad gléasta go blasta le him, piobar agus lusanna.
Lorg coise na Gaeilge i measc an tslua
Nuair a foilsíodh an t-alt úd in Comhar sa bhliain 1948, bhí ‘ré órga’ an fhicsin seo fós ann. Bhí taithí ag léitheoirí ar bhleachtairí uile-eolacha ar nós Sherlock Holmes agus Hercule Poirot. Sholáthraigh Agatha Christie agus scríbhneoirí eile sa Bhreatain sárshamplaí den ‘cosy crime’: plotaí casta fíorchliste á n-ionramháil i sráidbhailte áille agus i dtithe ársa, ach carachtair maide mar amhrastaigh iontu. Sna Stáit Aontaithe, bhí stíl chruabhruite Raymond Chandler agus Dashiell Hammet i réim: fir mheánaosta ghunna-réidhe ag plé go gonta, soiniciúil leis an mistéir agus fós tóir acu ar lóchrann na fírinne a spreag fadó iad. I measc na n-údar iomráiteach lasmuigh de thíortha an Bhéarla, bhí Georges Simenon sa Fhraincis, a raibh a bhleachtaire Maigret chomh tógtha le streachailtí morálta agus gnéasúla is a bhí le réiteach na mistéire.
Pé lagtrá a lean an ré órga, tháinig bláthú rábach, ildathach ar an seánra le leathchéad bliain anuas. I measc na gceann feadhna sa Bhreatain bhí P.D. James, a dhírigh ar théamaí síceolaíochta agus ar an duine aonair in aghaidh an mhaorlathais, agus Ruth Rendell, a shníomh coimhlintí sóisialta, pearsanta agus timpeallachta leis an mistéir. Thug Patricia Cornwell sna Stáit Aontaithe an ghné fhóiréinseach i dtreis mar aon le géarchoimhlintí foirne i measc lucht fiosraithe; is aoir nó cóiméide ar áiféis chultúr Florida is mó a bhíonn ag Carl Hiassen; shaothraigh an tAlbanach Val McDermid mionphróifíliú sraithmharfóra mar théama; is bleachtaire de bhunadh na hÉireann i Londain í Maeve Kerrigan, leis an údar Jane Casey, a bhíonn faoi bhrú ag ceisteanna féiniúlachta agus ag cultúr fireannach na bpóilíní; agus bíonn príomhcharachtar difriúil, ach gaol eatarthu, sna leabhair ag scríbhneoir Éireannach eile, Tana French. Níl ansin ach dornán bídeach de scríbhneoirí mór-ráchairte ár linne, agus sraith fhada deich nó fiche úrscéal againn óna bhformhór.
Réimse mór eile ná ficsean na bleachtaireachta stairiúla ar tharraing Umberto Eco aird idirnáisiúnta air sna 1980idí lena mhistéir scolártha Il nome della rosa. Tá an-cháil inniu ar úrscéalta toirtiúla C.J. Sansom, a thugann an oiread léargais ar chultúr brúidiúil na dTúdar sa Bhreatain agus a shoilsíonn Hilary Mantel ina stíl liteartha; tá a lán úrscéalta Gearmáinise suite le linn an Dara Cogadh Domhanda; tá sraith an-soléite ag Cora Harrison atá suite sa Bhoireann go luath sa 16ú haois agus breitheamh sa chóras Gaelach i mbun lorgaireachta; agus tá grinnléiriú ar an gcóras céanna sa 7ú haois i scéalta Sister Fidelma le Peter Tremayne, ainm cleite ag scoláire ar stair na gCeilteach, Peter Berrisford Ellis, ar aistríodh gearrscéal mistéire amháin leis go Gaeilge.
Maidir le bunsaothair Ghaeilge, is péacadh seachas bláthú atá ar rós na bleachtaireachta ó thús an 21ú haois. Chomh maith le trí úrscéal uaim féin, tá dhá cheann araon againn ó Éilís Ní Dhuibhne agus ó Sheán Ó Dúrois, ceann araon ó Liam Ó Muirthile agus ó Phroinsias Mac a’ Bhaird; dhá chnuasach gearrscéalta bleachtaireachta ó Biddy Jenkinson; agus trí úrscéal sách gairid do léitheoirí líofa ó Sheán O’Connor. Má fhágtar as an áireamh dosaen eile úrscéilíní d’fhoghlaimeoirí fásta agus do dhéagóirí, is ionann sin agus leabhar amháin sa bhliain ar an meán. Ní mór an líon é i gcomparáid lenár dteanga chomharsanach, an Bhreatnais, ina bhfoilsítear suas le sé cinn d’úrscéalta bleachtaireachta do léitheoirí liofa gach bliain;6 i gcás na hÍoslainnise, a labhraíonn 320,000 duine, is cosúil go bhfoilsítear thart ar trí cinn sa bhliain ar an meán.7
Cad iad na stíleanna atá le feiceáil sna húrscéalta comhaimseartha seo againn i nGaeilge, agus ar foilsíodh mórán dá leithéid sa 20ú haois? Conas mar a thugaimse faoi scéal a cheapadh agus a thabhairt i gcrích agus cén sórt éilimh atá ar na leabhair? Beidh noda, seachráin gan choinne agus — cá bhfios — réiteach na mistéirí seo agam sa chéad eagrán eile de Comhar.
Saothair a ceadaíodh
1 Ó Gríobhtha, Caoimhín, ‘An Scéal Bleachtaireacht’, Comhar (Nollaig 1948): http://www.jstor.org/stable/i23230982 [breithnithe 18/11/2016]
2 Haefs, Gabriele, ríomhphost chuig an údar, 01/02/2017. Is údar agus aistritheoir Gearmánach í Gabriele Haefs, atá gníomhach le suíomh gréasáin ar an bhficsean coireachta, www.kriminetz.de
3 Demko, G.J., http://www.dartmouth.edu/~gjdemko/nyaag.htm [breithnithe 05.12.2016]
4 Rankin, Ian, http://www.dailymail.co.uk/home/moslive/article-1260343/IAN-RANKIN-Ten-greatest-literary-crime-novels.html [breithnithe 06.12.2016]
5 Titley, Alan, An tÚrscéal Gaeilge (An Clóchomhar 1991)
6 Jones, Arwel, ríomhphost chuig an údar, 18/11/2016. Is oifigeach foilsitheoireachta é Arwel Jones le Cyngor Llyfrau Cymru (Comhairle Leabhar na Breatnaise)
7 https://en.wikipedia.org/wiki/Category:Icelandic_crime_fiction_writers [breithnithe 05.12.2016] agus http://www.liljawriter.com/ [breithnithe 27.01.2017]