Toghchán Tionóil 2017 — An bhfuil roinnt na cumhachta ‘inathnuaite’?

Póilín Ní Chiaráin
Toghchán Tionóil 2017 — An bhfuil roinnt na cumhachta ‘inathnuaite’?

Pictiúir le Rollingnews.ie

Díol suntais é gach ceantar sa toghchán ó thuaidh murab ionann agus babhtaí eile nuair nach raibh ach líon beag de na toghcheantair ina dtoghcheantair imeallacha.

Toghchán as an gcoitiantacht a bheidh ann ar an 2 Márta, vótáil don Tionól i Stormont deich mí i ndiaidh an toghcháin dheiridh. Bhí Bealtaine 2021 socraithe mar dháta don chéad toghchán eile ach chuir an scannal faoin bpraiseach a rinneadh den scéim fuinnimh inathnuaite agus an faltanas idir an dá pháirtí rialtais cor eile sa scéal. Beidh an vótáil neamhghnách freisin mar go mbeidh athruithe go leor ann. Laghdófar líon na dteachtaí ó sheisear go cúigear i ngach ceann de na 18 toghcheantar. Dá thoradh sin is díol suntais é gach ceantar an uair seo murab ionann agus babhtaí eile nuair nach raibh ach dornán beag de na toghcheantair ina dtoghcheantair imeallacha.

Tá ceann curtha ag an mBreitheamh Coghlin leis an obair don fhiosrú poiblí faoin scéim fuinnimh inathnuaite ach ní bheidh éisteachtaí poiblí ann go mbeidh an vótáil thart. Más slat tomhais é fearg an phobail, ba cheart go mbeadh tionchar ag an scannal ar an toghchán, ach is annamh a bhristear patrúin vótála i dTuaisceart Éireann. Léirigh suirbhé i mí na Nollag go raibh tacaíocht Arlene Foster laghdaithe i ngeall ar a cur chuige tútach i leith an scannail, ach tá sise ag iarraidh a chur ina luí ar vótóirí nach mór dóibh an t-aontas (sa Ríocht Aontaithe) a chosaint ó Shinn Féin. Plus ça change…

Tá na hiarrthóirí neirbhíseach faoi cé a bheas thíos leis an laghdú ar líon na suíochán ó 108 go 90. Tá roinnt iartheachtaí éirithe as ach tá formhór na saineolaithe den tuairim go mbeidh sé ionann is dodhéanta ag na príomhpháirtithe cailliúintí a sheachaint. Tá na páirtithe ar fad, cé is moite de Shinn Féin, ag maíomh nach iadsan faoi ndear an toghchán tobann. Tá Sinn Féin á thabhairt le fios gur ar mhaithe le gach saoránach a bhuail siad an buille scoir ar Stormont, ach tá an chosúlacht ar an scéal go raibh siad tuirseach de bheith á bhfágáil in áit na leathphingine ag an DUP. Bhí cosmhuintir an pháirtí den bharúil go raibh sé thar am ‘seasamh suas dóibh féin’.

Go bunúsach, theip ar an DUP agus Sinn Féin sa bhfiontar rialtais nuair a fágadh fúthu féin é. Tháinig ann don scoilt mhór níos lú ná dhá mhí i ndiaidh do Arlene Foster agus Martin McGuinness alt nuachtáin a fhoilsiú, ar an 21 Samhain ag déanamh gaisce as chomh maith is a bhí ag éirí leo agus ag caitheamh anuas ar na páirtithe a roghnaigh a dhul sa bhfreasúra.

Comhartha sóirt ar a réimeas ó Bhealtaine seo caite ab ea an drochmheas ar an bhfreasúra a léirigh siad go seasta. Díol suntais ab ea é nach mbíodh baill den DUP agus de Shinn Féin ag sáraíocht ar a chéile ar na meáin — an cur chuige ar baisteadh ‘an socrú neamhionsaithe’ air. I bhfianaise liosta na ngearán a bhí ag Sinn Féin nuair a d’éirigh siad as an bhFeidhmeannas, ní foláir nó gur chur i gcéill ab ea an socrú sin agus an t-alt nuachtáin sin a raibh an bheirt acu luaite leis.

Tháinig titim Stormont aniar aduaidh ar an DUP. Bhí a fhios ag an bhFeidhmeannas roimh thoghchán na bliana seo caite go raibh an scéim fuinnimh inathnuaite lochtach agus an caiteachas uirthi imithe ó smacht. Bhunaigh an Roinn Fiontair an scéim in 2012 faoi cheannas Arlene Foster a bhí mar aire sa roinn sin ag an am. Murab ionann agus an scéim sa Bhreatain a raibh scéim an Tuaiscirt bunaithe uirthi, níor cuireadh srianta ar tháillí abhus.

Bhí £1.60 le fáil ag úsáideoirí ar gach £1.00 a caitheadh agus ní bheadh uasteorainn i gceist le húsáid na scéime go ceann fiche bliain. D’fhág sin teas ag dul in aer i ngnóthaí agus cróite ina raibh doirse agus fuinneoga ar oscailt. Ba é an Státchiste i Whitehall a d’íocfadh as bunchostas na scéime, ach is ar Stormont a thitfeadh an costas breise de bharr na lochtanna abhus — £490 milliún punt faoi 2035.

I mí Iúil 2016, d’fhoilsigh Oifig Iniúchóireachta Thuaisceart Éireann tuairisc faoin scéim, faoi na lochtanna a bhí uirthi, faoin easpa monatóireachta a bhí á déanamh uirthi agus faoin gcostas a bhain léi. Ag an am sin, gheall Simon Hamilton, an tAire Eacnamaíochta nua (a tháinig i gcomharbacht ar Jonathan Bell a bhí sa phost i ndiaidh Arlene Foster) plean chun srian a chur ar an gcaiteachas maille le scrúdú a dhéanamh ar úsáideoirí. Faoi Dheireadh Fómhair, nuair a d’éirigh idir Máirtín Ó Muilleoir, an tAire Airgeadais, agus an t-iarAire Jonathan Bell ag coiste Tionóil, dúirt fear Shinn Féin go raibh sé féin agus a roinn an-ghnóthach ag iarraidh déileáil leis ‘an damáiste a rinne Jonathan Bell, as féin, do bhuiséad an Fheidhmeannais leis an RHI (an scéim fuinnimh inathnuaite)’.

Ba léir ón easaontas sin go raibh glactha ag Ó Muilleoir agus Sinn Féin leis an leagan den scéal a d’inseodh Arlene Foster go poiblí níos deireanaí — is é sin gur ar Bell amháin a bhí an locht mar nár cuireadh srian ar íocaíochtaí in 2015 agus toisc go raibh méadú mór ar líon na ndaoine a bhí ag úsáid na scéime le linn thréimhse na moille. Bhí an tAire Simon Hamilton ag obair ar phlean, a dúradh, agus ghabhfadh sé i gcomhairle le hÓ Muilleoir faoina chur i gcrích.

Mheil na muilte go mall. Ní raibh tada fógartha nuair a chuaigh lucht an chláir Spotlight ar BBC Thuaisceart Éireann i mbun tochailte faoin scéal. Chuaigh an scéal in olcas sách tapa ina dhiaidh sin. Mhol an freasúra vóta mímhuiníne in Arlene Foster i ngeall ar na botúin a rinneadh maidir le dearadh na scéime faoina ceannas mar aire. Chuir Foster cosa i dtaca, agus mhaígh sí nach ise a bhí ciontach mar nár ardaigh státseirbhísigh aon cheist léi. Bhí an Tionól ar saoire, ach d’iarr an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire seisiún speisialta ina bpléifí an rún mímhuiníne ach ina dtabharfadh Foster cuntas freisin ar gach ar tharla maidir leis an bplean chun cúrsaí a chur ina gceart. D’aontaigh an DUP agus Sinn Féin an cur chuige sin ar an 14 Nollaig, a deir Arlene Foster.

Lá arna mhárach chuaigh Jonathan Bell ar chlár teilifíse eile ar an BBC agus chuir Stephen Nolan faoi agallamh é. Líomhain Bell gurbh iad comhairleoirí neamhthofa an DUP ba chionsiocair leis an moill ar shrianta ar an scéim in 2015 agus mhaígh sé nár thug Arlene Foster éisteacht dósan nuair a rinne sé gearán. Rinne Foster botún i súile an phobail nuair a ghlac sí páirt sa chlár céanna gan agallamh Bell a bheith cloiste aici. Thug sí fogha fíochmhar faoina comhghleacaí, chomh fíochmhar sin go ndeachaigh seisean i muinín an dlí faoinar dhúirt sí.

Bhain craoladh an chláir teilifíse sin agus fearg an phobail faoin scannal croitheadh as Sinn Féin. Ní fios fós an raibh cúis ar bith eile acu leis an athrú poirt. D’iarr siad ar Foster seasamh i leataobh fad is a dhéanfaí imscrúdú, ach dhiúltaigh sí as éadan don iarratas sin. Faoin 19 Nollaig nuair a tháinig an Tionól le chéile bhí deireadh le tacaíocht Shinn Féin. Ní raibh siad sásta go labhródh Foster i Stormont faoin scéal mar Chéad-Aire, ach fós féin staon siad ón vóta mímhuiníne inti.

Is cosúil gur cheap siad go mb’fhéidir go ndéanfaí comhréiteach éigin i rith na Nollag ach is in olcas a d’imigh cúrsaí. Ba chiotach mar a láimhseáil Arlene Foster an chonspóid ón tús, ach fós ní ghéillfeadh sí orlach. Nuair a chuir an tAire Paul Givan an maoiniú £50,000 do scéim Ghaeltachta Líofa ar ceal bhí an lasair sa bharrach. Coicís ina dhiaidh sin, d’éirigh Martin McGuinness as an mar LeasChéad-Aire agus dhiúltaigh Sinn Féin aon chomharba a ainmniú, beart a chinntigh nach raibh Arlene Foster ina Céad-Aire níos mó.

Chuir Sinn Féin sotal, naimhdeas don chomhionannas, col le roinnt na cumhachta, gráin ar an nGaeilge agus caimiléireacht pholaitiúil i leith an DUP. Ní fios céard atá i gceist acu le caimiléireacht agus séanann an DUP go ndearna siad aon ní as bealach. Mhaígh Sinn Féin gur chuir siad suas le drochmheas an DUP ar mhaithe leis an bpróiseas polaitíochta a choinneáil sa tsiúl ach nárbh fhéidir glacadh leis a thuilleadh. Ní athrú poirt go dtí é.

Maidir leis an DUP, dúirt ionadaí dá gcuid liom ag an am gur mheas siad nach ngabhfadh Sinn Féin thar bhruach na haille. Níor thuig siad na gearáin faoi shotal agus neamhghéilliúlacht Foster — ba í ceannaire Thuaisceart Éireann í tar éis an tsaoil, an té a fuair an vóta pearsanta is mó anuraidh agus an ceannaire ar an bpáirtí is mó. Tá luí an DUP le riail an mhóraimh — fhad is gurb iad féin an móramh — i bhfad níos treise ná a ndúil sa pháirtnéireacht.

Ní fhéadfaí toghchán a sheachaint ach mhúscail gairm an toghcháin sé an-chuid ceisteanna i measc vótóirí. Céard le haghaidh a bheimid ag vótáil? Cén t-údar atá leis an toghchán seo? An fiú vóta a chaitheamh? An féidir an Feidhmeannas a athnuachan? Nach iad an dá dhream chéanna a bheidh i réim i Stormont athuair? Nó an ngabhfaidh siad ar ais sa bhFeidhmeannas le chéile? Má théann, an mbeidh siad níos éifeachtaí i mbun a ngnóthaí ná mar a bhí? An féidir a bheith ag súil le feabhas ar bith nuair a bheidh ceangal na gcúig gcaol orthu agus iad ag fanacht le toradh an fhiosrúcháin phoiblí faoin bpraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite?

Is cinnte go bhfuil cruacheisteanna á gcur ar an DUP ag na doirse. Beidh cuid de na ceisteanna sin á scrúdú chomh maith ag an bhfiosrúchán poiblí. Nuair a tugadh isteach an scéim fuinnimh inathnuaite, a bhí bunaithe ar an gceann a bhí i réim sa Bhreatain, cé a chinn nár cheart na srianta ar íocaíochtaí a bhí sa scéim thall a bheith sa scéim abhus?

Agus cén fáth?

Ar mhol éinne go ndéanfaí monatóireacht ar bhonn leanúnach ar úsáid na scéime, ar lucht úsáide na scéime agus ar an gcaiteachas uirthi? Cén fáth nach ndearnadh an mhonatóireacht sin? Cén fáth nár athraíodh gnéithe áirithe den scéim nuair a chuir saoránach fainic ar na húdaráis mar gheall orthu in 2014? Cén ról a bhí ag comhairleoirí speisialta an DUP? An amhlaidh go bhfuil na comhairleoirí sin níos cumhachtaí ná na hairí? Arbh é an DUP seachas an feidhmeannas a bhí i gceannas? Agus conas a ceadaíodh róchaiteachas ollmhór nuair nach bhfuil pinsinéirí in acmhainn seomra a théamh?

Ní bheidh sé éasca ag an DUP déileáil leis na ceisteanna sin, agus tá an páirtí ag iarraidh aird na vótóirí a dhíriú ar cheisteanna eile, ar rud ar bith eile seachas an scéim fuinnimh inathnuaite. Is é seo an toghchán is tábhachtaí ó 1998, a deir Arlene Foster. Tá lucht a páirtí ag moladh do vótóirí aontachtacha a bheith san airdeall mar go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh toradh thoghchán na bliana seo caite a chur ar neamhní chun an bonn a bhaint de neart an DUP agus clár poblachtánach a chur chun cinn. Maíonn siad chomh maith go bhfuil leatrom á dhéanamh ag ionchúisitheoirí ar shaighdiúirí na Breataine seachas a bheith sa tóir ar an IRA agus go bhfuil iarrachtaí ar siúl an Breatimeacht a shéanadh.

Tá cruacheisteanna le freagairt ag Sinn Féin chomh maith. Bhí ceannaire nua an pháirtí sa Tuaisceart, Michelle O’Neill ina haire sa roinn talmhaíochta nuair a reáchtáil an roinn sin cruinnithe ag ar moladh d’fheirmeoirí páirt a ghlacadh sa scéim fuinnimh.

Thairis sin, tá ceisteanna eile le cur ar Shinn Féin. Cé chomh fada is a bhí a fhios acu faoin scannal? Cén fáth nach ndearna siad rud éigin faoi roimhe seo? An raibh siad toilteanach neamhshuim a dhéanamh den scéal (nó fabhar do chairde) fad is nach raibh aird an phobail air? Má tá Acht na Gaeilge, ionracas, comhionannas, agus cearta do dhaoine aeracha chomh tábhachtach sin do Shinn Féin anois, céard ba bhun leis an maíomh a bhíodh acu go raibh an feidhmeannas ar fheabhas? Céard is féidir a chreidiúint? Tá Sinn Féin ag maíomh go bhfuil tine ar chraiceann a lucht tacaíochta an babhta seo mar go bhfuil deis á tabhairt dóibh an pholaitíocht a athrú ó bhonn. Is iad Sinn Féin na slánaitheoirí, más fíor dóibh féin, agus leas á bhaint acu as na gothaí sin chun vótóirí a mhealladh.

Ceist mhór eile ná an mbeidh páirtithe an fhreasúra agus na mionpháirtithe in ann a theacht i dtír ar dheacrachtaí an DUP agus Shinn Féin? An mbeadh an UUP nó an SDLP aon phioc níos éifeachtaí dá mba iadsan a bheadh i gcumhacht? Gan dabht chuir siad brú ar an DUP agus Sinn Féin faoin RHI, ach an ndéanfar é sin a chúiteamh leo? Tá súil ag Alliance agus an Comhaontas Glas a raibh acu a chaomhnú agus tá iarrthóirí sa bhreis ag Pobal Roimh Bhrabach. Cadhain aonair atá i Jim Allister ón TUV agus tá Jonathan Bell ag seasamh in éadan a sheanpháirtí, an DUP neamhspleách. Cén seans a bheidh ag an iarAire Cirt, an neamhspleách aontachtach Claire Sugden an turas seo?

Seo a leanas toradh na bliana seo caite:

DUP 38 suíochán (29.2%)

SF 28 suíochán (24%)

UUP 16 suíochán (12.6%)

SDLP 12 suíochán (12%)

ALLIANCE 8 suíochán (7%)

EILE 6 (15%)

90 suíochán seachas 108 suíochán a bheidh ann i dtoghchán na míosa seo chugainn, agus má roinntear uimhreacha na bliana seo caite dá réir, gan cúinsí áitiúla a chur san áireamh, bheadh 31 suíochán ag DUP (tá siad ag súil le 33) agus bheadh 23 nó 24 suíochán ag Sinn Féin.

Bheadh 13 ag an UUP, deich gcinn ag an SDLP, seacht gcinn ag Alliance agus cúig cinn ag neamhspleáigh agus mionpháirtithe.

D’fhágfadh sin an DUP agus Sinn Féin ar thús cadhnaíochta arís agus na fadhbanna céanna le réiteach go fóill acu.

Póilín Ní Chiaráin

Is iriseoir agus craoltóir í Póilín Ní Chiaráin.