Tráth machnaimh ó thuaidh i ndiaidh toghchán stairiúil

Póilín Ní Chiaráin
Tráth machnaimh ó thuaidh i ndiaidh toghchán stairiúil

Pictiúr le Rollingnews.ie

Agus sinn ag druidim le comóradh céad bliain ar bhunú Thuaisceart Éireann is mionlach iad na haontachtaithe i Stormont den chéad uair.

Tubaiste don DUP agus údar caithréime do Shinn Féin. Bhain an dá chor sin i scéal an toghcháin ó thuaidh croitheadh as cuimse as aontachtaithe. Go deimhin, bhain sé geit as gach éinne. Ní cuimhin le hiriseoir ar bith ar m’aithne a leithéid de thoghchán i dTuaisceart Éireann.

Agus sinn ag druidim le comóradh céad bliain ar bhunú Thuaisceart Éireann is mionlach iad na haontachtaithe i Stormont den chéad uair. Ba é an chéad fhreagra ag an DUP ar an mbuille sin ná an milleán a chur ar na meáin chumarsáide, ar an UUP agus ar cheap cáinte ar bith a bhféadfaí cuimhneamh air seachas an DUP féin. Ba léir, áfach, go gcaithfí dianmhachnamh a dhéanamh.

I gás an 18 suíochán nach raibh ar fáil toisc líon na dTeachtaí a bheith íslithe ó 108 go 90, chaill an DUP deich suíochán agus chaill an UUP sé cinn acu. Ba iad Sinn Féin agus Pobal Roimh Bhrabach a chaill an dá cheann eile. Níl ach suíochán amháin d’fharasbarr ag an DUP ar Shinn Féin anois — 28 in aghaidh 27 — agus ní raibh eatarthu ach 1,200 vóta. Tar éis seicteachas agus nimh an fheachtais do thoghchán tionóil 2017, tá athrú ó bhonn againn, crith talún polaitíochta.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin mbuille síceolaíoch sin d’aontachtaithe sa stát a bunaíodh chun móramh aontachtach a chaomhnú. Ní hionann sin agus a rá nach bhféadfadh páirtithe aontachtacha móramh na suíochán i Stormont a bhaint arís, ach tá an céatadán den daonra ar aontachtaithe iad ag titim agus líon na náisiúnach, nó na ndaoine ó chúlra náisiúnach, ag dul i méid. Má tá aontachtaithe chun a dhul i ngleic leis na hathruithe sin, caithfidh siad iad féin a chur in oiriúint don saol úr.

Ba é ‘aontas aontachtach’ an íocshláinte a moladh ar an toirt. Sin é an moladh a bhíonn ann i gcónaí in am na géarchéime. Rinne aontachtaithe amhlaidh i 1985 chun cur i gcoinne chomhaontú Hillsborough nuair a rinne Margaret Thatcher ‘feall’ orthu. Níor mhair sé. Agus ní hin é fuascailt na faidhbe. Ní mór do na páirtithe aontachtacha a raison d’être agus a gcur chuige a scrúdú. Drochsheans gurb é meon an léigir an chosaint is fearr nuair atá contúirt eisiach i gceist.

Cé is moite den mhilleán a chur ar aontachtaithe eile nár aistrigh vótaí chuig an DUP, ní dheachaigh Arlene Foster i ngleic –go poiblí ar aon nós- leis an dúshlán nua. Shéan sí gur ghéarchéim é. Dúirt sí go raibh a ceannaireacht slán sábháilte. Dúirt sí chomh maith go raibh sé riachtanach díriú go huile agus go hiomlán ar na cainteanna i Stormont chun na hinstitiúidí a chur sa tsiúl arís. Cibé ní a thiocfaidh as cainteanna i Stormont nó cibé gearr nó fada an t-achar a thógfaidh sé orthu feidhmeannas díláraithe a athbhunú, tá fadhbanna eile ag aontachtaithe, agus ag an DUP go sonrach .

Is furasta a thuiscint go mbeadh col ag Arlene Foster le Sinn Féin i bhfianaise ionsaí an IRA ar a hathair agus an buama a chuir siad ar bhus scoile a raibh sí féin air. Ach ní thugann sé sin an ceart di a bheith maslach faoi éilimh náisiúnaithe. Deir sí gur bréagthuairisciú é a rá gur ghlaoigh sí crogaill ar Ghaeilgeoirí. Sinn Féin a bhí i gceist, ar sí. Ach is í fírinne an scéil gur ceist shimplí ó iriseoir ionraic a d’fhiafraigh dí cén fáth nach nglacfadh sí le hAcht Gaeilge a tharraing an racht faoi chrogaill chraosacha uaithi. Ní féidir an chaint tharcaisneach a dheighilt ó Ghaeilgeoirí.

Níor léirigh sí stuaim pholaitiúil i rith an fheachtais. Glacadh sí leis nó ná glacadh d’fhill sí ar nósanna diúltacha an tsean-DUP agus bhain sí leas as béarlagair oilbhéasach. Ba í an feachtasóir ab éifeachtaí a bhí ag Sinn Fein í. Ní hamháin go raibh fearg ar dhaoine faoi airgead poiblí a bheith á chur amú ar an bpraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite, an RHI, ach ghlac daoine nár thacaigh riamh le Sinn Féin — neamhaontachtaithe den uile shórt agus roinnt aontachtaithe chomh maith — masla óna cuid cainte.

Mar a dúirt Ian Paisley óg, ní mór di féin agus don DUP scrúdú a dhéanamh ar an bhfriotal cainte acu. Rinne Peter Robinson mar cheannaire an DUP óráid mhór amháin inar thagair sé don ghá a bhí le cumarsáid a dhéanamh le daoine seachas le cosmhuintir a pháirtí amháin, agus bhí blas de smaoineamh aige faoi lámh a shíneadh i dtreo náisiúnaithe. Ní foláir nó gur chaill sé a mhisneach nó gur chuir an páirtí srian air ach ní dhearna sé tada mar thaca leis an óráid. I gcás Arlene Foster ní léir go ritheann an smaoineamh féin léi. Le linn díospóireachta réamhthoghcháin labhair sí go trodach, neamhbhalbh faoi aidhmeanna ar mhaithe lena ‘muintir féin’. Níor fhreagair sí Naomi Long agus Colum Eastwood nuair a dúirt siad gurb é a dualgas gníomhú thar ceann gach éinne.

Ní de sheans a bhí Naomi Long ag ceann an chomhairimh i mBéal Feirste Thoir, mar a bhfuil an suíochán parlaiminte ag an DUP de bharr margadh aontachtach in aghaidh Alliance. Dhírigh Long ar na ceisteanna a bhíonn ag dó na geirbe ag vótóirí gach lá — an RHI, an Breatimeacht, cúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais agus cúrsaí fostaíochta. Dúirt sí nach raibh baint ar bith ag an gceist bhunreachtúil leis an toghchán, d’ainneoin go raibh Arlene Foster ag maíomh go raibh an áit atá ag Tuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe i mbaol. Ba léir gur aontaigh na toghthóirí le Long.

B’aisteach go deo an faitíos a bhí ar an DUP roimh chaint ar ionannas. Maíonn cuid acu, mar a rinne siad aimsir ghluaiseacht na gcearta sibhialta dhá scór bliain ó shin, gur ionann comhionannas agus rud éigin a bhaint díobh féin. Léireodh ceannaire cumasach aontachtach go soiléir gur seafóid í an chaint sin. Ceannaireacht dhearfach a bheadh ann a thaispeáint do dhaoine gur fearrde gach éinne an comhionannas. In ionad a bheith ag cothú imní i dtaca le reifreann faoin teorainn, shílfeá go mbeadh ceannaire aontachtach meabhrach ag caint ar shochaí a thógáil ina mbeadh rath ar an Aontas.

Ní hiad an DUP amháin a chaithfidh machnamh a dhéanamh i ndiaidh an toghcháin. Thug an SDLP na sála leis: choinnigh siad dáréag teachtaí, chaill siad dhá shuíochán, ach bhuaigh péire eile ina n-áit. Mhéadaigh Alliance a vóta agus choinnigh siad a n-ochtar teachtaí.

Rinneadh satailt ar an UUP agus sula raibh comhaireamh na vótaí críochnaithe d’fhógair Mike Nesbitt go raibh sé ag éirí as ceannaireacht an pháirtí. Bhí iarracht déanta aige chun polaitíocht trasphobail a chothú ach rinne sé go tútach é. Mhol sé go n-aistreodh daoine vótaí chuig an SDLP ach níor ullmhaigh sé a pháirtí dá réir agus níor chuir sé a iarrthóirí ar an
eolas roimh ré agus ní dhearna sé margadh críochnúil le héinne. Ba chosúil gur ruathar aonair a bhí ann agus baineadh tuisle as.

Bhí sé soiléir le fada gur ghá don UUP agus don SDLP dianscrúdú a dhéanamh orthu féin. Ba iadsan príomhpháirtithe Chomhaontú Aoine an Chéasta ach fágadh in áit na leathphingine iad nuair a d’iompaigh móramh chuig an DUP agus Sinn Féin. Fós féin, ní léir go gcuireann siad i gcion ar dhaoine céard lena aghaidh iad, cé is moite den gheallúint go dteastaíonn uathu a chinntiú go mbeadh rath ar Thuaisceart Éireann.

Bhí roinnt mhaith náisiúnaithe amhrasach faoi fhiúntas an chur chuige sin ag an SDLP, ach maíonn a gceannaire Colum Eastwood gur chéim thábhachtach i dtreo Éire aontaithe é rathúlacht an tuaiscirt.

Agus an mian le Sinn Féin go mbeadh rath ar Thuaisceart Éireann? Bhí siad ag caitheamh anuas ar Eastwood faoin gcuspóir sin tráth ach toisc go bhfuil a fhios acu go maith nach bhfuil Éire aontaithe ar na bacáin sa ghearrthréimhse caithfidh siad déileáil leis an gceist seo. Dúshlán mór dóibh is ea an ról nua atá acu de thoradh an toghcháin. Tá cuimhne ghléineach acu ar phatuaire agus míshástacht na dtoghthóirí anuraidh. Ba é toghchán na bliana seo an bhuaic, ach caithfidh siad a bheith san airdeall.

An ndéanfadh siad tuilleadh dul chun cinn agus iad ar ais i bhFeidhmeannas leis an DUP nó arbh fhearr leo tréimhse fhada gan tada ar siúl i Stormont? D’admhaigh duine dá lucht stocaireachta go raibh siad mórtasach as chomh maith agus a d’éirigh leo ach go raibh siad anois ag siúl ar théad rite dá bharr. Má bhíonn siad ró-neamhghéilliúil cuirfear ina leith, mar a dúirt Peter Weir an DUP, go bhfuil siad imithe ó ‘Brits Out’ go ‘Brits In’. Bheadh éifeacht aige sin ar a dtionscnamh ó dheas. Ar an taobh eile den scéal má mheastar iad a bheith róghéilliúil bheadh an baol ann go n-iompódh a lucht leanúna ina n-aghaidh, mar a bhí á bhagairt acu sular shiúil an páirtí amach as Stormont i mí Eanáir. Tá Sinn Féin an-tógtha le feachtasaíocht in aghaidh an Bhreatimeachta agus mórán cainte acu faoi na himpleachtaí a bhaineann leis ar bhonn uile-Éireann. Agus dul chun cinn á dhéanamh ó dheas acu agus iad neartaithe go mór ag an toghchán ó thuaidh, caithfidh siad cúrsa a leagan amach go cliste ionas nach gcuirfidh siad buntáiste ar bith amú. An ionann sin agus leas an phobail trí chéile a dhéanamh, mar a bhíonn á a mhaíomh go seasta ag Michelle O’Neill?

Cífimid.

Póilín Ní Chiaráin

Is iriseoir agus craoltóir í Póilín Ní Chiaráin.