Cearta teanga do chách (consistent with viability considerations)!
An Cúigiú ColúnaíBa í an chuid de thaighde nua an Choimisinéara Teanga is mó a chuirfeadh alltacht ar dhuine ná an chuid sin de a léirigh gur minic a dhéanann córas na scéimeanna teanga, a mbíonn Roinn na Gaeltachta ina bhun, laghdú ar líon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón Stát, seachas a bheith ag cur leo.
Ní dóigh leis An Cúigiú Colúnaí gur thug daoine leo i gceart brí na teachtaireachta ag an gCoimisinéir.
Go bunúsach, i gcásanna áirithe tá Roinn na Gaeltachta agus Aire na Gaeltachta ag tacú le comhlachtaí poiblí a bhfuil fonn orthu uiscealú a dhéanamh ar ghealltanais a thug siad cheana nó fáil réidh leis na gealltanais sin ar fad. Ní hamháin sin, ach i roinnt cásanna cheadaigh an tAire scéimeanna inar tugadh neamhaird ar chinneadh de chuid an Choimisinéara.
I bhfocail eile, nuair a chinn an Coimisinéir, i ndiaidh dó imscrúdú reachtúil a dhéanamh, go raibh sárú déanta ar dhualgas reachtúil teanga, thaobhaigh an tAire agus an Roinn leis an gcomhlacht poiblí a bhí i mbun an dlí a shárú seachas leis an gCoimisinéir!
Ní fhéadfaí é a chumadh.
Don té a mbeadh an goile aige chuige, tá tuarascáil taighde Oifig an Choimisinéara breac le samplaí den chineál útamála seo a dhéanann ceap magaidh den chóras a tugadh isteach chun nach mbeadh gá ag lucht labhartha na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla agus iad i mbun gnó leis an Stát.
Bhainfeadh cuid de na samplaí sin gáire asat mura mbeadh an scéal ar fad chomh gruama sin.
‘Foilseofar gach ábhar ar an láithreán gréasáin go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla,’ a gheall Comhairle Contae na hIarmhí ina gcéad scéim teanga.
Chinn an Coimisinéir Teanga nár comhlíonadh an gealltanas áirithe sin agus gur sháraigh an Chomhairle a ndualgas reachtúil teanga dá bharr. Nuair a theip ar an gComhairle an scéal a chur ina cheart shocraigh an Coimisinéir tuairisc a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, an t-aon rogha eile a bhí fágtha aige.
Cad a rinne Roinn na Gaeltachta agus Aire na Gaeltachta faoi ghníomh sollúnta tromchúiseach seo an Choimisinéara? D’aontaigh siad scéim eile leis an gComhairle inar gealladh ‘an t-ábhar statach ar an leathanach baile’ agus príomhleathanaigh áirithe a chur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.
Sa chéad scéim teanga ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia, a daingníodh in 2006, gealladh go gcinnteofaí go mbeadh aon chóras idirghníomhach a chuirfeadh an Roinn ar líne feasta ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Sa dara scéim ag an Roinn seo, a daingníodh in 2016, níl tagairt ar bith ann do sheirbhísí idirghníomhacha i nGaeilge.
Sa dara scéim ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas gealladh go gcuirfí a bhfoirmeacha iarratais agus na bileoga eolais a bhaineann leo ar fáil sa dá theanga. Faoin am ar aontaigh an Chomhairle an tríú scéim le lucht na Roinne ‘réamhrá gearr agus achoimre i nGaeilge sna bileoga eolais go léir’ a bhí á ghealladh.
Gheall an Roinn Coimirce Sóisialaí in 2006 go mbeadh
an Ghaeilge ina teanga oibre in oifigí na roinne sa Ghaeltacht faoi 2020.
Ba mhór idir sin agus an gealltanas i scéim na bliana 2016 go mbainfí an sprioc sin amach ‘thar shaolré roinnt scéimeanna’.
Tá go leor samplaí eile ag Oifig an Choimisinéara den fhriotal seachantach doiléir a cheadaíonn an Roinn i scéimeanna teanga.
Beidh áthas ort, táim cinnte, a chloisteáil go bhfuil sé ‘de chuspóir’ ag An Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta duine a chur ar fáil le labhairt i nGaeilge leat ar an bhfón ‘más féidir’.
Beidh áthas ort chomh maith a chloisteáil go n-aithníonn An Foras Riaracháin go bhfuil sé de cheart agat ‘seirbhísí Gaeilge a lorg’ agus go ndéanfaidh sé a ‘dhícheall’ na seirbhísí sin a chur ar fáil duit ‘consistent with viability considerations’.
Agus nach fearr a codlóidh tú anocht agus fios agat go ndéileálfaidh Gaeilgeoirí na Comhairle sin leat i nGaeilge ‘ach iad a bheith ar fáil’ nó go dtabharfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann ‘deis do chustaiméirí ar mhian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge coinne a dhéanamh’.
An Roinn Oideachais féin, tabharfaidh siad freagra i nGaeilge ort ‘más féidir’, nó ina áit sin déanfaidh siad ‘tairiscint go nglaofaidh ball foirne ar féidir leo plé le ceisteanna i nGaeilge’ ar ais ort ‘laistigh de 1 lá oibre’.
Agus mar fhocal scoir, féadfaidh tú talamh slán a dhéanamh de go mbeidh foireann Chomhairle Contae na hIarmhí ‘ar an eolas’ maidir le ‘coincheap ‘na tairisceana réamhghníomhaí’ i dtaobh seirbhísí i nGaeilge.
Ag tagairt don tseoid áirithe sin, deir an Coimisinéir féin nach léir dó ‘cén buntáiste’ atá ann ‘don chustaiméir’ go mbeadh an fhoireann ar an eolas faoi ‘choincheap na tairisceana’ agus tugann sé le fios go mb’fhéidir gurbh fhearr an rud an tairiscint a dhéanamh.
Nach é atá soiniciúil?
Nóta – Má bhíonn fáil air, déanfaidh an Cúigiú Colúnaí a dhícheall an mhí seo chugainn colún eile a chur ar fáil daoibh, consistent with viability considerations