'Lá le Bloom' agus dánta eile

Mike Mac Domhnaill

Dánta ó pheann Mike Mhic Dhomhnaill

Lá le Bloom


Ulysses léite fós agat?
Níl, ambaiste, ná a leath.

— Agus ní bheadsa in ann, mar sin,
tabhairt faoin gcathair
ar mo sheanbhaidhc
ag ligint orm gur den aois sin mé
nó den aicme.

Níl ná a leath
ach an bhliain seo chugainn
feicfear ann chun tosaigh mé
sciar maith duán
caite siar agam
agus Molly liom, thuas ar an mbarra,
fan go bhfeice.

Ceist do m’Athair

i.m. Tommy Mc Donnell

Bainne-bó-buidhe
an focal a bhí agaibh
i Sean-Ghualainn sna fichidí
nuair a d’fhéach sibh
ar shabhaircíní ag gobadh
ón gclaí?

An é gur thug tú grá don bhfocal
is go ndeachaigh an péire —
bainne-bó-buidhe ’s bainne-bó-bleacht —
in éineacht,
mar éascaitheoirí, mar mhná cabhracha
an earraigh?

Nó leid a d’fhágais dom,
bronntanas ó iarthar Luimnigh
a bhí scuabtha suas agat,
cailís bheag na teanga
fágtha mar uacht agat,
mar chomhartha?

An Méid Nár Léigh

An méid nár léigh
‘Aunt Julia’ le Norman MacCaig,
Dún Éideann agus Asainn
de shíor ina cheann,
é ag aimsiú na fírinne
ar Loch na Bearraig
nó ar stól sa tábhairne
ag breathnú
ar na línte buidéal.
— Agus ag cur as duit?
An méid bheith chomh beag,
nár bhreá liom
féachaint thar mo ghualainn
ar an té a stadfadh ina sheasamh
ar chloisint na línte sin dó:
Aunt Julia ina luí i Losgaintir,
Aunt Julia ina luí sa doircheacht
agus í fós ag cur ceisteanna,
ceisteanna i nGaeilge
— í fós ag fanacht le freagra.

Mike Mac Domhnaill

Is file agus scríbhneoir é Mike Mac Domhnaill