Scríbhneoirí sábháilte, gnáthléitheoirí agus na creabhair!

Liam Prút
Scríbhneoirí sábháilte, gnáthléitheoirí agus na creabhair!

I bhfad uainn an scríbhneoireacht shocair shábháilte, agus bíodh na múinteoirí níos mó ná leathanach amháin chun tosaigh ar a gcuid scoláirí

Is cosúil gurb é an traidisiún scríbhneoireachta is láidre inár measc inniu traidisiún an scríbhneora shábháilte. Seo an cineál scríbhneora a chuirfidh cóip ar fáil go flúirseach ar leibhéal teicniúil ard. Ach an léann aon duine a mbíonn á scríobh aige! Scríbhneoir neamhurchóideach is ea é. Bíonn deifir rómhór orainn sa saol inniu agus bímid gafa le saothrú agus slí bheatha. Agus tá an léitheoireacht ag dul as faisean. De dheasca na teicneolaíochta físe, cuid mhór, tá scil na léitheoireachta tar éis dul siar i dtreo an phictiúir ónar tháinig sí. Scríbhneoireacht scamallach, dhioscúrsach, dhúr, gan mórán beochta, atá againn. Ba leor sin chun an gnáthléitheoir a chur ó dhoras dá mbeadh a leithéid de dhuine ann agus gnáthléitheoir!

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Liam Prút

File agus scríbhneoir ab ea Liam Prút