Seacht gceacht don chumadóir amhrán…

John Spillane
Seacht gceacht don chumadóir amhrán…

Maisiú: markwickham.org

Grá mo chroí teas na gréine, grá mo chroí an bóthar bán, agus grá mo chroí-se an chumadóireacht amhrán, a deir John Spillane

Bóthar álainn is ea bóthar bán na cumadóireachta amhrán. Táimse fhéin ag geáitsíocht ar an mbóthar seo le daichead bliain. Is iomaí ceacht atá foghlamtha agam agus an bóthar sin á shiúl agam, agus táim thar a bheith sásta na ceachtanna sin a roinnt leat, a léitheoir shéimh, a chara. An chéad cheacht atá le múineadh anseo agam daoibh ná seo; níl a fhios againn i gceart in aon chor cad atá á dhéanamh againn agus muid ag gabháil don obair seo. Urchar sa dorchadas is ea gach aon iarracht a dheinimid — dul sa tseans, triail a bhaint as. Tá pléisiúr uafásach mór le baint as a bheith ag taisteal ar an mbóithrín seo. Téann tú isteach in úllord órga tráthnóna fómhair, abair, síneann tú amach do lámh, agus díreach ag an neomat san titeann úll álainn dearg óir isteach i do ghlac. Bronntanas. Ní hé go bhfuil aon smacht agat air seo, níor dheinis ach an chuairt a thabhairt ar an úllord agus do lámh a shíneadh amach, go neafaiseach, le teann dóchais, agus le teann fiosrachta.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
John Spillane

Is scríbhneoir amhrán agus amhránaí é John Spillane. Tá céim sa Bhéarla agus Gaeilge faighte aige ón gColáiste Ollscoile Chorcaigh.