Sruth na cumadóireachta agus an seaicéad tarrthála…
Nuair a thagann na smaointe chugat ina sruth, breac síos gach ceann acu agus ná déan aon athrú orthu go dtí ina dhiaidh sin
D’fhás mé aníos i gConamara ag spraoi ar an bhfarraige le cadhcanna, currachaí agus raftaí éagsúla. Ní raibh cead amach ar an mbóthar ach bhí cead amach ar an bhfarraige. Is cuimhin liom an-sult a bhaint as a bheith ag léimt ón gcé i gCasla. Naoscaire a bhí ionam ag caitheamh cloch; ní raibh buidéal, crann, bosca éisc nó rud ar bith sábháilte. Is dóigh go bhféadfaí a rá gur chaith mé cuid mhaith ama liom féin agus mé i mo leaid óg. Bhí mo chuid deartháireacha agus deirfiúracha roinnt mhaith níos sine ná mé. Níor éist mé le mórán ceoil go dtí go raibh mé 14. D’éist mé leis an stáisiún raidió ‘Atlantic 252’ agus mé i mo pháiste agus leis an raidió go ginearálta, ach ní raibh mé tada chomh tógtha leis an gceol agus a bhí mé le cúrsaí bád. An rud a thaitin liom faoi chúrsaí farraige ná go raibh mise in ann seilbh a ghlacadh ar an domhan sin agus ligean don tsamhlaíocht dul fiáin, nó b’fhéidir gurbh amhlaidh gur bhraith mé nach raibh an fharraige faoi smacht ar chor ar bith ag aon duine agus gur spreag sé sin mé.
D’éist mé le AC/DC mar gur éist mo chuid deartháireacha leo, agus d’éist mé le Bonnie Tyler, Kíla, Roxette, R.E.M, Tina Turner, agus scaití na Frames, mar gur éist mo dheirfiúr leo. Nuair a bhí mé i mo dhéagóir thosaigh mé ag éisteacht le teicneo, Drum n’ Base agus ceol Hip Hop agus bhí tionchar mór ag an gceol sin orm ag an am. Is le linn na tréimhse sin a tháinig an t-ainm MC Muipéad chun cinn. Lá amháin ní raibh mé sásta cluiche ríomhaire a imirt le duine de mo chairde mar go raibh mé i lár cluiche le cara eile agus ghlaoigh sé ‘muppet’ orm agus é ag magadh fúm. Bhí go leor leasainmneacha seafóideacha againn ar a chéile agus shocraigh mé an ceann áirithe sin a cheiliúradh nuair a thosaigh mé ag ceol agus thug mé MC Muipéad orm féin. Mhothaigh mé go raibh an baol ann go n-éireoinn ró-dháiríre mar dhuine agus cheap mé go gcuideodh an t-ainm liom gan a bheith ró-dháiríre ar fad.
An dearcadh atá agamsa ná go dtagann gach rud a bhraitheann muid tríd an intinn, ó na tuiscintí a fhoghlaimíonn muid faoin saol fuinniúil atá mórthimpeall orainn. B’fhéidir go gceapfá go bhfuil a leithéid de dhearcadh simplí nó leadránach ach sin í an fhealsúnacht a thugann an ‘solúbthacht’ dom le ‘feabhas’ a chur orm féin agus a chuireann ar mo chumas glacadh le tuairimí ‘nua’. Ar ndóigh, ní gá glacadh le gach uile tuairim a chloiseann tú ach is fiú beagán machnaimh a dhéanamh orthu ar fad chun go mbeadh tuiscint níos fearr agat ar dhaoine eile.
Stiúrann an dearcadh sin gach rud a dhéanaim, scríbhneoireacht amhrán san áireamh, agus déanaim iarracht gan dearmad a dhéanamh go bhfuil measúnú suibiachtúil i gceist le gach rud a fheicim nó a shamhlaím. Sa saol seo ina mairimid tá go leor rudaí a cheaptar a bheith buan, nó cinnte, agus déanaimse iarracht léargas a thabhairt ar na rudaí beaga sin ar shlí ‘éagsúil’.
Ní chloisfidh éinne ach céatadán beag de mo chuid oibre. Tá go leor den méid a scríobhann mé nach bhfuil sách maith. Go minic is sceitseanna a bhíonn i gceist a chuidíonn liom ar leibhéal pearsanta agus cuireann liricí a scríobhaim ina luí orm ábhar éigin a phlé agus machnamh a dhéanamh air.
Maidir le hábhar a spreagann mé chun amhráin a scríobh, is rudaí brónacha a thagann chun cinn den chuid is mó. Bhí seal ann agus cheap mé go raibh sé sin saghas gruama, ach de réir a chéile thug mé faoi deara gurb é an scéal céanna ag formhór na n-amhránaithe. Ní raibh tada speisialta nó éagsúil fúmsa i dtaobh thobar na inspioráide de.
Éagsúlacht an tsaoil a thugann fuinneamh dom, rudaí áirithe ag amanna áirithe; agus ní oibríonn an cleas céanna gach uair
Tá cúpla bealach go dtagann smaointe chugam i bhfoirm liricí. Uaireanta bím ag éisteacht le hamhrán agus bím ag smaoineamh orthu i ngan fhios dom féin agus sula dtuigim céard a bhíonn ar bun agam bím i mbun athrá ar abairt, ar fhocal, nó ar rithim fuaime. Déanaim iarracht an sruth sin a chur ar pháipéar nó ar ghuthán póca, agus é a chur in oiriúint don taithí saol agam féin. Téim ag plé le pé téama a thagann chugam agus déanaim iarracht abairtí fiúntacha a bhreacadh sula n-imíonn an teas uilig asam. Moladh atá agam ná nuair a thagann na smaointe chugat ina sruth, breac síos gach ceanna acu agus ná déan aon athrú orthu go dtí ina dhiaidh sin. Ba cheart i gcónaí leabhar nótaí a bheith leat mar tagann an t-uafás smaointe gan choinne. D’fhéadfá a bheith ar an mbus, suite os comhair na tine, sa bpub, i gcaifé, ag siúl síos an tsráid, amuigh ar an bhfarraige agus tiocfaidh inspioráid chugat go pras, gan aon fhógra. Déanfaidh tú dearmad go minic ar an méid a thagann chugat chomh tapa céanna mura bhfuil bealach agat chun taifead a dhéanamh ar do chuid smaointe.
Scaití bíonn ort dul chuig imeacht éigin nó labhairt le daoine nua chun spreagadh a fháil agus uaireanta tarlaíonn sé go dtagann inspioráid chugat ó scannán, leabhar, dealbh, saothar ailtireachta nó fís éigin a chruthaíonn splanc san intinn a chuireann tús le maidhm na cruthaitheachta. Scaití is nath cainte ó fheirmeoir nó iascaire a spreagfadh smaoineamh. B’fhéidir go mbeadh tionchar díreach ag rud a chonaic mé ar an rud a chruthaíonn mé, ach go minic is ar éigean go mbíonn aon cheangal díreach idir an dá rud.
Tar éis splanc sin na cruthaitheachta nádúrtha fiáine, bíonn obair chrua eagarthóireachta i gceist leis an saothar a thabhairt chun críche. Caithfidh tú a shocrú céard a tharlaíonn sa dara véarsa, mar shampla. Mar a bheadh scannán a chumadh, caithfear an cheist a chur, an bhfuil fadhb le réiteach agus má tá, cén t-athrú a thiocfaidh ar an amhrán dá bharr? Go minic domsa tagann an curfá ó véarsa nár ghlac mé ar fad leis. Go minic leis an gcurfá níl uait ach go mbeadh sé mealltach agus ceolmhar.
Ceann de na rudaí a ndéanaim iarracht é a sheachaint ná an fhoclaíocht a dhéanamh róchasta. Is fearr liom go mbeadh an fhoclaíocht sothuigthe ach, ag an am céanna, go mbeadh téama nó ábhar níos casta fite fuaite léi síos tríd. Bím i gcónaí ag iarraidh na liricí a dhéanamh níos ceolmhaire le rithim atá spéisiúil, mealltach agus, nuair a oireann sé, cliste.
Ní féidir a bheith cruthaitheach i gcónaí. Uaireanta tagann rudaí gan choinne agus bíonn sé breá éasca, ach an chuid eile den am bíonn ort tabhairt faoin obair ar bhonn comhfhiosach. Sílim go bhfuil bealaí éagsúla ag gach duine chun é seo a dhéanamh, agus cibé modh a oireann duitse, lean leis. Ní spreagadh dom leathanach bán os mo chomhair amach. Déanaimse cinnte go bhfuil rudaí timpeall orm a spreagann mé.
Éagsúlacht an tsaoil a thugann fuinneamh dom, rudaí áirithe ag amanna áirithe; agus ní oibríonn an cleas céanna gach uair. Scaití teastaíonn ciúnas iomlán uaim agus uaireanta eile cuidíonn timpeallacht fhuinniúil ghlórach liom, mar a gheofá i gcaifé nó pub. Ní hé go mbím ag éisteacht leis na fuaimeanna uilig timpeall orm ach is maith ann sa gcúlra an sruth nó an cuisle fuaime chun éisteacht leis, nó neamhaird a thabhairt air, de réir mar a theastaíonn. Tarlaíonn sé go minic freisin go dteastaíonn uaim a bheith sa mbaile i gConamara, ag sú isteach radharcanna agus fuinneamh na háite. Breosla cuideachta atá i gceist leis.
An ceol mar sheaicéad tarrthála
Anois níos mó ná riamh, airím go bhfuil an tsláinte tábhachtach don phróiseas cruthaitheachta. Creidim go bhfuil nasc láidir idir cúrsaí meabhairshláinte agus cúrsaí aclaíochta, agus táim tar éis go leor athruithe a chur i bhfeidhm ar mo shaol bunaithe ar an nasc sin.
Is fearr liom a bheith i mo ‘zón’ féin den chuid is mó. Is maith liom, mar shampla, a bheith ag déanamh aclaíochta agus ag éisteacht le ceol i m’aonar.
Bhíodh am ann agus ba chuma liom cén chaoi ar chaith mé liom féin; mhothaigh gach rud go breá agus bhí mé sách sásta agus cruthaitheach le leanacht ar aghaidh im ógánach soineanta neamheaglach. De réir mar a thosaigh mé ag éirí níos sine, d’éirigh sé níos deacra a bheith dearfach agus gan a bheith in ísle brí. Dá bharr sin, theastaigh uaim an drochshláinte a thagann le haois a sheachaint a oiread agus ab fhéidir. Thug an aclaíocht fócas dom agus d’oibrigh sé mar shaghas ancaire dom. Maidir leis an gcolainn agus inchinn de, tá neart staidéir déanta a léiríonn an nasc idir an dá rud. De bharr na haclaíochta, téann níos mó ocsaigine go dtí an inchinn agus bíonn do smaointe níos soiléire. Freisin, bíonn tú sásta go bhfuil obair fhisiciúil déanta agat agus is cuidiú síceolaíochta an méid sin.
Rud eile a thugann faoiseamh dom ná smaoineamh áirithe nach bhfágann mo chloigeann riamh, fís díom féin ar bhád ag seoltóireacht i m’aonar go dtí áiteanna i bhfad i gcéin. Ag trasnú farraigí an domhain agus ag maireachtáil ar an áit is iontaí atá againn - an fharraige. Leis an fhírinne a rá, níl sé éasca cur síos a dhéanamh ar an tslí a thugaim faoin scríbhneoireacht; is fórsa fiáin é atá sách láidir le mé a chur go tóin poill. Gach rud a dhéanaim chun mé féin a láidriú agus a chur in iúl, is ionann é agus seaicéad tarrthála a chur orm féin.