An t-úrscéal sa Mhanainnis… 

Alan Titley
An t-úrscéal sa Mhanainnis… 

MARKWICKHAM.ORG

Tá an t-úrscéal sa Mhanainnis 100 bliain níos óige ná an t-úrscéal Gaeilge. Cén bóthar a thug sé air féin? D’fhiosraigh Alan Titley an scéal

Tá an t-úrscéal sa Ghaeilge agus sa Ghàidhlig araon breis bheag agus 100 bliain d’aois. Is féidir a rá gur thosnaigh siad araon timpeall ar chasadh an chéid seo caite, ar an tairseach idir an 19ú agus an fichiú haois.

Ní raibh seo neamhchoitianta i gcás mórán de theangacha na hEorpa, mar d’fhás an t-úrscéal ar aon chomhchéim leis an litearthacht, agus dá réir sin le nós na léitheoireachta taobh amuigh d’ábhar reiligiúnda amháin.

Tá an t-úrscéal sa Mhanainnis 100 bliain níos óige, óir más é Séadna leis an Athair Peadar Ó Laoire an chéad úrscéal sa Ghaeilge, agus foilsíodh é sa bhliain 1904, agus Dun-Aluinn: nó an t-Oighre ’na Dhiobarach le hIain MacCormaic an chéad úrscéal sa Ghàidhlig, a foilsíodh sa bhliain 1912, is é Dunveryssyn yn Tooder-Folley le Brian Stowell an chéad cheann sa Mhanainnis, agus tháinig sin amach sa bhliain 2005.

Cheapas go mbeadh sé suimiúil go gcaithfeadh Éireannach súil sa Ghàidhlig ar ábhar Manannach 1– tá súil agam go maithfear dom é. B’fhéidir go bhfiafrófaí i dtosach cad iad na dintiúirí atá agam a leithéid a dhéanamh. Tá, gan amhras, leabhar mór scríte agam ar an úrscéal sa Ghaeilge, fara le scata úrscéalta chomh maith; agus ceapaim go bhfuil formhór na n-úrscéalta Gàidhlig léite agam, agus aiste nó dhó breactha agam ina dtaobh. Caithfidh mé a admháil nach bhfuil aon saineolas dá laghad agam sa Mhanainnis, ach amháin gur dóigh liom gur féidir liom í a léamh réasúnta maith. Duine ar bith a bhfuil Gaeilge nó Gaidhlig aige, gan amhras, is é litriú aduain (dar linne) na Manainnise an dris chosáin is mó chun dul amach uirthi. Dúirt cara liom ó Eilean Mhanainn go gcaithfidh gur cosúil le scrabble é dúinne – agus ní mise a dúirt é sin!

Dá bhrí sin, is mar léitheoir agus mar scríbhneoir a thugas faoi seo a dhéanamh, agus tá áthas orm gur dhein, mar cé gur dúshlán a bhí ann, bhaineas ardtaitneamh as ar léigh mé. Ní bheidh sa trácht seo, mar sin, ach ceithre cinn d’úrscéalta, nó trí cinn agus novella le bheith níos cruinne. Nár mhaith an rud é go bhféadfá a rá go raibh gach rud léite agat in aon ábhar amháin ar bith!

Ní leor ceithre nó trí cinn d’úrscéalta le haon téis nó argóint faoi leith a chur chun cinn, ach sílim gur féidir iarracht a dhéanamh. Mar shampla, rithfeadh sé leat, go leor de na húrscéalta tosaigh sa Ghaeilge is sa Ghàidhlig bhain siad le suíomh traidisiúnta Gaeltachta nó le hábhar staire. Mar shampla, baineann Séadna le suíomh éiginnte éigin in am béaloideasúil éigin san aimsir chaite éigin, ach gur Gaeilge go hiomlán atá ag cách ann; agus úrscéal staire is ea, An t-Ogha Mor no Am Fear-sgeoil air uilinn le hAonghus Mac Dhonnchaidh a tháinig amach sa bhliain 1913, agus b’fhéidir, an tarna húrscéal sa teanga.

An rachadh an t-úrscéal sa Mhanainnis an bóthar seo, nó cén rogha a bhí aige? B’fhéidir nach fearr rud a dhéanfaimis ná féachaint cad tá againn?

Ar theideal Dunveryssen yn Tooder-Folley cheapfá gurb úrscéal é seo a bhaineann le cúrsaí neamhshaolta, vaimpírí agus mar sin de2. Níl aon amhras ná go bhfuil éileamh mór ar a leithéid. Agus tá an chuma sin air.

Thugtaí comhairle do scríbhneoirí gearrscéalta go háirithe gur cheart dóibh ‘tús obann’ a chur lena gcuid scéalta – nó, ar chuma eile, mar a dúirt Raymond Chandler maidir le scéal a choimeád ag gluaiseacht, ‘When in doubt have a man come through the door with a gun in his hands.’

Tús obann agus corpán is ea atá ar chéad leathanach an scéil seo, ach amháin go bhfuil dhá pholl bheaga i muineál an té a maraíodh. Cúpla caibidil ina dhiaidh sin nuair a thagtar ar chorp eile a bhfuil dhá pholl ina mhuineál chomh maith, ní hiontas go gceapfaí go bhfuil súmaire fola nó vaimpír ag déanamh a ghnó ar son Oileáin Mhanann. Agus mar a tharlaíonn i scéal ar bith a bhfuil dúnmharuithe ann, ní foláir do na Gardaí/Póilíní ceangal idir an dá eachtra a fhionnadh, má tá ceangal ann.

Na húrscéalta bleachtaireachta nó uafáis is fearr, bíonn níos mó iontu ná an eachtraíocht féin. Cé gurb í an eachtraíocht atá chun tosaigh déanann na cinn is fearr díobh léiriú ar an saol timpeall orthu. Sin mar atá déanta ag Brian Stowell, mar tá nochtadh leathan ar ghnéithe de shaol na dúiche anseo, mar atá, an pholaitíocht, an eacnamaíocht, an teannas idir an t-oileán agus Sasana, cosaint chlú na háite, agus gan amhras, cúrsaí cultúir a bhfuil baint mhór acu leis an scéal. Ina theannta sin ar fad, tá buíon leathan de charachtair éagsúla, cuid acu dréachtaithe dúinn go hiomlán, cuid eile nach bhfuil iontu ach scáileanna.

Tugtar isteach i gcuid de thithe na ndaoine sinn, in oifigí gnó agus dlí, i dtithe tábhairne a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad an-chosúil le tigh tabhairne in áit ar bith: ‘Nagh vel thieyn euish raad oddys shiu goll dy lhie!’ nó ‘Have yez no homes to go to?’ (in Éirinn), agus ‘Iu seose eh as mooin sheese eh!’ (Ól suas é agus mún síos é) mar a chloiseann tú mar bheannacht go minic. Saghas ‘Bon appetit’ sa Ghaeilge… Agus níos suimiúla do dhaoine a bhfuil spéis acu ina leithéid, tá drúthlann nó teach striapachais i gceartlár an scéil ar fad. Déanadh suirbhé sna Stáit Aontaithe roinnt blianta ó shin a mhaígh má chuireann tú an focal ‘sex’ in áit éigin ar chlúdach irise, irisí na mban go háirithe, go ndíolfar i bhfad níos mó cóipeanna. Ábhar é seo a mhúsclaíonn suim.

Conas a chuirtear seo ar fad le chéile – cultúr, polaitíocht, dúnmharuithe, vaimpírí agus teach striapachais? Cé go bhfuil luas beo bríomhar faoin scéal léirítear a bhfuil ar siúl go cáiréiseach, de réir a chéile. Ní bhfaighimidne faic amach go dtí go bhfaigheann carachtair an scéil amach é chomh maith céanna. Sa mhéid sin, tá gluaiseacht an scéil ar aon dul le fios fátha na gcarachtar agus na léitheoirí.

Ach cad é an ceangal idir na dúnmharuithe mar sin? Is cosúil gur beirt iad a bhí go fíochmhar in aghaidh na Gaelg, agus caitear amhras ar eagraíocht darb ainm Coolleeney Vannin arb í an aidhm atá acu an Ghaelg agus cultúr na háite a athbheochan. Is í an cheist ná an bhfuil baint ag an eagraíocht seo le sceimhlitheoirí eile, go háirithe, sceimhlitheoirí na hÉireann, óir, mar is eol don saol, is sceimhlitheoirí iad muintir na hÉireann uile, nó sin é is dóigh leis na póilíní a chuirtear anoir as Sasana chun an cheist a réiteach. Eagla go sonrach atá orthu go bhfuil baint ag na himeachtaí cultúir seo leis an bpolaitíocht: ‘Ansherbee,’ mar a dúirt duine de phóilíní Shasana,‘nagh ren cur ar bun Conradh na Gaeilge leeideil gys yn irree-magh ayns 1916?’

Nochtar dúinn, de réir a chéile, go mall is go healaíonta, nár bhain na dúnmharuithe in aon chor le vaimpírí ná le súmairí fola, ach gur cluiche gnéis ba bhun leo ag bean óg a bhí go hiomlán faoi dhraíocht ag an nGaelg, agus a bhí ag iarraidh geit a bhaint astu siúd a bhí go binbeach in aghaidh na teangan. Timpist ba ea na dúnmharuithe, agus tá súil agam nach mbainfidh sin ó thaitneamh an leabhair nuair a léifidh sibh é.

Má cheapaimid gur úrscéal é seo ar chóir go mbainfeadh sé le vaimpírí agus leis an saol eile, is nach ndéanann, tá ár ndúil sa genre seo comhlíonta go hiomlán againn in Droghad Ny Seihill le Christopher Lewin a foilsíodh sa bhliain dhá mhíle is a deich3. Agus má tá cuimilt de shaghas éigin ag scéal Bhriain Stowell le saol na Gaelg, tá an eachtra seo go cruinn baileach ina lár.

Ní maith liom de ghnáth genre a cheangal le húrscéal go simplí, mar is de nádúr an úrscéil a bheith saor go maith, agus ní chuimsíonn cineál amháin go minic an t-ábhar. Ina choinne sin thall, is dócha go dtabharfaí úrscéal fantaisíochta air seo, cineál a bhfuil éileamh an-mhór air mar is léir. Mar a thuigfeá, b’fhéidir, ón teideal tá níos mó ná saol amháin sa scéal, mar atá, an saol inaitheanta seo, agus saol eile ar fad. An saol eile seo, áfach, ní hé saol na Críostaíochta atá ann, neamh nó ifreann nó an phurgadóir féin, má tá a leithéid fós ann. Is cosúla le diminsean eile atá in aice láimhe é, ar nós mar a chreidtí sa chreideamh Págánach a bhí ag na Gaeil roimh theacht na Críostaíochta. An príomhcharachtar atá sa scéal, Mollie Karran, tá de bhua aici, nó b’fhéidir de mhallacht uirthi, a bheith ábalta gluaiseacht idir an dá shaol seo. Is í an deacracht atá ann, áfach, ná go bhfuil daoine eile á sciobadh ón saol seo isteach sa saol eile gan tásc gan tuairisc – iad imithe as glan. Is é scéal an leabhair, cén fáth, agus cad tá le déanamh mar gheall air seo?

Ní rud nua é, gan amhras, saol eile ar fad a chur i gcás, bunús Thír na nÓg, agus Tír na mBan, Atlantis, Magh Meall. Cuid choitianta de litríocht na n-óg é riamh anall ó Éilís i dTír na nIontas le Lewis Carroll, timpeall ar An Scéal gan Chrích le Michael Ende, go Harry Potter JK Rowling agus eachtraí Philip Pullman sa lá atá inniu ann. Bíonn bealach isteach sa tsaol sin trí choinicéar coinín, nó vardrús, nó bád, nó leabhar, nó crann, nó fuinneoig, nó scáthán. Sa chás áirithe seo, is cosúil, cé go bhfuil cumhachtaí láidre feasa agus éisteachta ag Mollie sa ghnáthshlí, go dtagann sí ar an saol eile seo go háirithe trína cuid samhlaíochta féin. Tá ‘aigney feer ashlisagh’ aici, agus ‘cha row smaght urree er ny jallooyn ayns e kione’ (‘Ní raibh smacht aici ar na pictiúir a bhí ina ceann’).

Is é is mó is cás linne mar gheall ar an saol eile seo ná gur saol é ina bhfuil an Ghaelg, an Ghaeilge Mhanannach á labhairt mar theanga phobail. Nuair a sheolann Maggie ann i dtosach, agus duine í a bhfuil an Ghaelg á foghlaim aici, dá réir sin tuigeann sí go maith cad tá ar siúl: ‘Ach choud ’s v’ee geaisteagh, haink ee ve shickyr dy nee Gaelg Vanninagh v’ee clashtyn, cho bio as dooghyssagh as va Baarla ’sy theihill eck-hene.’ (‘Ach an fad is a bhí sí ag éisteacht, bhí sí cinnte gur Gaeilge Mhannanach a bhí le cloisint aici, chomh beo is chomh dúchasach is mar a bhí an Béarla sa saol aici féin.’) Tagann feabhas chomh mór sin ar a cuid Gaelg go bhfuil amhras ar dhaoine ina taobh – ‘Vel oo ar veddyn Gaeltaght follit ayns na crink?’ )‘An bhfuil tú tar éis teacht ar Ghaeltacht fholaigh sna cnoic?’), mar a d’fhiafraigh cara di.

Nach iontach iad na teangacha Gaeilge! ‘Cnoic’ atá againn i gCorcaigh (mar atá sa litriú), ‘croic’ in iarthar agus i dtuaisceart na hÉireann, ‘croichc’ in Albain nuair atá an focal ann, agus ‘crink’ in Oileán Mhanainn! Ní cúrsaí iontais é nach dtuigimid a chéile…

Agus ní hé amháin go bhfuil an Ghaelg in airde láin ansin agus á labhairt mar nár tháinig aon bhriseadh uirthi, ach is amhlaidh gur tharla stair eile ar fad, an stair ab ansa le go leor againn.

Bhuel, cuid di, go háirithe. Níor tháinig Éire riamh faoi smacht eachtrannach – ‘Cha daink Nerin rieau fo smaght pooar joarree’ – agus cuid d’Albain agus den Bhreatain ina coilíneacht Éireannach. Bhí an Ghaeilge/Gàidhlig/Gaelg ar cheann de theangacha móra an domhain, agus bhí eaglais na Róimhe fós cumhachtach sna tíortha sin inar chuaigh sí i léig: ‘Va Agglaish na Raue fooast pooarail ayns Sostyn, Nalbin, yn Ghermaan as Loghlyn..’ (Bhí Eaglais na Róimhe fós i réim i Sasana, in Albain, sa Ghearmáin agus sna tíortha Lochlannacha…’) Níl a fhios agam an é gach duine a bheadh sásta leis sin inniu. Ach is saol eile é seo go dearfa.

Tá mar bhua ag an scéal go measctar an seansaol riamh, an saol atá againn anois, agus saol a d’fhéadfadh a bheith ann le chéile, agus cé go bhfuil an fhantaisíocht chomh sean le miotaseolaíocht choiteann na Gaeilge agus chomh nua le Discworld nó Game of Thrones, tá lánchead ag an scríbhneoir iad a chumasc le chéile de réir mar a oireann dó féin.

Cé a cheapfadh go gcasfadh Manannán é féin orainn i dtigh tábhairne agus é dubh dóite den saol nua ina thimpeall? Nó go dtiocfadh an bhanríon Méabh ar ais chugainn chun fóirithint ar dhaoine?

Ní mhaím aon eolas faoi leith sna genraíocha seo, cé go bhfuil roinnt léite, feicthe agus cloiste agam. Ach ní féidir linn gan a shamhlú go bhfuil na ‘neuvarrvaanaigh’, na daoine nach bhfaighidh bás go deo, neamhchosúil leis na ‘neamhbheo’ ar shlí eile ar fad in úrscéal cáiliúil Bram Stoker Dracula, a bhfuil aistriúchán máistriúil Gaeilge déanta air. Go deimhin, cé nach bhfuil aon bhaint aige leis an ábhar seo, is de shuimiúlacht gur thiomnaigh Bram Stoker Dracula dá chara ‘Hommy Beg’ ar chainteoir dúchais Gaeilge Mhanann é, fág nach bhfuil aon eolas thairis sin agam faoi.

Úrscéal casta saibhir ilfhillte is ea é seo ar féidir mórán léamha a dhéanamh air. Tá an t-údar ar a mhine ghéire ar an ngleann is a bhfuil ann a chaitheamh isteach sa mhaistreadh, agus tá an tsaoirse seo aige, saoirse an úrscéil, saoirse na filíochta, saoirse na healaíne.

Tá, gnáthchúram an úrscéil, an duine ina thimpeallacht shóisialta a léiriú. Cuid mhaith de seo is ea scéal Mhollie í féin, an bhean a bhfuil an cumas aistrithe ó shaol go saol aici. Tá ualach á iompar aici, agus ní heol di cad as dó, nó cén réiteach atá air. Ar leith amháin, is cumhacht mhíorúilteach dhiamhair í, an saghas cumhachta osnádúrtha a shantódh daoine i scéalta eile, ach os a choinne sin, tá eagla uirthi gur cumhacht chun oilc atá bronnta uirthi – ‘Vel mee goit ec a Jouyl, eisht, Warree? Vel drogh spyrrydyn aynym?..Vel mee…olk?’. (‘An bhfuil mé gafa ag an diabhal mar sin…An bhfuil drochsprideanna ionam…An bhfuil mé…olc?’)

Fairis sin ar fad, tá sleachta áille scríbhneoireachta ann. Bhí de chúram ag an úrscéal ar feadh i bhfad an saol a dhathú, pictiúr den saol a thabhairt dúinn sula raibh aon trácht ar cheamara. Ba é an t-úrscéal súile an duine. Cé go bhfuil go leor den chúram sin ligthe i leataobh, ní nach ionadh, bíonn an t-úrscéalaí fós dílis don bhuntiomáint sin. Tá ailt anseo ag Christopher Lewin ar an aimsir, ar an taobh tíre, ar an bhfarraige, ar an dúlra, agus ní foláir a rá gur dócha go bhfuil scríbhneoireacht mar sin gann go maith sa Ghaelg de cheal traidisiún úrscéalaíochta.

Ach is í an draíocht is mó is cás linn, agus an cogadh idir an mhaith agus an t-olc, bunábhar mhórscéalta na cruinne. Ní fiú liostú a dhéanamh ar na carachtair ar fad – óir nach mbeadh aon bhrí leis, ach seo sampla daoibh, seachas Mollie í féin agus a cairde, agus a muintir: sagart as Éirinn a bhfuil suim sna healaíona dubha aige, póilíní, bleachtairí, mná rialta, Ollamh ó Choláiste na Tríonóide (tá cuid den scéal suite i mBaile Átha Cliath) Mannanán agus an bhanríon Méabh, mar a luaigh mé cheana, a labhraíonn sean-Ghaeilge, maighdeana mara, sióga, na Tuatha Dé Danann, aingil bheannaithe, agus dhá fhiach dhubha a chomharthaíonn olc agus díobháil agus bagairt. B’fhéidir go dtabharfadh an méid sin féin blas éigin dá bhfuil ann.

Tá a chuid taighde déanta go beacht ag an údar, agus é snaidhmthe go cliste sa scéal. Is maith liom an tagairt d’Oileán Thoraí a dtagann beartán mistéireach isteach uaidh – ‘Shen ennym olk ayns y twoaie. Ta neart drogh skeealyn as obbeeys olk bentyn da’n ellan shid.’ (‘Sin ainm olc sa taobh ó thuaidh. Tá go leor drochscéalta agus asarlaíocht ag baint leis an oileán sin.’) Agus mo thuairim go bhfuil litríocht na fantaisíochta slogtha go maith aige chomh maith, cé nach féidir anáil nó tionchar faoi leith a ríomh in aon áit ar bith, tá comharthaí sóirt na linne seo agus an tseanscéalaíocht pósta go cumasach in aon phíosa litríochta aige.

Is de shuimiúlacht gurb é seo an dara húrscéal ag Christopher Lewin. Chuir sé scéal eile amach sa bhliain 2007, Jough-laanee Aegid4 , agus deir sé sa réamhrá go bhfuil sé rófhada le bheith ina ghearrscéal, agus róghairid le bheith ina úrscéal – agus cé gur cuma sa tsioc faoi na cluichí parlúis litríochta seo – is fusa novella a thabhairt air. Gach seans gur promhadh pinn, dar leis féin, atá anseo, ach bhaineas féin an-sult as.

... mar is eol don saol, is sceimhlitheoirí iad muintir na hÉireann uile, nó sin é is dóigh leis na póilíní a chuirtear anoir as Sasana chun an cheist a réiteach

Is cúrsa suime, leis, é go bhfuil aistriú saoil i gceist leis an gceann seo chomh maith, ach aistriú saoil de shaghas eile ar fad. Slogann an bhean áirithe seo, Ealish Currin, deoch arb í deoch theideal an scéil í, deoch a thugann an óige ar ais di. Is dóigh léi gurb é ‘stoo ry-hoi leodaghey craplagyn v’ayn’ (‘gur stuif i gcomhair roic a laghdú atá ann.’). Is fearr go mór ná sin í, agus déantar bean óg arís di.

Ciúta is ea é le saol na mná seo mar a bhí a chur i gcomparáid le saol na hóige atá anois ann. Bíonn uirthi éadaí nua a cheannach agus dul síos i measc na glúine a mbaineann a hiníon féin léi. Cuireann a bhfeiceann sí sa saol eile seo idir ionadh agus alltacht uirthi. An droch-chaint atá acu, na mallachtaí as a mbéala, na drugaí a thógann siad, na halcopops sa chlub oíche, agus in áit amháin ba dhóbair di leannán a fháil di féin! Tá fir agus mná ina gcónaí le chéile, agus fiafraíonn sí ‘Nagh vel y sleih aeg shoh er chlashtyn y fockle ‘poosey’?’ (Nár chuala an dream óg seo an focal ‘pósadh’ riamh?’). Nó níos measa fós ar a gcuid éadaí agus eile síleann na cailíní gur buachaillí iad agus na buachaillí gur cailíní iad, dar léi.

Is é an dúshlán atá roimpi beatha eile a chumadh di féin, beatha a gcreidfidh daoine eile inti. Ligeann sí uirthi gur Bulgárach í, cé nach bhfuil aon eolas aici ar an tír sin. Éiríonn léi ainm foirne a mbíodh sí ag imirt dóibh sa Bhulgáir a chumadh, tugann sí ‘Bugslup’ orthu, a bhfuil cuma eachtrannach go leor air ar nós Ratvograd nó Stamballivski. Ní hamháin go gcaitheann sí pearsa nua a chruthú, ach caitheann sí a hiníon féin a sheachaint agus an bheatha eile a bhí aici a chur i bhfolach. De réir mar atá sí ag dul níos doimhne san abar agus sna bréaga feiceann ‘hooar ee dy row eh doilee agglagh ve daa phersoon ec yn un traa’ (‘go raibh sé an-deacair a bheith mar dhá phearsa ag an aon am amháin.’).

Tá greann agus spórt agus spraoi sna heachtraí seo go léir, saghas farce atá sa chuid is fearr de. Tagann chun buaice nuair atá sí ag filleadh ón gclub oíche sa charr lena cairde nua, agus tarlaíonn timpiste dóibh. Déantar seanbhean arís di ar an toirt! Nuair a fhéachann an póilíos isteach sa charr, fiafraíonn sé, ‘A bhean uasail, cad tá á dhéanamh agatsa leis an bpaca scabhaitéirí seo?’

Leanann an greann go dtí an deireadh, mar nuair a fhaigheann sí bás, is mar bhean óg a tharlaíonn, agus bíonn ar a muintir seanbhean a dhéanamh aisti chun í a adhlacadh i gceart. Cuireann seo ionadh ar an adhlacóir: ‘Ní minic a iarrtar orm corp a dhéanamh níos measa ná mar atá sé!’ ar seisean.

Tá nath sa Ghaeilge a deir: ‘Beatha teanga í a labhairt, buanú teanga is ea a léamh’. Is féidir cur leis sin, ‘saibhriú teanga is ea a scríobh’. I réamhrá an úrscéil seo, deir Christopher Lewin: …choud’s va mee screeu, as kiartaghey, ny skeelyn shoh, hoor mee magh ram mymphointyn jeh’n ghrammadys…’. (Fad is a bhí na scéalta seo á scríobh agam d’fhoghlaim mé go leor mionphointí gramadaí). D’fhoghlaim sé leis go leor eile faoin teanga nach raibh ar eolas aige roimhe sin, agus tháinig sé ar go leor ceisteanna casta nach raibh lucht na Gaelg ar aon intinn ina dtaobh. Is é sin le rá, chomh maith le bheith ina scéal, ba cheacht foghlamtha teanga agus scríbhneoireachta é seo; agus is chuige sin a chuireann sé nótaí áirithe maidir lena chleachtadh gramadaí agus litrithe féin ar chúl an leabhair.

I gcás úrscéil ar bith, gan amhras, is í an ealaín is tábhachtaí – an scéal féin, an léiriú ar dhaoine, an nochtadh saoil, an stíl. Ach i gcás mionteangacha, nó teangacha neamhfhorleathana le ceart (mar, ní mionteanga í aon cheann de na Gaeilgí), tá gnó ag an scríbhneoireacht féin. Is é an gnó sin speach a thabhairt don teanga, í a mhisniú, a chroitheadh, a leathnú, a bhisiú. Cúram na teanga is ea cúram an scríbhneora, is cuma cad a déarfaidh sé.

Chuige sin na nótaí ag Christopher Lewin. Chuige sin, chomh maith, na nótaí ar chúl an cheathrú húrscéal seo Brann Foillycan Aisling Pheidhleacáin le Graham Naylor5. Níl an chaoi agam mórán a rá mar gheall air, ceal spáis anseo, ach amháin gurb úrscéal é a bhaineann le téamh na cruinne, agus atá suite san aimsir fháistineach, sna blianta amach romhainn. Saghas fabhalscéil é den saol a d’fhéadfadh a bheith amach romhainn.

Ar nós an dá úrscéal eile nach novellas iad, tá sé fada, cuimsitheach, leathan, lán 250 éigin leathanach de.

Ar chúl an leabhair tá cúig leathanach déag de nótaí teanga, áit a mínítear dúinn cad ina thaobh gur roghnaigh an t-údar na foirmeacha teanga a scríobh sé: ‘It is with some reluctance that I write this appendix but at the draft stage of Brann Foillycan, those who read it raised some queries about my use of the Manx language.’ Deir sé ansin gur aontaigh sé le cuid de na moltaí agus nár ghlac sé le go leor eile. ‘My starting point is that the Manx in the Bible (especially in St John’s gospel) and the Prayer Book is correct unless there is strong evidence to the contrary.’

Is é sin le rá, glacaim leis go bhfuil díospóireacht ar siúl sa Ghaelg faoi úsáid na teanga agus na gramadaí faoi mar a bhí sa Ghàidhlig ar feadh i bhfad, go bhfios dom; agus go deimhin in Éirinn, cé gur bunaíodh caighdeán oifigiúil breis mhaith agus leathchéad bliain ó shin agus go bhfuil trí cinn de chaighdeáin éagsúla go hoifigiúil ann anois! Cé gur ábhar inspéise é seo, ní mise atá chun dul i ngleic leis.

Is mó is spéis liom go mbaineann trí cinn de na scéalta seo le saol eile, nó leis an aimsir fháistineach seachas leis an saol inaitheanta simplí réadach laethúil atá timpeall orainn. Bhí riamh an díospóireacht seo ar siúl sa Ghaeilge agus sa Ghàidhlig: an féidir scéal a shuíomh in áit éigin nach bhfuil Gaeilge nó Gàidhlig á labhairt inti? Díospóireacht bhaoth amaideach gan chiall, dar liom féin.

Is é an freagra gonta borb ar an gceist amaideach bhaoth, ná ‘Is féidir!’ Is é gnó an scéalaí saol eile a chumadh, sin uile; is é gnó an léitheora glacadh leis, más é sin a mhian, nó diúltú dó má tá an fonn sin air. Bladar agus cac agus bualtrach bó is ea gach rud eile.

Tá éirithe le dornán beag d’úrscéalaithe na Gaelg seo a dhéanamh. Tá gaisce déanta acu. Tréaslaímis a gcuid oibre leo.

NOTAÍ

1. Tugadh an aiste seo i bhfoirm léachta i dtosach ag Rannsachadh na Gàidhlig, a tionóladh in Sabhal Mór Ostaigh ar an Eilean Sgitheanach i Meitheamh na bliana seo caite. Is sa Gháidhlig Albanach a tugadh an chaint.

2. Dunveryssyn yn Tooder-Folley. Oorskeeal liorish Brian Stowell. Yn Chesaght Ghailckagh. Doolish (2005, 2014). 254 p.

3. Droghad ny Sehill. liorish Christopher Lewin. Currit magh ec Yn Cheshaght Ghailckagh. Balley Keeil Yude (2010). 270 p.

4. Jough-laanee Aegid as Skeealyn Elley. liorish Christopher Lewin. Currit magh ec Yn Cheshaght Ghailckagh. Balley Keeil Yude (2007). 148 p.

5. Brann Foillycan. liorish Graham Naylor. Fedjag Screeuee Vannin. Isle of Man (2008) 244 p. Ní bhfuaireas cóip den leabhar seo ach coicíos sula raibh an páipéar thuas agam le tabhairt. Ach is úrscéal é a mbeidh trácht agam air arís, óir músclaíonn ceisteanna eile critice.

Alan Titley

Is scríbhneoir é Alan Titley.