Marrakech

Cathal Ó Searcaigh
Marrakech

Ealaín: Mark Wickham

Sliocht as Teach an Gheafta, úrscéal nua le Cathal Ó Searcaigh

Bhí sé go díreach ag gabháil ó sholas i Marrakech agus an t-aer ar crith i gcearnóg láir an bhaile le drumadóireacht throm na gceoltóirí sráide. D'éist Mánas leis an dord ard, preabach seo a bhí ag bualadh gan sos gan staonadh amhail is dá mbeadh croí na cathrach imithe le fuadar buile. Agus bhí. Bhí an Djemaa El Fna, mar a thugtar ar an chearnóg mhór i gcroílár an bhaile, ina charnabhal ceoil. Ós rud é nach raibh an chearnóg seo báite faoi shruth tréan solais—ní raibh lasta ach an oiread is a dhéanfadh solas an bhealaigh duit—chuidigh an breacsholas seo le scáth rúin agus folaigh a tharraingt anuas ar an áit ionas go samhlófá gur isteach i bpléaráca ceoil agus collaíochta de chuid na Arabian Nights a bhí do thriall.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Cathal Ó Searcaigh

Is file agus scríbhneoir é Cathal Ó Searcaigh