Turtar Droimleathair, Cuan a’ Chaoil
Do Danny Sheehy
Ní duitse an clúdach cruaidh gan bogadh
a chosnaíonn colna turtar eile
mar chulaith iarainn,
ach ollchnó solúbtha gléasta leathair
lena seacht n-iomairí ag rith
ó bhac do chinn réamhstairiúil’
go ruball siar:
línte ardaithe comhthreomhara,
ar nós go raibh ribí sliotharnaí
ina bhfráma ag brú a gcruth amach
tré chanbhás agus tarra.
Aistear ón gCairib go Cuan a’ Chaoil
níorbh aon nath duitse, ach fánaíocht samhraidh —
turas carbaid thar mháigh méith dúinne,
mar a mhínigh Manannán do Bhran.
Cheapas, ar chéad fhéachaint dom,
gur báidín bunoscionn ‘bhí ann
leath-churtha sa ghaineamh,
ansan ar nochtadh an chrota:
— rabhnálta chun tosaigh,
ina phointe chun cúil —
thug deor ollmhór chun cuimhne,
deor nó sciath mheánaoiseach.
Tógadh ó fheoil dhubh na bportach
Sciatha na laochra réamh-Chríostaí —
Ní sciatha fionndruine, darach ná iúir,
ach sciatha éadrom’ righne tiubh’ den leathar.
Ní hionann is do ghaolta cruadha
— Hawksbill, Loggerhead, Ridley —
Ní dhéanfaí as do phlaosc aon bhosca fuaime
do thiompán, cruit nó lir,
Ní hea, ach clúdach lámhscríbhinn nó leabhair.
Ní hionadh liom, mar sin, gur tháinig tú i dtír,
dhein fód do bháis den ngaineamh seo laistíos
de chaisleán Phiarais, omhna na bhfilí.
Nó n’fheadar ach go bhfuilim ag rómánsaíocht
is go rabhais marbh cheana féin ag mála plaisteach
nár aithnís ó smugairle róin, dingthe id’ chaolán,
nó ag monofilament a thacht, nó prop a ghearr do sciúch.
Ar an domhan céad milliún bliain
crot do shórt nár athraigh puinn
ó bhí Mionnán na Gráige ina bholcán
‘gus An Fiach ag a Mháthair ina broinn.
Ba cheart go mbraithfeadh do chorp ollmhór
coimhthíoch dom, ach nuair
a dhoirtear uisce ar do dhrom marbh
agus lingeann beatha ann — an gléas ag filleadh,
polagáin neamhrialta na ngainní á nochtadh féin arís —
ní thugann siad cnó cócó, crainn pailme,
Ná ranna Walcott chun mo chuimhne,
ach eangach na ngort beag os cionn Chom Dhíneoil.
Dá mbeadh Piaras fós beo sa mhúchán dúin lastuas
bheadh agat gan agó caoineadh do dhiongbhála,
Seachas súp a bhaint as do chorp, bheadh ann greadadh bas,
ach sa saol seo bunoscionn, fearaimse romhat fáilte.
NÓTA ÓN ÚDAR: Níor scríobhadh an dán seo mar chaoineadh ar Danny [Bhásaigh Danny Sheehy, an scríbhneoir agus fear farraige aitheanta ó Chorca Dhuibhne, an mhí seo, trócaire aige]. Bhí an dán idir lámha agam le tamall anuas agus é i gceist agam é a thiomnú do Dhanny, óir tá roinnt ábhar agus áiteanna fé chaibidil ann a gcuirfeadh sé suim iontu. Ar an ábhar sin bhíos ag fanacht go dtiocfadh Danny thar n-ais óna aistear farraige chun an dán a chur faoina bhráid. Ach faraor ní mar sin a bheidh. SÓF