Sainspiorad CLG faoi léigear
I ndomhan na tráchtála agus an airgid, is dúshlán ollmhór é cosaint a dhéanamh ar choincheap an amaitéarachais
Ní dócha gurb é a bhí i gceist ag iar-imreoir na Mí, Colm O’Rourke, agus é ag caint ar an Monday Game roinnt seachtainí ó shin, ach tá a thuairimí i dtaobh sóisialachas nó a mhalairt i gCumann Lúthchleas Gael tar éis díospóireacht eile a spreagadh i measc na cosmhuintire. Cé go bhfuil cluichí ceannais na hÉireann sa pheil agus san iománaíocht ag teannadh linn, tá caint O’Rourke ar éilíteachas i gCumann Lúthchleas Gael, ar chonradh craoltóireachta Sky agus ar mhúnla nua na craoibhe peile tar éis dul i bhfeidhm ar scata sa tslí go bhfuil caint ar chluichí móra a mhúchadh sna seachtainí seo ag deireadh na craoibhe.
Ní hé O’Rourke amháin atá imníoch faoina bhfuil i ndán do CLG. Ní hé is glóraí ach an oiread faoin gceist ach tá sé ar an nduine is déanaí chun a ghuth a chur leis an nglam atá ag éirí is ag síor-éirí ó bhonn na gluaiseachta aníos.
B’fhéidir, áfach, agus gan ach plúr na bhfoirne fágtha sa chraobh caide agus iomána faoin dtráth seo, nach bhfuil an méid a bhí le rá ag O’Rourke tráthúil. Beidh súil ag an uile dhuine le sárchaighdeán peile agus iomána as seo go deireadh na craoibhe. Beidh na sluaite sásta dul ag féachaint ar na cluichí céanna agus cuirfidh siad suim mhór sa díospóireacht a leanfaidh na cluichí ceannais. Is beag tor a bheidh á thabhairt ar an dteachtaireacht dhiúltach. Déanfar neamhaird agus neamhní den gcnáimhseán agus shamhlófá go leanfaidh an saol ar aghaidh mar a bhí riamh.
Ba léir dom féin agus dom chomhghleacaithe nuair a bhíomar ag obair ar an tsraith teilifíse GAA Nua níos túisce i mbliana, áfach, go raibh míshuaimhneas le braistint i measc phobal Chumann Lúthchleas Gael faoin treo a bhí á thógaint ag an ngluaiseacht. Bhí sé soiléir go bhfuil rian na heolaíochta agus na teicneolaíochta ar chluichí Gaelacha ag dul i méid ach taibhsíodh dúinn gur mó ná san arís an imní atá ar dhaoine atá préamhaithe sna cluichí go bhfuil an bhéim seo go léir ar dhul chun cinn agus ar bharr feabhais a bhaint amach ag cur an-bhrú go deo ar spriorad agus ar éirim na gcluichí féin.
Bhíodh, tá agus beidh fonn ar lucht spóirt dul chun cinn a dhéanamh i gcónaí agus athróidh an tuiscint atá againn ar bharr feabhais le himeacht aimsire. Ba dhána an mhaise dúinn go léir ar cás linn rath agus forbairt na gcluichí Gaelacha a cheapadh go bhfanfadh cur chuige na n-imreoirí mar a chéile go deo. Ach caithfear ceisteanna a chur nuair a thagann claochlú ar thuiscintí bunúsacha ar nós cad is bris ann, cad is bua ann, cad táthar toilteanach a dhéanamh chun bua a bhaint amach agus cad chuige spórt in aon chor.
B’in iad na ceisteanna a bhí á gcur ag O’Rourke i dtús na míosa, dar liom. N’fheadar, áfach, an dtiocfaidh an réabhlóid sin ó mheon caipitlíoch go meon sóisialach atá á lorg aige ar Chumann Lúthchleas Gael.
Is mó duine roimis a bhí ar thóir na réabhlóide i gcúrsaí CLG ach níor tógadh aon cheann puinn dóibh. Don gcéad uair riamh, áfach, tháinig imní orm féin breis is trí bliana ó shin, nuair a chuaigh CLG i mbun caidrimh leis an gcomhlacht craoltóireachta Sky. Ba léir dom ag an am go raibh an tairseach sin idir spiorad na tráchtála, spiorad na fiontraíochta agus sainspiorad CLG féin sáraithe. Cheapas gur dheacair filleadh arís as an nua ar an éirim agus ar an spiorad deonach a bhí mar bhunchloch ag CLG ó thús ama.
Bhí bunús maith leis an imní sin.
Ainneoin aighneachtaí láidre in aghaidh athnuachan an chonartha craoltóireachta le Sky Sports ó chumainn éagsúla agus ó chomhairlí contae i Maigh Eo, i Sligeach, sa Ghaillimh agus i gCiarraí, dhíol CLG a gcearta do nach mór an tríú cuid de chluichí sinsir craoibhe le Sky Sports don gcúig bliana amach romhainn ag deireadh na bliana seo caite.
Tugadh fofhogha fánach fé chlúdach Sky i gcaitheamh na craoibhe i mbliana. Tháinig cuid den gcaitheamh anuas ós na contaetha go raibh a gcluichí ar taispeáint go heisiach ar Sky Sports amháin. Tháinig cuid eile ó dhaoine atá sárcháilithe chun a leithéid de chaitheamh anuas a dhéanamh – leithéidí an Dr Paul Rouse agus Joe Brolly – agus tháinig cuid eile fós ó leithéidí Michael Duignan, atá ag obair le RTÉ ar a gclár The Sunday Game ach atá, mar sin féin, an-ghníomhach i gcur chun cinn na gcluichí i gcontae Uíbh Fhailí.
Ní dócha go gcuirfidh sé isteach ná amach ar chliarlathas CLG a leithéid de cháineadh a chlos ach tuigfidh siad, chomh maith, nach guth é seo a mhúchfar go ceann tamaill.
Agus sinn ag déanamh ar chlabhsúr na biaiste tá gaid níos gaire don scornach le gearradh acu, áfach. Ní lú ina measc géarchéim na socruithe club agus an éagothromaíocht idir Áth Cliath agus contaetha eile ó thaobh maoinithe go háirithe.
Thabharfadh aon éachtaint amháin ar thuarascáil bhliantúil CLG, ar thuarascáil airgeadais agus ar liosta na rún ag Comhdháil na bliana seo le fios duit go bhfuil deacrachtaí amach romhainn i gCumann Lúthchleas Gael, ainneoin cuma bhreá shláintiúil a bheith ar chúrsaí airgeadais agus ar chúrsaí riaracháin.
Tharraing bunú Chumann na nImreoirí Club, an CPA, agus a bhfeachtas leanúnach ag iarraidh na socruithe a shocrú, breis airde ar an éagothromas idir líon ollmhór na n-imreoirí atá gníomhach agus riachtanach chun na cluichí a choimeád beo fud faid na tíre, agus na painéil idirchontae atá chomh fite fuaite i múnla gnó Chumann Lúthchleas Gael trí chéile.
Ceann des na cúiseanna is mó ar glacadh leis na leasuithe ar chraobh na caide do na trí bliana amach romhainn ná go raibh ag teip ar spéis an phobail sna babhtaí ceathrú ceannais mar a bhí. Cé go gcoimeádfaidh na cluichí leathcheannais agus ceannais an sparán teann, tá an bhearna idir plúr na bhfoirne agus na foirne atá ag strácáil ina ndiaidh ag déanamh díobhála don gcraobh.
Ní haon scéal nua é seo ach tá béim ar leith le blianta beaga anuas ar na comórtais idirchontae agus ar a luach ó thaobh airgid agus teacht isteach.
Le breis teacht isteach, tagann breis bolscaireachta ar na cluichí móra. Nuair a dheintear iniúchadh ar thuarascáil airgeadais CLG fiche bliain ó shin feictear go raibh 70% de theacht isteach na heagraíochta ag teacht ós na daoine a bhí ag gabháil tríd na geataí. Tá i bhfad níos mó daoine ag gabháil trí gheataí CLG ar fud na tíre le blianta beaga anuas ach ní hionann anois é ach 50% de theacht isteach na heagraíochta.
Insíonn sé sin a scéal féin maidir leis an mborradh mór atá tagtha faoi theacht isteach ó fhoinsí tráchtála agus craoltóireachta.
An deacracht atá leis sin, áfach, ná dá mhéid an borradh atá faoi theacht isteach tráchtála CLG, faoi airgead urraíochta is a leithéid, is ea is mó atá ann do na buaiteoirí. Fágann san, mar shampla, go mbeidh breis is milliún euro le dáileadh ó thaobh urraíochta ar Áth Cliath san áit go mb’fhéidir ná beadh ach beagán le cois €30,000 le dáileadh ar fhoireann Liatroma.
Sna blianta sin sara dtáinig airgead sa treis i gCumann Lúthchleas Gael, ní bheadh ann dá leithéid de bhearna airgeadais, cé go mbeadh bearnaí eile, ar nós daonra agus tíreolaíocht, i gcónaí ann.
I ndomhan na tráchtála agus an airgid, is dúshlán ollmhór é cosaint a dhéanamh ar choincheap an amaitéarachais, atá mar dhlúthchuid, a deirtear linn, de shainspiorad CLG. Níor bunaíodh CLG chun maoirsiú a dhéanamh ar chorparáidí éagsúla atá in iomaíocht lena chéile. Forbairt na gcluichí príomhchúram Chumann Lúthchleas Gael. Dá mba eagraíocht phroifisiúnta spóirt í le dualgais forbartha anuas air sin, raghadh na himreoirí is fearr ag imirt leis na foirne ab fhearr mar atá déanta agus á dhéanamh i spóirt eile ar fud an domhain. Ní mór an dua a bheadh ag CLG le socruithe na gcluichí ansan toisc go mbeadh dhá aicme imreora ann le plúr na n-imreoirí ag imirt leis an gcontae agus leis an gcontae amháin.
Conas, mar sin nach dtéann CLG go hiomlán i dtreo na gairmiúlachta nuair is léir go bhfuil cuid den mbóthar sin curtha dínn cheana féin againn?
Ar an gcéad dul síos, dá gcuirfí deireadh le stádas amaitéarach na n-imreoirí, gach seans ná beadh dóthain teacht isteach ann chun an rud ar fad a choimeád sa tsiúl. Anuas air sin, bheadh an baol ann go gcaillfeadh an pobal agus, níos tábhachtaí, na hoibrithe deonacha atá i gCLG, spéis i gcluichí nuair ná beadh aon nasc idir imreoirí agus a bpobail féin.
Is é an rud atá ag titim amach fé láthair, áfach, ná go bhfuil na contaetha traidisiúnta atá seanbhunaithe mar impireachtaí caide agus iomána ag bualadh leo chun cinn agus ag fágaint contaetha eile in áit na leathphingine de bharr buntáistí atá anois acu, ná raibh i gceist céad bliain ó shin. Ar a laghad an uair sin, toisc nach raibh aon bhaint ag acmhainní airgeadais leis an gcúram, bhí ar chumas contaetha ar nós Loch Garman, Lú agus Chill Dara buachtaint ar Áth Cliath i gCúige Laighean agus craobhacha uile-Éireann a bhreith leo chomh maith.
Tá sé ina sheanphort anois ag lucht CLG lasmuigh den bpríomhchathair go bhfuil an-díobháil á déanamh ag forlámhas Átha Cliath do chluiche na caide. Ach cad eile atá le déanamh?
Bhí blianta ann, agus ní rófhada ó shin é, nuair a bhí an saol ag cáiseamh nach raibh aon dul chun cinn á dhéanamh ag na cluichí Gaelacha sa chathair agus an láthair ba mhó sa tír ina raibh daoine. Tá toradh a gcuid infheistíochta le feiscint anois ag CLG agus is cuma cén greim atá ag foirne peile Átha Cliath ar an gcúige agus cén gearáin atá á ndéanamh faoina máistreacht, ní féidir filleadh ar an dtréimhse ina mbíodh spóirt eile ag breith ar shamhlaíocht na hóige agus iad in iomaíocht le CLG Cois Life.
Dá réir sin, agus sinn ag déanamh ar dheireadh bhiaiste chaide is iomána eile ag leibhéal idirchontae is léir nach bhfuil aon fhreagraí simplí ar na ceisteanna atá ag dó na geirbe ag Colm O’Rourke agus a chairde.
Is cosúil nach bhfuil an goile ann chun na struchtúir sheanbhunaithe a stracadh as a chéile, múnlaí a bhriseadh agus dul sa tseans ar nascanna agus ar dhílseacht logánta na treibhe a cothaíodh de dhroim breis is céad bliain a chailliúint go deo.
Deineadh san nuair a chuathas i muinín Sky. Ná déanaimis arís é!