Tá an Ghaeilge ag fáil marbh san earnáil oideachais, like...

Ba chóir go mbeadh níos mó i gceist le múineadh na Gaeilge ná taitneamh agus caitheamh aimsire a bhaint aisti

Príomhfhoinse Ghaeilge ag an dalta scoile is ea an múinteoir agus, le fírinne, is mar sin atá ó bunaíodh an Stát na hÉireann sa bhliain 1922. Leag an Stát na hÉireann a raibh sé de chuspóir aige a bheith ina Stát Gaelach an cúram ar na múinteoirí an claochlú teanga a bhí ag teastáil ó lucht bunaithe an Stáit a chur i gcrích. Agus an cúram tábhachtach réabhlóideach sin á chur ar na múinteoirí, d’aithin an Stát a riachtanaí a bheadh sé a chinntiú go mbeadh an teanga go maith acu. Dhá bheart a ceapadh chuige sin ab ea díriú ar mhúinteoirí a earcú as pobal na Gaeltachta agus coláistí ullmhúcháin a chur ar bun ina ndíreofaí ar líofacht agus cruinneas sa Ghaeilge.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Is múinteoir agus údar é Oisín Uíbh Eachach