‘The most perfect singer I have met in Ireland’

Lillis Ó Laoire
‘The most perfect singer I have met in Ireland’

Bhásaigh an t-amhránaí mór le rá Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha an mhí seo. Airítear ina cheol cuisle bheo an dúchais ag síneadh siar gan bhearnú go dtí dúnta na dtaoiseach

Más fíor gur buan fear ina dhúiche, níl eiseamláir is fearr air sin ná Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha. Bhí cónaí air i measc a mhuintire i bpobal Iorras Aintheach ar feadh a shaoil. Bhí ainmneacha a shinsear, a athair, Seán, agus a sheanathair, Jeaic, mar chuid dhílis dá ainm féin, sloinne áitiúil ar dhíol bróid dó é. Tá clú Iorras Aintheach, nó Carna mar a thugtar air, imithe ar fud an tsaoil de bharr shaibhreas na hoidhreachta béil atá le fáil ann. D’aithin Coimisiún Béaloideasa Éireann an saibhreas sin agus rinne cinnte go mbeadh bailitheoirí oilte ag cruinniú sa cheantar. Más as an amhránaíocht is mó atá cáil ar an gceantar anois, bhí an amhránaíocht sin fréamhaithe i líonra an tseanchais agus na scéalaíochta. Ní raibh aon amhrán ann gan a scéal féin a bheith leis agus is minic a bhí níos mó ná inseacht amháin ar an scéal agus breis is leagan amháin ar an amhrán. Le trí ghlúin anuas, tá an pobal ag soláthar scéalaithe, seanchaithe, amhránaithe agus oirfidigh cheoil ar ardchaighdeán. Más croícheantar é Gaeltacht na Gaillimhe don oidhreacht bhéil, is é Carna an sméar mhullaigh ar an oidhreacht sin. Admhaíonn amhránaí as ceantar an Spidéil go fonnmhar é: ‘Tá’s agat féin gur áit bhreá a bhí i gCarna i gcomhair amhránaithe. Ní raibh amhránaithe ní’b fhearr in aon Ghaeltacht in Éirinn’.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Lillis Ó Laoire

Is amhránaí agus scoláire é Lillis Ó Laoire