An difear idir faic agus faic na ngrást ...

Leabhar spreagúil faoin dúil sa bheatha é Cré na Cille, a deir Rashid Novaire

Agus Cré na Cille á fhoilsiú i dteangacha iasachta éagsúla, cén t-adhmad a bhainfidh léitheoirí nach bhfuil ceangal dá laghad acu le traidisiún na hÉireann as mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain? Seo thíos a bhí le rá ag an Ísiltíreach Rashid Novaire, údar ceithre úrscéal agus cnuasach gearrscéalta, a scríobh réamhrá don aistriúchán Ísiltírise de Cré na Cille a foilsíodh i bhfómhar 2017.

Samhlaigh: corpán thú, agus th’éis ar chuir tú d’fhainiceachaí orthu, tá tú curtha in áit an chúig déag ag do ghaolta – scrios Dé orthu! Geallúint amháin a thugadh misneach duit nuair a bhí tú beo: go gcuirfí ar áit an phuint thú agus go gcuirfí crois de ghlaschloch an oileáin ort, ceann mar atá ar Pheadar an Ósta, agus scríbhinn Ghaeilge uirthi: ‘Caitríona Bean Sheáin Uí Loideáin’.

Samhlaigh gur tusa an bhean sin.

Bhí saol crua agat.

Samhlaigh nach bhfuil tú in ann glacadh leis – fiú i ndiaidh do bháis – nár phós do mhac Meaig Bhriain Mhóir, ach gur chuir sé slám páistí ar an saol le bean a bhíonn meaththinn ó cheann ceann na bliana, bean a dtugtá féin ‘an raicleach sin ó Ghort Ribeach na lochán, na lachan agus na gcosa lofa’ uirthi.

Samhlaigh ar feadh meandair an díomá a bheas ort, i d’uaigh duit, nuair a gheobhaidh tú amach go gcaitheann an Máistir Mór a chuid ama i gcré na cille ag léamh novelettes le Nóra Sheáinín, bean gan léamh ná scríobh nach mbacfadh sé lena leithéid go deo lena bheo. Is ea, Nóra Sheáinín, máthair an tseilide sin a phós do mhac, an pleota, nuair a d’eitigh sé Meaig Bhriain Mhóir.

‘Nach beag an meas atá aige air féin, do mháistir scoile!’

Samhlaigh: ag spalpadh mionnaí móra a bhíonn tú toisc nár cuireadh thú ar áit an phuint. Ach i do chroí istigh, tá a fhios agat nár chreid tú féin riamh go gcuirfí ar áit an phuint thú.

Féach an abairt dheireanach san úrscéal atá i do lámha agat: ‘Ní de ghlaschloich an oileáin do chrois-sa ná mo chrois-sa …’

Is éard atá in Cré na Cille ná úrscéal faoi reilig inar shocraigh muintir chráite na háite eatarthu féin go leanfadh an cruatan a d’fhulaing siad lena mbeo ar aghaidh tar éis a mbáis. Nó sin í an chosúlacht atá ar chúrsaí.

Úrscéal i bhfoirm chainte é an saothar seo ag Máirtín Ó Cadhain, úrscéal ina labhraíonn na mairbh lena chéile ina n-uaigheanna.

Labhraíonn? Ní hé sin an téarma ceart ar chor ar bith.

Ligeann na mairbh seo lena racht agus cuireann siad míle mallacht ar a chéile.

Is éard atá anseo ná válsa ina dtugann mailís agus míthuiscint cuireadh dá chéile dreas rince a dhéanamh ar urlár damhsa an chruatain. Rince ar ionann é, thar aon rud eile, agus iarracht bhuile leas níos fearr a bhaint as an saol – tar éis an bháis.

Dream iad seo a fhearann briatharchath fíochmhar ar a chéile ar mhaithe leis an difear idir faic agus faic na ngrást.

An máistir scoile sin a bhíonn ag déanamh tinnis do Chaitríona Pháidín, a leithéid sin a bhí i Máirtín Ó Cadhain féin.

Ní fhéadfadh sé ach gur chaith Ó Cadhain féin a sháith laethanta ag léamh scéalta os ard do dhream gan léamh ná scríobh, i seomra ranga préachta éigin in Éirinn na 1930í, sular tugadh bata agus bóthar dó de bharr gníomhaíochtaí treascracha. Ba bhall é den IRA. Ghlac sé páirt i dtroid an airm sin. Gabhadh é agus imtheorannaíodh é. Gníomhaí intleachtúil a bhí ann a raibh smaointe géarchúiseacha aige faoi ról na heaglaise, faoi chumhacht teanga, faoi chinniúint a thíre.

Ach sa leabhar seo a bhronn sé ar an domhan sa bhliain 1949, níl i bpáirc an áir ach cill ina gcuireann an dream ar throid sé féin ar a son cath ar a chéile. Ní tada é an Dara Cogadh Domhanda – ‘Mo ghrá é Hitler. Sin é an buachaill acu …’ a deir marbhán anaithnid amháin – i gcomparáid le lorg méire ar thaiséadach.

Is éard atá anseo ná válsa ina dtugann mailís agus míthuiscint cuireadh dá chéile dreas rince a dhéanamh ar urlár damhsa an chruatain

Fonn an duine a dhea-chlú féin a chosaint i súile a ghaolta, gaolta arbh fhearr leis marbh ná beo iad dáiríre, sin is ábhar don úrscéal seo. I Cré na Cille, níl éalú ón am a caitheadh ná ón bhfulaingt a fulaingíodh – fiú tar éis an bháis.

Meafar í foisceacht fhisiciúil na marbh, agus iad ag cúlchaint faoi dhuine san uaigh taobh leo, don phlúchadh i bpobal beag ina mbíonn súile i ngach aon áit agus ina mbíonn frustrachas forleathan.

Is fearr a deir Caitríona Pháidín féin é:

As cionn talúna mara dtaithníodh a chomhlódar le duine d’fhéadfadh sé a bhfágáil ansin agus áit eicint eile a thabhairt air fhéin. Ach mo léan deacrach ní fhágfaidh an marbh láthair i gcré na cille …

Ar léamh an leabhair seo dom níor fhéad mé ach cuimhneamh ar íomhá as Roger & Me, scannán faisnéise le Michael Moore faoi chathair i Meiriceá atá á bánú toisc go bhfuil an mhonarcha áitiúil á dúnadh. Tá chuile dhuine ag iarraidh imeacht. Tá an troscán á iompar amach as na tithe agus á fhágáil le taobh an bhóthair, áit a gcaitheann an ghrian scáil mar a bheadh doirteadh ola ar an gcoincréit. Ach tá na leoraithe a d’aistreodh an troscán agus úinéirí an troscáin ag éirí gann. Ní théann na leoraithe ach san aon treo amháin. Ní fhilleann siad chun an chuid eile de mhuintir na cathrach a aistriú. Níl rogha ag an dream sin ach fanacht, fanacht ar aistear deireanach amach as áit a bhfanfaidh a gcroí ann go brách.

Chuimhnigh mé ar radharc as an úrscéal The Blue Mountain le Meir Shalev, leis: bochtáin ag cur síos ar a n-óige, nuair nach mbíodh ach cnap siúcra amháin ag muintir dhuine acu do thae an teaghlaigh ar fad. Crochta os cionn an bhoird a bhíodh an cnap siúcra sin, ar shnáth anuas ón tsíleáil.

‘Thumadh sibh an cnap siúcra sin i bhur dtae duine ar dhuine, an ea?’

‘Ní hea muise, ní dhéanaimis ach breathnú air.’

Ina dhiaidh sin uilig, ní úrscéal searbhasach atá i Cré na Cille, nó caoineadh maoithneach faoi dhaoine who are not waving but drowning. A mhalairt. Úrscéal faoi dhream ceanndána atá ann. Leabhar spreagúil. Faoin dúil sa bheatha. Faoin bhfocal scoir nach mbíonn ina fhocal scoir riamh, toisc go leanann tuilleadh focal é, arís is arís eile. Focail a thugann fianaise dúinn gurbh ann dáiríre, tráth dá raibh, don Ghort Ribeach úd lán lochán a ndeirtí ina thaobh go mblití na lachain ann, don té sin a cheap gur ‘laoch’ é Hitler, don lorg méire sin ar thaiséadach éigin.

A blueprint of forgotten souls.

Na scórtha, na céadta, na mílte acu.

I gcré na cille.

Aistriúchán é seo le Alex Hijmans ar an réamhrá le Onder de Zoden, a aistriúchán Ísiltírise ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain