Vladimir Putin agus miotaseolaíocht na Rúise ...

Diarmuid Johnson
Vladimir Putin agus miotaseolaíocht na Rúise ...

markwickham.org

An clúmhilleadh agus an lámh láidir; is fada an dá mhodh oibre sin i bhfeidhm i Moscó, a deir Diarmuid Johnson

I gcultúir na dtíortha Slavacha, níl a leithéid de rud ann agus seanmhiotaseolaíocht. Bhí Vallhalla ag na Gearmánaigh, Tuatha Dé Danann ag na Gaeil, agus cór na ndéithe ag an nGréig fadó. Ní hamhlaidh atá sa Rúis. Is teangacha réasúnta óg atá sna teangacha Slavacha, agus níor tháinig lucht a labhartha i dtreis in oirthear na hEorpa go dtí míle go leith bliain ó shin an uair a bhí Impireacht na Róimhe imithe den saol agus biseach ar an gCríostaíocht.

An easpa miotaseolaíochta sa tSlavais, b'fhéidir go bhfuil baint aige leis an easpa seandachta sin. Ní hionann sin agus a rá áfach nach bhfuil miotaseolaíocht nua ann. Tá sin, agus is de mhiotaseolaíocht na Críostaíochta é, rud a bhí forleathan san Eoraip sa mheánaois.

Céard iad na comharthaí sóirt atá ag roinnt leis an miotaseolaíocht Chríostaí seo a bhfuil a lorg ar chúrsaí na Rúise lenár linn féin agus ar pholasaithe An Uachtaráin Vladimir Putin?

Ní miste sanas an fhocail 'céimlathas' a lua i dtosach: hiéros na Gréigise sin 'beannaithe', agus arkhia sin 'ordú'. An t-ord agus an t-ordú beannaithe sin, is le cór na n-aingeal a bhain sé i dtús ama.

Taobh thuas de na haingle ab airde céim a bhí an Tiarna Dia. Taobh thíos de na haingle ab ísle céim, bhí céimlathas an duine. An Pápa an té ba ghaire do Dhia, an chléir faoin bPápa, agus an tuath faoin gcléir. Bhí céimlathas na tuaithe ann chomh maith, uasal agus íseal, nó saor agus daor.

Ní mar sin atá feasta sna stáit a bhfuil córas dlí agus cirt neamhchlaonta i bhfeidhm iontu, sin agus córas daonlathach a thugann cothrom an chirt do na tuairimí éagsúla a seasann daoine leo. Maidir leis an Rúis, is córas iarChumannach atá i réim ansin anois, ach is i gcosúlacht leis an gcóras réamhChumannach atá sin ag dul le blianta beaga anuas. Agus an córas réamhChumannach úd sa Rúis, is córas é a bhí i réim ó aimsir na meánaoise anall. Ní mar sin a bhí riamh anall gan eisceacht, agus san ochtú haois déag bhí meon an réasúin - les lumieres - ag roinnt le smaointe Pheadair Mhóir (Piotr Romanov) (1682-1725) agus le dearcadh Chaitlín Mhór (1729-1796). Sa 19ú aois áfach, d'fhill clanna Romanov ar chleachtais ársa an chéimlathais, agus is iad a bhí i bhfeidhm ag Nioclás II go dtí 1917 nuair a bhain an réabhlóid a chuid cumhachta de.

Anuraidh más ea, 2017, bhí An Réabhlóid Mhór le comóradh. Réabhlóid nach raibh súil ná coinne léi, mar is mionlach ríbheag de dhaonra na tíre a bhí sa lucht oibre agus sna Boilséivigh. Réabhlóid a shíl Lenin agus Trotsky a chur ar bun ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain faoi bhráithreachas an lucht oibre a raibh a gcás agus a gceart meáite, múnlaithe ag Marx sa leabhar úd Das Kapital (imleabhair I-III, 1867 1885 1894 faoi seach). Ach oiread le réabhlóidí eile, is frithchéimlathach an réabhlóid a bhí i Réabhlóid Mhór 1917.

Sin é an fáth nár deineadh den chomóradh faoi Vladimir Putin anuraidh ach rud in áit na leithphingine. Sin é an fáth a bhí leis an tost i dtaobh phrionsabail na réabhlóide agus an fiúntas a bhaineann leo.

Faoi uachtaránacht Vladimir Putin, tá ag athmhéadú ar chumhacht na hEaglaise, cumhacht a bhí ar ceal go hoifigiúil aimsir an Chumannachais. An céimlathas atá i réim sa Rúis, is cuid de atá sa gcliarlathas más ea. An tArd-Easpag Kirill is ainm don té atá i gceannas ar Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise ó 2009. Bíonn sé le taobh Putin go poiblí. Bíonn sé ag taidhleoireacht san iasacht thar ceann na Rúise agus iad i mbun críochleathnaithe i dtíortha iarChumannacha oirthear na hEorpa. Sa mbliain 2012, dúirt sé gur míorúilt de chuid Dé atá i réimeas Vladimir Putin. (Bhí Putin i láthair ag an am.) In 2017, chuaigh an tArd-Easpag Kirill i mbun tairngreachta gur fhógair gur gearr uainn deireadh an domhain agus an mí-ádh mór. An té nach ngéilleann do Dhia – agus do theachtaí Dé ar an saol seo – níl i ndán dóibh ach damnú agus díothú más ea. Sin cuid den teagasc atá á chraobhscaoileadh sa Rúis faoi láthair.

Thar aon ní, is de bharr dlí a ritheadh in 2010 atá lámh ar an stiúir ag Eaglais na Rúise. Sin í an bhliain ar deineadh aisghairm ar dhímhaoiniú na hEaglaise, rud a chuir Lenin i bhfeidhm i 1922. Má bhí Eaglais na Rúise gan mhaoin ó aimsir Niocláis II i leith más ea, ciallaíonn dlí 2010 gur athbhronnadh na mílte séipéal orthu mar aon leis an saibhreas a bhí ag dul leis na séipéil sin, idir thailte, shaothair ealaíne, agus eile. Ba í Ardeaglais Isaac i gCathair Pheadair Mhóir an chnámh spairne ba mhó idir an pobal agus an stát mar gheall ar an dlí seo. Mí Feabhra seo caite, bhí léirsithe móra ann in aghaidh athbhronnadh Ardeaglais Isaac ar Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise, agus chuir 200,000 duine a n-ainm le hachainí féachaint leis an athbhronnadh sin a chosc. Ní leo a bhí an lá.

Mí Dheireadh Fómhair seo caite, tharla rud eile a tharraing trí shnáth le chéile, sin iad an creideamh, an pholaitíocht, agus an iasacht. Ar an 26ú lá den mhí sin, thug an tArd-Easpag Kirill cuairt ar an Rómáin. B’in í an chéad uair ó tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach i 1989 a ndeachaigh ionadaí sinseartha eaglasta ón Rúis i mbun taidhleoireachta ar an iasacht. Is ag freastal ar thionól de chuid na dtíortha ceartchreidmheacha i mBúcairist a bhí an tArd-Easpag.

Athnuachan agus athneartú a dhéanamh ar an gceangal atá idir na pobail cheartchreidmheacha san Eoraip, sin í an teachtaireacht a bhí aige. Is sa Rúis (90 milliún), sa Rómáin (18 mill.), sa nGréig (10 mill.), sa tSeirbia (9 mill.), agus sa mBulgáir (8 mill.) is líonmhaire atá Críostaithe ceartchreidmheacha na hEorpa.

An scoilt idir na Críostaithe ceartchreidmheacha in oirthear na hEorpa faoi Chathair Chonstaintín ar thaobh amháin agus Críostaithe na Róimhe in iarthar na hEorpa ar an taobh eile, is scoilt í atá chomh sean leis an Eoraip féin. Is sa limistéar a bhfuil an teorainn idir an dá thraidisiún is mó a bhíodh teannas polaitiúil i stair na hEorpa. Tarlaíonn gur idir an Chróit agus an tSeirbia atá cuid den teorainn sin, agus is sa tseanscoilt reiligiúnda atá cuid mhór den mhíniú ar an gcogadh cathartha san Iar-Iúgslaiv (1999–2001). Is sa limistéar sin atá cathair Sarajevo chomh maith, áit ar thosaigh an chéad chogadh domhanda i 1914 nuair a dúnmharaíodh Franz Ferdinand na hOstaire ann.

Samhlaímis mapa na dTíortha Balcánacha go fóill. Féachaimis bloc mór a bhfuil na tíortha seo a leanas i gceist leis; an tSeirbia, an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin agus An Bhulgáir. Is ó dheas den teorainn idir creideamh na Róimhe agus creideamh na Biosáinte atá na tíortha seo. Is í an Chríostaíocht cheartchreidmheach an reiligiún is láidre ann. Rud eile: is trí na tíortha seo atá ollchomhlacht Gazprom na Rúise ag tógáil líonra píblínte le gás a chonneáil le hAontas na hEorpa.

Seo é croí na ceiste.

Féachaimis sanas an fhocail ‘Vladimir’: ‘vlad’ sin ‘flaith’ agus ‘mir’ sin ‘an domhan’. Vladimir – tiarna na cruinne

An impireacht atá an Rúis a thógáil faoin Uachtarán Putin, is impireacht í a bheas bunaithe ar an soláthar breosla i réigiún ollmhór na Rúise agus na hEorpa. Is gás nádúrtha atá sa mbreosla sin. Is faoi thalamh na Rúise atá na beirtreacha gáis. Nuair a bheas líonra Gazprom ag feidhmiú go hiomlán amach anseo, beidh sé ar an líonra breosla is mó ar domhan. Nuair a thiocfas an lá sin, is beag cupán tae a dhéanfar idir Londain agus Vladivostok nach le gás Gazprom a chuirfear an t-uisce ag fiuchadh dó. Féachaimis sanas an fhocail ‘Vladimir’: ‘vlad’ sin ‘flaith’ agus ‘mir’ sin ‘an domhan’. Vladimir – tiarna na cruinne.

Is beag idir an tiarna agus an tíorán áfach. In 2017, ritheadh dlí eile sa Rúis ar céim ar gcúl atá ann chomh fada agus a bhaineann le cothromaíocht idir na fir agus na mná. An foréigean in aghaidh na mban, is rud forleathan atá ann sa Rúis. Seo fíric más ea: faigheann 7,500 bean bás gach bliain de bharr a mbuailte ar an teallach sa tír sin. Roimh 2017, ba ghnách dhá bhliain príosúin sa gcás go mbuailfeadh fear a bhean chéile go dona ar an teallach. Faoin dlí nua, tá an seal sa bpríosún curtha as an áireamh, agus gan i gceist feasta ach fíneáil. Vótáil formhór mór na dteachtaí Parlaiminte ar son an dlí seo. Is é an tUachtarán a chuir chun cinn é. Dúirt sé gur cheart do na mná an phian a fhulaingt go cróga. Ní féidir ach a rá gur airde an fear ná an bhean i gcéimlathas na tuaithe sa Rúis. Agus an dlí fireann, frithbhaineann seo, níl ann ach tuilleadh léargais ar an mórchúis agus ar an sotal atá ag teacht i dtreis sa Rúis ó tháinig an tUasal Putin i réim i 1999.

Is fada an réim atá ansin. Agus níl sé thart ná baol air. Mí Mhárta seo chugainn a bheas toghchán na huachtaránachta ann. Is é Putin an príomh-iarrthóir. Le linn a phreas-ócáid bhliantúil mí na Nollag seo caite, labhair sé ar feadh uaireanta fada an chloig le rogha iriseoirí ón Rúis agus ón domhan mór faoi chúrsaí na tíre agus faoi chúrsaí idirnáisiúnta.

Fiafraíodh de cén fáth ar cuireadh Alexeï Navalny sa bpríosún. Is é Navalny an duine is mó a d’fhéadfadh vótóirí a chur in aghaidh Phutin sa toghchán. Is fada é i mbun feachtais in aghaidh éagóir an rialtais.

Ach ní ligfear dó seasamh sa toghchán. Cuireadh ina leith gur chuir sé suim mhór airgid ina phóca féin go mídhleathach, agus gabhadh ar an 2 Deireadh Fómhair é. Thug na mílte dá lucht tacaíochta an tsráid orthu féin ar an 7 Deireadh Fómhair ainneoin chosc an rialtas ar an léirsiú. Gabhadh dhá chéad duine agus imríodh an maide ar chuid den slua. An clúmhilleadh agus an lámh láidir; is fada an dá mhodh oibre sin i bhfeidhm i Moscó. Bainfidh Putin a dhóthain úsáide as an dá mhodh an dá lá a mbeidh Gazprom ag forbairt, an dá lá a mbeidh glóir na Rúise le tabhairt slán, an dá lá a mbeidh Dia sna flaithis, na déithe beaga i gceannas i Moscó, an tuath faoi chois, agus na mná faoi leatrom.

Idir an dá linn, is mithid an cogadh in aghaidh an daonlathais a riar san Eoraip. Agus is cogadh atá ann. Cogadh a bhfuil a chuid muilte ag meilt go mall agus go mín. Ach buaileadh dhá bhuille in aghaidh na Rúise sa gcogadh sin i ndeireadh na bliana seo caite. Ar an 5 Nollaig, d’fhógair coiste Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh nach gceadófar d’fhoireann na Rúise a bheith páirteach i gcluichí Seoul sa gCóiré Theas in 2018.

‘Comhcheilg,’ arsa Putin. Seachtain dár gcionn ar an 14 Nollaig, d’fhógair Aontas na hEorpa go gcuirfear síneadh sé mhí leis na smachtbhannaí eacnamaíochta atá i bhfeidhm ar an Rúis mar gheall ar an tacaíocht mhíleata atá á tabhairt acu do na réabhlóidithe in oirthear na hÚcráine.

Tharla rudaí eile in 2017 a tháinig salach ar scéimeanna na Rúise. Bhí an saol ag fonóid fúthu nuair a chuaigh satailít amú orthu sna spéartha os cionn Vostotchny in oirthear na tíre ar an 18 Samhain seo caite. Is fada ó náiríodh an tír chomh mór. Ba chúis náire dóibh rud a tharla ar an 6 Meitheamh chomh maith.

Ainneoin stocaireacht láidir Mhoscó i Montainéagró, agus plandáil na tíre sin le scoileanna agus le gnólachtaí Rúiseacha, shínigh Montainéagró cárta ballraíochta le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) anuraidh. Fágann sin gur faoi thíortha NATO atá cósta na meánmhara ar fad.

Sa Mhárta seo chugainn, toghfar Vladimir Putin ina uachtarán ar an Rúis go dtí an bhliain 2024. Arsa seisean le slua dá lucht tacaíochta roimh Nollaig: ‘Beidh an Rúis ag dul chun cinn arís eile, agus ní stopfaidh duine ar bith go brách í ar a bealach’.

Áiméan!

Diarmuid Johnson

Is scríbhneoir agus tráchtaire é Diarmuid Johnson