Diarmuid Johnson

Is scríbhneoir, aistritheoir agus iriseoir é Diarmuid Johnson. Cáilíodh é le BA, MA agus PhD sna Léann Ceilteach agus ó 1989 go 1996 d'oibrigh sé mar léachtóir sna Léann Ceilteach sa Bhriotáin, sa Ghearmáin agus in Éirinn. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris Cuisle ó 1999 go 2000, agus ar Transcript ó 2002 go 2004. Tá go leor scríofa aige, idir fhilíocht, phrós agus aistriúcháin.

I measc a shaothair filíochta: Súil Saoir (Cló Iar-Chonnachta 2004), Another Language (Motivex, an Pholainn 2009), Die Dämonen (Curach Bhán Verlag, Berlin 2012), An tÉan agus Dánta Eile / Der Vogel und andere Gedichte (Curach Bhán Verlag, Berlin 2013), The Woods are Growing Younger / Pădurile întineresc (Eikon, Cluj 2013), The Birth of Trystan/Trystans Geburt (Curach Bhán Verlag, Berlin 2014), Rún na mBradán - Rogha Dánta Gaeilge 2005-2015 (Coiscéim 2016).

I measc a shaothair próis: Defnyddio Agored - Meddalwedd swyddfa dwyieithog (University of Wales, Aberystwyth 2006), Y Gwyddel - O Geredigion i Galway (Gomer Press 2011), Tro ar Fyd - Pobl Dwyrain Ewrop a'r Dwyrain Canol Rhwng Dau Chwyldro 1989-2012 (Y Lolfa 2014), Pen and Plough - 20th Century Poets and Bards of Ceredigion (Carreg Gwalch 2016), Conaire Mór - Seacht nDoras na Cinniúna (Leabhar Breac 2017).

Ailt in Comhar (11)