Lámh ar lár

Alan Titley
Lámh ar lár

markwickham.org

Údar áthais dúinn an an chéad chaibidil a fhoilsiú as ‘Lámh, Lámh eile’ úrscéal bleachtaireachta nua Alan Titley

Bhí sé déanach.
Bhí na néalta beaga ag dul a chodladh lasmuigh den fhuinneog. B’í an t-aon fhadhb amháin ná nach raibh fuinneog ar bith san oifig agam.

Dá mbeadh fuinneog agam san oifig is dócha go dtaispeánfadh solas na gréine salachar.

Níor mhiste liom salachar, mar is ar shalachar a bhí mo chuid airgid ag brath. Salachar daoine seachas salachar salachair. Óir, cén áit ar fud an tsaoil bhréanaigh a bhfaighfí níos mó salachair ná i measc daoine?

Níor fhág sin nach raibh sé déanach. Bhí lá fada curtha isteach agam im shuí is ag machnamh. Bhí an machnamh chomh fada leis an lá ach ní raibh chomh suimiúil. Mar is laistigh den lá a tharla gach rud, go fiú is dá mba san oíche a chuirfí i gcrích é.

Ní féidir liom a rá go raibh toradh iontach ar an machnamh, ach sin mar a bhíonn sé. Is é an machnamh an gabhar sa teampall, nó rud éigin mar sin. Bhí an oiread den lá le cur amú agam chomh maith leis an dara duine.

Ina choinne sin, b’in é mo ghnó. Bhí comhad os mo chomhair agam ó mhoiche na maidine a bhain le baincéir a bhí ag baincéireacht go baincéiriúil agus smutachán éigin ag cur ina leith gur chúbláil sé an t-airgead. Hé, hé, hé, an amhlaidh nach raibh a fhios aige gurbh é gnó na mbaincéirí airgead a chúbláil?

B’fhearr liom rud éigin níos simplí, mac ar dhrugaí, iníon a bhí ina ball d’Fhine Gael a phósadh, sagart nár dhein bugaireacht. Iriseoir a chreid go raibh sagairt ann nár dhein bugaireacht.

Ach bhí tuirse éigin orm, na nuachtáin leamh go maith, an seomra saghas dorcha agus gan fonn ar bith orm dul leis na hilmheáin idirchumasáide tvuitiririúla agus mar sin de. Bhí comhaid os mo chomhair amach ach gan fonn orm iad a thochas ach an oiread lem thóin. Ní raibh fonn orm mo thóin a thochas ach oiread, mar níor inis sé rud ar bith dhom. Uaireanta ní raibh mé in ann mo thóin a aimsiú le ceachtar dem dhá lámh.

‘Ara, bíodh an béalsúbub leis,’ arsa mise liom féin, mar ní raibh aon duine eile im thimpeall, ‘ach tá sé in am scoir, agus is mithid bailicsceáil liom.’

D’fhéach mé ar na comhaid gan réiteach – bhuel, ní fíor ar fad gur fhéach mé orthu – ach b’fhíre a rá gur sciorr mo shúile tharstu – agus shocraigh im aigne go bhfágfainn ann iad. Ba thábhachtaí fós go bhfágfainn

ann iad don lá amárach, mar is é an lá amárach a réitíonn gach cás.

Pé ní é, dúrt liom féin gur leor é agus nár mhiste gluaiseacht. Dheineas iarracht ar an ríomhaire a dhúnadh, ach thóg sé tamall mar nach rabhas ábalta ar chnaipí a bhrú, tá’s agat féin. Ba dhuine mé a raibh seanchleachtadh agam ar na cnaipí contráilte a bhrú. Ar imeall na deisce leag mé mo lámh ar shubh de shaghas éigin a thaitneodh le cuileoga. Iarsma lóin fadó.

Tar éis don ríomhaire beagán broimní a scaoileadh, dar liom, stad sé agus is léir go raibh socair ann féin.

Níl a fhios agam cén fáth gur thug an teip sin oiread pléisiúir dom, ach thug. B’fhéidir gur bhain le pus nó le gramhas, mar is iad an dá rud is cumhachtaí sa tsaol iad.

Ina dhiaidh sin chrom mé ar dhul abhaile. Ní raibh sa bhaile, gan amhras, ach árasán i leataoibh na slí a bhí brocach i rith na seachtaine agus cáidheach an chuid eile den bhliain.

Seans go stopfainn isteach in Magairlíos ar an tslí ar ais, agus pionta nó dhó nó trí a shlogadh fan na slí, ach cá bhfios? Bhí gach lá mar a chéile agus gach dara lá bunoscionn.

Chuir mé orm mo chip is mo mheanaithí mar ní raibh aon éadaí eile agam, tharraing mé anuas na dallóga ar na fuinneoga nárbh aon fhuinneoga iad, rinne mé cuimilt mhuinchille ar an deisc ar eagla go raibh feithidí ann nach bhfaca mé, agus shamhlaigh mé an tsráid thíos fúm a raibh dhá mharú le seachtain anuas ann. Ar chuma ait éigin, ghoill sin orm. Ní hiad na dúnmharuithe, ach nár tháinig na Gardaí im aice.

Is go lag a tháinig fuaimeanna beaga gan aird isteach ón tsráid, ach fuair siad bás ar an urlár agam.

Ba chuma anois, mar bhí an lá thart.

D’oscail mé an doras is sheol amach. Bhí gloine theimhneach shneachtúil ar an doras a bhac aon radharc ar cad a bhí ar siúl lasmuigh. Dá ndéanfaí dúnmharú lasmuigh dem dhoras féin ní fhéadfainn a rá cé a rinne ceal fianaise súl.

D’oscail mé an doras is chuir mé mo chéad choiscéim ar an staighre. Bhraith mé ar chúis éigin go raibh rud éigin laistiar díom. Ní bhíodh braistint mar sin go rómhinic agam ach amháin nuair a bhíos i Luimneach. Eagla na scine a bhí orm iontó siar.

Ach ar chúis éigin eile, níor bhraitheas contúirt ar bith sa chás seo.

Bean a bhí os mo chomhair. Níor aithin mé í, gan amhras, ach bhíos ag iarraidh léamh ar a comharthaí sóirt. Bhí sí ina suí ar an suíochán lasmuigh dem oifig, ‘n’fheadar’ ina súile. Caithfidh gur Ciarraíoch ba ea í.

Ní mise a bhí deimhnitheach gur m’oifigse a bhí á lorg aici, mar bhí aturnae a rabhthas in amhras faoi ar aon urlár liom. Is túisce a rachadh daoine chun dlí seachas chun cirt i gcás aighnis ar bith. Ní féidir liom a rá go raibh mé ar aon fhocal leo.

Rinne sí iarracht ar éirí nuair a chonaic sí mé, ach

déarfainn gur dhuine í nach raibh puinn taithí aici ar léim ina seasamh. Giobal de chóta uirthi, ach nithe ag glioscarnach laistiar de. An chuid eile dá héadaí, bhain siad le haois fadó. Fáinní cluaise uirthi a gcífeá eilifintí ag léim tríothu i sorcas. Srón uirthi nár nocht féitheacha tráth, pluca a chuaigh in iomaíocht le tráta is nach eol dúinn cé a ghéill, is smig a bhféadfaí uachtaráin na hÉireann a ghreanadh uirthi le teann ómóis dá mbeadh an fonn sin orainn. Stíl ghruaige os a cionn a bhain le duine éigin eile.

‘Lean mise,’ arsa mise, cé go raibh leisce orm a rá, óir bhí a fhios agam cad a tharla don duine deiridh adúirt an méid sin.

Ach lean sí mé mar sin féin. Isteach san oifig dhorcha. Las mé an solas de cheal coinnle agus déarfadh eolaithe go raibh sí fós dorcha, ach ba chuma liom.

‘Sea, má sea,’ arsa mise, ach n’fheadaraíos an ceist nó ráiteas a bhí ann.

‘Is ea, leis,’ adúirt sí, ceapaim, ach is cinnte gur monabhar éigin a bhí ann.

‘Buail fút,’ arsa mise, ag taispeáint na cathaoireach di, cé go raibh sí soiléir go leor, óir ní raibh a mhalairt de chathaoir ann.

Nuair nár shuigh sí síos láithreach, shnap mé mo mhéireanta agus dhein cnagadh cloiginn i dtreo na hearra ar thuigeas gur cathaoir é, agus go mall, agus go tomhaiste, is to tóindearfach, shuigh sí síos.

‘Scaoil amach an bobailín, mar sin,’ arsa mise, cé nár theastaigh uaim a bheith chomh borb sin, agus ar an dara radharc, b’fhearr liom nach mbeadh bobailín aici.

‘M’fhear céile atá ann,’ ar sise, ach mar a bheadh leithscéal san insint. Bhí guth aici nár chuir toitíní feabhas ar bith air.

‘Tuigim,’ arsa mise, saghas lách, agus bhí a fhios agam cad a bhí ag teacht mar bhí cloiste na mílte uair cheana. Nach ar a leithéid a dheineas mo chuid airgid.

‘Ní thuigeann,’ ar sise, agus bhí an freagra chomh dearfach sin gur dócha gur dhúisigh mé.

D’ardaigh mé mala, agus dhein iarracht ar an gceann eile a choimeád faoi smacht.

‘An fear sin agat,’ arsa mise, ach mé go beagán faichilleach anois, ‘an amhlaidh go bhfuil sé imithe le bean eile?’

Shamhlaigh mé sorn os mo chomhair amach, sorn ar cuireadh an iomad den bhreosla isteach ann. Chuaigh dathanna trína haghaidh nach raibh riamh ar an mbogha ceatha. Má chuala mé siosarnach ní siosarnach na traenach a bhí ag dul thar an droichead le cois na canálach lasmuigh a bhí ann.

‘Tá sé imithe,’ ar sise, go tur, ‘ach ní le bean eile.’

Níor leomhaigh mé triail a bhaint as ‘le fear eile’, mar ar chúis éigin thuigeas nach mbeadh sin iomchuí. Fairis sin, bhí féachaint ina haghaidh nach bhfeicinn ach go rí-annamh. Féachaint lánmhacánta a bhí ann, féachaint nach n-aithneofá go dtí go bhfeicfeá é.

‘Conas sin?’ arsa mise, á triail, nó ar a laghad mé ag

iarraidh ladhraicín beag a chur isteach sa phota a bhí ag boirbeáil os mo chomhair.

‘Tá sé imithe le seachtain,’ ar sise, ‘agus ní raibh sé riamh níos mó ná dhá oíche as baile.’

‘Scéal ar bith agat uaidh?’ ‘Diabhal scéal.’
‘Fón póca aige?’
‘Tá.’

‘Aon fhreagra?’
‘Diabhal freagra’.
‘Aon tuairim agat féin?’
‘Diabhal tuairim.’
Ba léir go raibh dul chun cinn á dhéanamh againn.

Mheáigh mé im aigne an modh díreach, an modh indíreach nó an modh coinníollach a tharraingt chugam. Bheadh rangabháil na fusachta ródheacair. Shocraigh mé ar mo mhodh féin. Ba ghá na gnáthcheisteanna i dtosach.

‘Tá d’fhear céile gan a bheith ar fáil, agus tá tú ag iarraidh ormsa teacht air ar shlí éigin,’ arsa mise go fiafraitheach, ar eagla aon mhíthuisceana eile.

‘Sin agat é,’ ar sise, ‘sin agat é ball díreach.’

Bhí an méid sin soiléir, cibé rud eile nach raibh, mar b’í an fhoighne an buachaill, cibé rud eile nárbh é an cailín. ‘Ceart go leor,’ arsa mise, ‘ach cá dtosnóidh mé? An bhfuil ainm ar bith air, mar shampla?
‘Ó, tá ainm air, ach ní haon sampla é,’ ar sise. ‘Is é an t-aon duine dá shórt é dá raibh riamh timpeall.’

‘Ceart go leor,’ arsa mise, ‘ach cén t-ainm é sin nach raibh ar aon duine dá shórt dá raibh riamh timpeall?’

‘Conor,’ a dúirt sí, ‘sin é a ainm de réir an rialtais. Ach Cnag a thugaimid air de ghnáth.’

‘Agus sloinne,’ arsa mise, ‘cén sloinne atá ar an gCnag seo?’

‘Ní bhíonn sé ag obair ar na díonta,’ ar sise, agus saghas mearbhaill ag iomaíocht le trí chéile ina guth.

Thóg sé cúpla soicind an ceann seo a dhíchonstráil. Bhí fáinne ar a méar a raibh diamaint air a chuirfeadh traein den bhóthar iarainn. ‘Ní slinnte atá i gceist agam, go díreach an dara hainm atá aige . . . ’

‘Ó, Maidhcí,’ ar sise, agus solas ag lasadh ina súile. Bhí solas im shúilese chomh maith, ach ní ar an gcúis chéanna.

Mura mbeadh mo bheola déanta as leathar bheadh siad coganta fadó. Bhain mé starrfhiacail amach as mo liobar íochtair agus thugas croitheadh dom chloigeann.

‘An Mac Donncha nó Mac an Bhaird nó Conchúraigh nó . . . sibh,’ arsa mise. ‘Cén dream lena mbaineann?’

Chuala anáil á tarraingt. Tháinig mearbhall ar a héadan a chuirfeadh roic ar spadhar Shráid Uí Chonaill. Ach ansin:

‘Seoigh,’ adúirt sí, ‘bhí cáil riamh orainn mar Sheoigheachaí.’

Bhí mé ar tí a rá go raibh sin go seoigh, ach bhrúigh mé fúm é.

Bhí soiléir anois, chomh soiléir le hoíche spéirghealaí, le peaca ar bhibe mná rialta, bean tincéara a bhí agam, cad eile?

‘Ócé, go fiú, ócédeóc,’ arsa mise go tuirseach, ‘cad é nach féidir liom a dhéanamh duit?’

Ní móide gur thuig sí an searbhas im ghuth, ach thosnaigh ag fidléireacht lena dhá láimh a bhí snaidhmthe ar a a chéile thíos i mball éigin.

‘Ba mhaith liom go bhfaighfeá ar ais é,’ ar sise go lom, agus den chéad uair cheapas go mb’fhéidir go bhfaca mé fliuchras a dtabharfadh daoine eile ‘deoir’ uirthi in imeall a súile clé.

‘Ócédeóc, mar sin,’ arsa mise, ‘agus ócé chomh maith céanna, ach conas a d’aithneoinn é?’

Cheapas go ndéanfadh sí a lámh a shíneadh isteach ina brollach, áit a raibh gach rud i bhfolach, agus grianghraf a tharraingt amach. Ina ionad sin chrom sí i dtreo an urláir áit a raibh bosca aici a leag sí ann nuair a tháinig sí isteach.

Ar éigean gur thugas aon aird air i dtosach, mar bíonn giuirléidí agus pacáistí ag mná go fiú is nuair nach mbíonn siad ag siopadóireacht. Mar a tharla, bhí mála amháin go daingean ar chaol a láimhe cheana aici, mála breá gránna don té ar saineolaí ar mhálaí é.

Bosca bróg a leag sí ar an mbord. Níor bhosca bróg é a tháinig go caol díreach ón siopa, bhí an méid sin soiléir go maith. Ní hé gur fágadh amuigh faoin aer é ach an oiread, ach ba dhóigh leat air gur bhain madra nó cat leas as ar shlí amháin nó ar shlí eile.

D’fhéach sí air, is d’fhéach sí ormsa. Rinne nod i dtreo an bhosca, agus ansin im threosa.

Bhí téad timpeall air ar dhóigh leat gur dhein sí dochar do scornach uair éigin, agus bhí snaidhm ann nach bhféadfadh le mairnéalach í a scaoileadh.

Thógas an siosúr amach as an tarraiceán agus dheineas snapadh air. Clúdach an bhosca féin ní raibh go néata conláisteach anuas ar gach taobh agus b’éigean dom mo chuid ingne a chur ag obair go dian.

D’oscail sé.

‘An leor é sin?’ d’fhiafraigh sí díom. Bhí a béal chomh teann sin gur shíl mé go ndéanfadh díoscán an chéad uair eile a labhair sí. ‘Nó an bhfuil a thuilleadh fianaise uait?’

Lámh a bhí ann, nó leathlámh le bheith cruinn.

Ón gcaol amach go dtí barr na méireanna. Bos ina lár ag stánadh aníos orm. Na hingne féin gan a bheith dom bhagairt ina leith. Lámh shlán teasctha go glan. An craiceann ar dhath na feamainne nár cognadh ó bhéal go béal fós.

‘Le m’fhear céile í sin,’ ar sise go grod, ‘an cabhair í le teacht air?’

Ghlan mé a raibh de smugaí ag sileadh im scornach siar arís agus tháinig misneach éigin aníos as mo bholg i dteannta gach rud eile

B’éigean dom cibé a bhí im scornach a shlogadh, ach ba bhinne é ná a raibh os mo chomhair.

‘An bhfuil tú cinnte?’ Bhí a fhios agam go raibh cuma chiotrúnta ar a ndúras, ach dá ndéarfainn ‘Nach deas an cóta atá ort’, bheadh chomh ciotrúnta céanna. Níor chiotrúntacht go dtí mé. Bhí mé chomh ciotrúnta le hiománaí sóisir as Contae Liatroma nach bhfuair a ionad ar an bhfoireann chúil.

‘Ní bheadh a fhios agat cén taithí atá agam ar an lámh sin,’ ar sise, go daingean, agus idir a bheith ag féachaint uirthise agus ar an lámh seach má seach bhí tuairim mhaith agam cad a bhí i gceist aici.

‘Ceart,’ arsa mise, go mall, mar cad ab fhiú ‘mícheart’ a rá. ‘Níl le déanamh agam mar sin ach fear ar leathláimh a fháil a bhfreagrann an crobh seo dhó?’

Bhí mé ag caint as mo sheasamh, cé go raibh mé fós go daingean i mo shuí.

D’fhéach sí orm amhail is gurbh í an cheist ab amaidí de cheisteanna amaideacha a cuireadh riamh lasmuigh den seomra ranga uirthi.

Ghlan mé a raibh de smugaí ag sileadh im scornach siar arís agus tháinig misneach éigin aníos as mo bholg i dteannta gach rud eile.

‘Agus cá dtosnóidh mé?’ Níor thugas caoi di ar aon rud eile a rá, ach sholáthraigh na freagraí go pras di. ‘Duine ar bith ag siúl na sráide? Fear a bhfuil lámh ina bhrollach aige? Duine le crúca chun a smig a thochas?’

‘Ba thosach ceann ar bith díobh sin,’ ach níor bhain mo chuid cainte siar aisti aon phioc.

‘Agus sa chás is go dtiocfainn air,’ arsa mise, ach níor luaigh mé sa chás dóchúil is nach mbeadh leid ar bith agam, ‘cá dtiocfainn ort féin, nó cén seoladh baile atá agat, nó uimhir theagmhála, nó sonra ríomhphoist, nó rud éigin straoisleabhair, nó cuntas tvuitir?’ agus a fhios maith agam gur dócha nach mbeadh aon ní dá shórt aici.

Chrom sí síos arís, agus bhí eagla orm go dtiocfadh sí aníos le leathláimh eile, nó le scian, nó le puipéad a dhéanfadh rince, ach is amhlaidh gur leag sí mála ar an mbord an t-am seo. Chuaigh ag ransú ann go beo, eachtra a chuir sceimhle orm féin, ar eagla a mbeadh istigh ann. Ach gan mórán righnis tháinig aníos le blúire páipéir a bhí gioblach agus seanchaite agus ar dhóigh leat air go raibh féasta ag lucha timpeall ar a imill cheana.

Leag os mo chomhair é. Thóg tamall orm a thuiscint gur léarscáil a bhí ann.

Cheapas gur cheart a láimhseáil le láimhíní bána ar nós mar a bhí feicthe agam le lámhscríbhinní luachmhara a fuarthas i bpluais sa mheánoirthear is a chruthaigh gur sceimhlitheoir ba ea Íosa agus scata bligeard a lucht leanúna. Eagla a bhí orm dá leagfainn méar air go dtitfeadh as a chéile is go dtiocfadh an drochspiorad ar ais ón uaigh.

Mar sin féin bhí mé sásta dul sa seans. Sula bhfuair mé caoi air sin, áfach, leath sí a lámha féin, agus d’oscail go healaíonta é mar a d’osclódh bean ón tSeapáin fean dá máistreás ar lá bog meirbh sula ndáilfeadh sí tae go sibhialta uirthi i bpictiúr a deir daoine atá ann. Tá’s agam go bhfuil sin beagán áiféiseach, ach nílim ach i dtosach mo scéil.

Léarscáil de Bhaile Átha Cliath a bhí ann, ach é sean go maith. Chuimsigh sí cuid mhór den chontae ó thuaidh, agus contae garbh na Mí san áireamh. Bhí a fhios agam go raibh sí sean ar na dabaí iomaí a bhí smeartha uirthi, agus toisc gan go leor de na ceantair saghas nua sin ar nós Ongair agus Chluain Aodha a bheith luaite ann. Cheapfá go raibh daimh fós ag treabhadh na talún a raibh láithreáin tithíochta anois ann.

Bhí marcanna ann ar fud an bhaill. Marcanna beorach agus caife ba léir ba ea cuid acu. B’fhéidir gur marcanna fola ab ea go leor eile, nó go díreach cuileoga a maistreadh le hordóg.

Eagla a bhí orm go dtitfeadh an léarscáil as a chéile. Seans go raibh an iomad salachair ceangailte inti chun go dtarlódh sin. Boladh an ghlae féin i measc na bhfilltíocha ní fhéadfaí gan a thabhairt faoi ndeara. Bhí stair éigin nach bhféadfaí í a insint ag baint le gach orlach di. Subh sna cúinní, ábhar dorcha na cruinne ina lúba laistigh.

Mar sin féin mhair sí beo nuair a cuireadh ar chlár í. Níor dhúisigh sí, gan amhras, cé gur dhóbair di, agus leath í féin amach mar a bheifí ag cur fáilte roimpi.

‘Táimid anseo,’ arsa sise, méar mhór ramhar á leagadh aici ar bhall éigin idir Dún Seachlainn agus Cill Mheasain.

Bhí an ball féin éiginnte go maith, mar is daba mór de bhaitín beola a chomharthaigh an áit. Ba dhóigh leat ar an mbaitín beola féin go bhfaca sé go leor d’eachtraí an tsaoil. Níor theastaigh uaim a thuilleadh a shamhlú.

Bhí an daba sin ar nós smuga fola a chaithfeá amach tar éis duit buille a fháil ar ghob na sróine. Níor thuigeas a oiriúnaí is a bhí an tsamhail sin san am. Ní fhéadfá a rá gur léirigh sé ball díreach an áit a raibh cónaí uirthi, ach bhí gar go maith dá mbeadh fonn ort páirceanna a shiúl.

‘Go breá,’ arsa mise, ‘beidh mé in ann teacht ort nuair is gá.’

‘Beidh mé in ann teacht ort nuair is gá ar an mbeagsheans go mbeidh scéal ar bith agam duit,’ ab fhonn liom a rá, ach d’fhan na focail san áit úd a mbíonn na focail gurbh fhearr gan iad a rá. Nó b’fhéidir: ‘Níl gach dóchas baoth, agus uaireanta bíonn freagra ar phaidreacha.’

‘Agus tá gruaig rua air,’ ar sise, ‘nó bhí.’

Chuaigh tóin tríd an doras, cé nár chuala mé plab. Nuair a d’imigh, d’fhág sí poll mór sa seomra; ach bhí an leathlámh fós agam, leathlámh a scríobfadh níos mó ná an saol saghas socair seo ar mhaireamar ann.

Alan Titley

Is scríbhneoir é Alan Titley.