Deireadh Fómhair 2018

Imleabhar 78 Uimhir 10 Iml. 78 Uimh. 10 78 (10)

Binn an fhuaim…

Seoladh an mhí seo Máirtín Ó Direáin: Selected Poems / Rogha Dánta (Cló Iar-Chonnacht), cnuasach nua in eagar le Frank Sewell, a rinne na haistriúcháin chomh maith. Seo cúig dhán leis an nDireánach chomh maith le leaganacha Béarla nua Sewell

Ní Céasadh go Pósadh

Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach Máirtín Ó Direáin (1918-1988), chleacht sé pros chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus nuachtáin mar An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Feasta agus araile. Tá éagsúlacht mhór ábhar sa gcnuasach nua ‘An Chuid Eile Díom Féin: Aistí le Máirtín Ó Direáin’, in eagar ag Síobhra Aiken: an saol in Árainn agus an file ina ghasúr, cúrsaí litríochta, saol na cathrach le hais saol na tuaithe chomh maith le blúiríní beaga cumadóireachta.