Ní Céasadh go Pósadh

Ní Céasadh go Pósadh

markwickham.org

Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach Máirtín Ó Direáin (1918-1988), chleacht sé pros chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus nuachtáin mar An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Feasta agus araile. Tá éagsúlacht mhór ábhar sa gcnuasach nua ‘An Chuid Eile Díom Féin: Aistí le Máirtín Ó Direáin’, in eagar ag Síobhra Aiken: an saol in Árainn agus an file ina ghasúr, cúrsaí litríochta, saol na cathrach le hais saol na tuaithe chomh maith le blúiríní beaga cumadóireachta.

Shíl mé nuair a phós mé Peige go mbeadh suaimhneas go héag agam. Go mbeadh só, séan, sonas, príobháideachas agus na rudaí eile go léir sin is ansa leis an ainmhí daonna agam, im theachín te teolaí féin. Ach mo léan! Pós bean intleachtach is bí gan aon bhean! Is é sin a fhearacht agamsa é! Tá mo Pheigese intleachtach, bíodh a fhios agaibh. Mo bhrón, go bhfuil a fhios agamsa anois é nuair atá sé ródheireanach!

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús