Leirmheas

Leirmheas

Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: CEANNRÓDAÍ

Celia de Fréine

Léirmheas le Muireann Ní Mhóráin

Is tráthúil gur foilsíodh an leabhar seo agus comóradh á dhéanamh ar mhór-imeachtaí na staire céad bliain ó shin; comhionannas á éileamh ag mná in institiúidí acadúla agus aitheantas á lorg d’éachtaí na mban i ngach réimse den saol.

Is tráthúil chomh maith é léamh faoi bhunú Scoil Bhríde i 1917, agus anois céad bliain ina dhiaidh sin, earnáil na Gaelscolaíochta ag streachailt le córas aitheantais scoileanna nua na Roinne Oideachais agus Scileanna nach mbronnann aon chearta maidir le rogha teanga teagaisc ar thuismitheoirí ar mian leo oideachas trí mheán na Gaeilge a bheith ag a bpáistí. Is mór atá tarlaithe ó cuireadh tús le Scoil Bhríde agus ó cuireadh tús leis an bhfeachtas #gaelscoil4all.

I mBrollach an leabhair, tugann an t-údar peannphictiúr don léitheoir de lá oscailte Scoil Bhríde agus Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh ag fáiltiú roimh na chéad daltaí sa scoil - dháréag cailíní beaga. Ba í seo bunchloch ghluaiseacht na Gaelscolaíochta mar is eol dúinn inniu í agus d’fhéadfadh gur cur chuige ‘’nua’’ churaclam bunscoile na linne seo a bhí á chur chun cinn ag Luíse agus í ag trácht ar oideachas páistelárnach dátheangach.

Más éacht a rinne Luíse an scoil seo a bhunú mar aon le hiliomad éachtaí eile, tá éacht déanta ag Celia de Fréine i scríobh an leabhair seo. N’fheadar an mó bliain a chaith sí i mbun taighde agus pinn mar tá fairsinge agus cuimsitheacht a saothair dochreidte ar fad. Is liosta le háireamh iad na foinsí a luann sí idir agallaimh agus léachtaí a thug Luíse, ráitis finné, leabhair, ailt, litreacha agus cáipéisí eile nach iad. Tá toradh na hoibre móire seo soiléir sa leabhar mar nach bhfuil aon ghné de shaol Luíse nach dtugtann Celia cur síos air go cruinn agus go beacht.

Tá stíl scríbhneoireachta an-soléite ag an údar agus nádúrthacht sa teanga a úsáideann sí. Níl dua ag baint le léamh an leabhair agus is féidir na heachtraí ar fad a shamhlú ón gcur síos cumasach.

Tá cur síos beacht ar theaghlach Luíse, ar a hathair agus ar a deartháireacha agus a deirfiúracha. Phos a hathair trí huaire. Fear ildánach a bhí ina hathair, Charles Gavan Duffy, agus mar a deir an t-údar,

is gá breathnú ar shaol pearsanta an fhir, is ar an ré inar mhair sé, le tuiscint a fháil ar an teaghlach neamhghnách, muintir Ghabhánach Uí Dhufaigh, inar rugadh is inar tógadh an iníon ab óige.

Leanfaidh an léitheoir Charles ó thús a shaoil i Muineachán, trí choraí agus trí chastaí a shaoil go Sasana, go dtí an Astráil agus ansin, ar deireadh, go Cimiex na Fraince, an áit inar rugadh Luíse.

Tógadh Luíse le Béarla sa bhaile agus Fraincis ar scoil agus níorbh eol di go raibh an Ghaeilge ann go dtí go raibh sí sna déaga. Thug sí faoi fhoghlaim na teanga le Simple Lessons in Irish leis an Athar Eoghan Ó Gramhnaigh ach chuir sí dlús faoin bhfoghlaim nuair a tháinig sí chun cónaithe in Éirinn i ndiaidh bhás a hathar agus í trí bliana is fiche d’aois. Ábhar misnigh d’fhoghlaimeoirí teanga mar a thug sí faoi í a fhoghlaim agus mar a bhain sí amach ardchaighdeán.

Baineann cuid mhór den leabhar leis an tslí a ndeachaigh Pádraig Mac Piarais i bhfeidhm ar Luíse agus leis an tslí ar spreag sé féin agus a scoileanna í le Scoil Bhríde a bhunú. Léiríonn an chuid seo den leabhar crógacht agus éirim Luíse agus í ag iarraidh Scoil Íde a cheannach ainneoin na ndúshlán a bhain lena plean. Tá cur síos ann freisin ar ról lárnach na mban in Éirí Amach 1916, ábhar eile a ceileadh cuid mhaith orainn go dtí le déanaí.

Mar iar-scoláire de Scoil Chaitríona a bhí tráth ar Shráid Eccles, chuir mé spéis ar leith sa léargas atá sa leabhar ar ról tábhachtach an oird Dhoiminiceánaigh in oideachas na mban ó bunaíodh Dominican College in 1882 agus ó bhí Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire ann ó 1902. Is ann a rinne Luíse dlúthchairde, go háirithe agus í ar lóistín in áras de chuid na nDoiminiceánach, agus is spéisiúil a léamh mar a bhí Sráid Eccles féin fite fuaite in imeachtaí an Éirí Amach. Duine d’iar-scoláirí Shráid Eccles a bhí le Luíse ar lá oscailte Scoil Bhríde ná Máire Nic Dheabhaic, mo sheanmháthair.

Deir Celia de Fréine agus í ag trácht ar a saothar,

’Bheinn ag súil go líonfadh an bheathaisnéis seo an bhearna mhór faoi shaol Luíse Ghabhánách Ní Dhufaigh is go gcuirfeadh sé tús le tuilleadh taighde leis na bearnaí arb ann fós dóibh a líonadh’.

Ní fios cé na bearnaí atá fágtha ach ní féidir go bhfuil mórán díobh ann agus má tá aon locht le fáil ar an leabhar, b’fhéidir go bhfuil an iomarca mioneolais ann faoi na pearsana éagsúla i saol Luíse. Mar léitheoir, is gá dom a admháil go ndeachaigh mé ar strae uair nó dhó ag iarraidh a dhéanamh amach cérbh é an duine sin nó an duine siúd. Ag an am céanna, bhí saol chomh hilghnéitheach ag Luíse agus bhí baint aici leis an oiread sin tarlúintí agus gluaiseachtaí gur dheacair gan gach rud a bheith san áireamh agus ba thrua aon rud a fhágáil ar lár.

Ach, ionas nach gceilfear saol na mná ildánach seo ar an nglúin óg agus nach bhfágfar dall iad ar a héachtaí, mholfainn go láidir do Celia de Fréine leagan giorraithe a chur ar fáil do scoláirí óga na tíre. Is iomaí leabhar a léann daoine óga faoi éachtaí agus chrógacht agus cheannródaíocht na bhfear agus is den tábhacht é go gcuirfidís aithne ar an mbean ar leith seo. Tá an stíl scríbhneoireachta agus an nádúrthacht teanga ag bean ar leith eile, Celia de Fréine, le tabhairt faoi!

Tuatha Dé Danann
– Seilbh Inse Fódla

le Diarmuid Johnson

Léirmheas le Kevin Hickey

‘An chuid sin againn a fuair ár scolaíocht i mBéarla san India, d’fhoghlaimíomar Shakespeare ach níor léamar Kāvyādarśa. Bhí a thuilleadh againn a chuir eolas ar an Iliad agus an Odaisé, b’fhéidir, ach ní ar an Mahabharata agus an Ramayana.’ – An Dr Shashi Tharoor

Is tanaí í mo chuidse léitheoireachta ar sheanlitríocht na Gaeilge, go háirithe an chuid sin di a bhaineann leis an miotaseolaíocht. Mar léitheoir neamhacadúil neamhoilte, más ea, a tháinig mé go dtí an téacs Tuatha Dé Danann – Seilbh Inse Fódla, atá curtha in eagar ag an scoláire Diarmuid Johnson.

Teacht Thuatha Dé Danann go hÉirinn, a gcath leis na Fir Bholg, agus mar a ghabhann siad ‘Inis Fódla’, cuid de na heachtraí a ndéantar cur síos orthu ann.

Ainneoin saibhreas teanga an leabhair – bua ann féin – is féidir beagnach chuile fhocal ann a thuiscint ón gcomhthéacs. Fágann sin nach gá bacadh le foclóir, seachas b’fhéidir mar cheacht saibhrithe teanga ar an tríú léamh. Cuireann an tsothuigtheacht sin go mór leis an bpléisiúr a bhaineann le léamh an leabhair. Lena chois sin, leabhar tanaí atá ann agus ní thógfaidh sé i bhfad ort é a léamh, fiú más léitheoir mall thú, ar mo chuma féin.

Deirtear i dtaobh Thuatha Dé Danann nach raibh a sárú le fáil ‘i seacht gcríocha na seandachta ar cheird an eolais, ar bhrí na ndán, ná ar stuaim a lámh’. Chuaigh iomrá orthu ‘ar fud na cruinne ar fheabhas a gcuid draíochta agus ar éirim a gcuid duan’. Seo leo chun farraige d’fhonn aghaidh a thabhairt ar Éirinn agus ‘críochghabháil a dhéanamh san oileán sin san áit a raibh drúcht ar an mil agus bradán san eas aolgheal álainn’.

Ní mó ná sásta atá Eochaidh, rí na bhFear Bolg, faoina dteacht: ‘Go deo na ndeor is go fuineadh na beatha, ní ghéillfear orlach ná ursain den tír ná den oileán sin daoibhse, a Thuatha Dé Danann’. Tugtar an scéala sin go rí na dTuatha Dé Danann, Nuadha. ‘Bhur gcomhairle?’ ar seisean lena threibh. ‘Nárab eagal linn an namhaid...imrímis neart ár lámh orthu.’ Lig Badhbh scréach. ‘Cuirfear an cath amáireach,’ arsa Nuadha.’

Ní dóigh liom gur bhaineas a oiread taitnimh as aon leabhar eile le fada an lá. Gan an scoil a bhac, i mBéarla a bhí na leabhair a leagadh os mo chomhairse a bhain le miotaseolaíocht na hÉireann, go háirithe na scéalta Fiannaíochta; leithéidí The Legend of Finn McCool agus Irish Tales and Sagas.

Seachas iad sin, is ar leabhair C.S. Lewis agus JRR Tolkien is mó a bhí aird na ngasúr sa teach s’againne. Is léir dom anois go raibh an bheirt acu ag tarraingt as tobar miotaseolaíochta na hÉireann, dá mhéad a mbeann ar na Gréagaigh. Tá a bhfuil le fáil i dtraidisiún miotaseolaíochta na hÉireann ionchurtha le saothair na beirte sin agus lena bhfuil de shaothair fantaisíochta sa saol, déarfainn. Le cúnamh Dé, déanfar mórscannán as na scéalta miotais s’againn féin faoi mar a rinneadh le leithéidí The Lord of the Rings agus The Chronicles of Narnia.

‘Rud nach bhfuil fíor’ nó ‘rud nach mbaineann leis an réalaíocht’ an bhrí a thuigeas-sa leis na téarmaí ‘miotas’ agus ‘miotaseolaíocht’ riamh anall. Díol suntais é nach dtarraingíonn Diarmuid Johnson aníos ceist na fírinne ná na réadúlachta ar chor ar bith agus é ag labhairt ar a bhfuil de dhifear idir an mhiotaseolaíocht agus an stair sna nótaí atá scríofa aige ar chúl an leabhair. Tá an plé seo ríspéisiúil agus ceisteanna mar am, spás agus neamhbhuanaíocht tarraingthe aníos aige.

Sna nótaí céanna a labhraíonn an t-údar ar chúrsaí stíle scríbhneoireachta. Mura mbeadh ann ach téacs Sean-Ghaeilge a chur in oiriúint do léitheoirí na linne seo, éacht ab ea an méid sin féin, ach tá athscríobh déanta ag Diarmuid Johnson ar shleachta áirithe den saothar seo agus caint déanta aige ar na sleachta is mó a bhfuil a lorg féin orthu.

Is geall le filíocht cuid mhaith den phrós atá in TuathaDanann, idir sheanchumadóireacht agus chumadóireacht nua. Cloisimid faoi ‘ár is éirleach’ agus mar a leagtar buillí ‘le luas na lainne, agus le ‘borbneart na béime’, agus le ‘flosc na feirge’. Scoiltear a ‘sciath is a scaball ar Nuadha’, sa tslí is go dteagmhaíonn ‘an claíomh le cnámh an rí faoi phlac na guaille’, rud a fhágann ar leathláimh é. ‘Buille ní bhualfar...ar éan gan eite’ a fhógraíonn an rí go caithréimeach, tamall ina dhiaidh sin.

Géilleann sé dá chuid fear lámh nua a fháil dó ach súil cait a aimsiú don doirseoir atá ar leathshúil. Im gharsún óg a bhíos nuair a d’airíos an scéal seo go deireanach agus má chuir sé ag gáirí an geábh seo mé, mhúscail sé maoithneachas ionam, leis. Ní túisce súil an chait curtha isteach in áit drochshúil an doirseora ná bíogann an tsúil ‘le griogadh na luch agus le heitilt na n-éan. Agus an uair ba mhian leis feitheamh aonaigh agus oireachtais a dhéanamh, is ansin a bhíodh an tsúil ina toirchim suain agus síorchodlata aige’.

Scéal thairis, b’fhéidir, ach rud deas faoin téacs is ea go bhfeictear focail mar ‘oireachtas’ ina suíomh nádúrtha, stairiúil.

Lámh airgid a chuirtear ar Nuadha ina dhiaidh seo, rud a fhágann go bhfuil rí Thuatha Dé Danann máchaileach agus, dá réir sin, easnamhach i súile a lucht leanta. Déantar ceannaire de facto de Bhreas mac Deilbhe ach leanann mírath eisean nuair a ghearrann sé cíos agus cáin ar chách go míchothrom. Sall leis go ríocht a athar, fear a chuireann in aithne do Bhalar na súile nimhe é.

Seo le Breas, Balar agus slua na bhFomhórach chun cíos agus cáin a bhaint de Thuatha Dé Danann ‘dá míle buíochas agus dá n-ainneoin’. Ar Mhaigh Tuireadh a chuirtear an cath eatarthu; súil na tine móire ag Balar, sleá Dhún Gor ag Lugh Lámhfhada:

‘Is ansin a rinne Tuatha Dé Danann díon dá gcuid sciathanna, díon docht dlúth, díon a bhí ar aon déanamh le dabhach iarainn, agus is le fuath agus le faitíos roimh shúil Bhalair a rinne siad an díon sin ionas nach loscfadh an sruth nimhe an craiceann ar a gceithre chnámh.’ Ag Dia atá a fhios cén chríoch a bheas ar chúrsaí.

Ba leasc liom lochtanna beaga suaracha a lua ar chor ar bith; corrbhotún cló sa téacs, rud is deacair a sheachaint agus leabhar ar bith á réiteach chun a fhoilsithe; agus fo-leathanach, áit nach bhfuil an cló nó an spásáil díreach de réir a chéile, shílfeá. Is furasta a leithéid a leigheas agus an leabhar á réiteach don chló an athuair. Agus réiteofar, óir is seoid atá anseo againn agus beidh an-éileamh air.

Má bhíonn an t-ádh linn, cloisfimid Diarmuid Johnson ag léamh Tuatha Dé Danann ó thús deireadh ar Raidió na Gaeltachta nó ar an idirlíon amach anseo. Má dhéanann saoistí TG4 scannán as, faighidís na haisteoirí is deisbhéalaí sa tír agus cuiridís Gaeilge bhreá an tsaothair seo ina mbéal. Fostaídís Diarmuid Johnson mar chomhairleoir teanga agus foghraíochta.

Idir an dá linn, a léitheoir, téirse agus ceannaigh – agus thar rud ar bith eile, léigh!