An chulaith chéanna le bróga úra?
Caithfidh Mary Lou McDonald, uachtarán nua Shinn Féin, a bheith seiftiúil, straitéiseach, crua agus cineálta, a deir Póilín Ní Chiaráin
Páirtí Shinn Féin a dhúbailt.
An páirtí a chur in oiriúint don fheidhm ar bhealach nua-aimseartha.
A bheith i gcumhacht thuaidh agus theas.
A chinntiú nach mbeadh ar pháiste ar bith a rá gur seomra óstáin a bhaile.
An tOchtú leasú ar an mBunreacht a aisghairm.
Diúltú as éadan do theorainn nua, seasamh in aghaidh an Bhreatimeachta agus a chinntiú nach ligfear do na Caomhaigh i Sasana damáiste comhthaobhach a dhéanamh d’Éirinn.
Sin dornán de na hábhair a leag Mary Lou McDonald amach mar aidhmeanna dá ceannaireacht ar Shinn Féin san ré nua iar-Gerry Adams. Athrú stairiúil ab ea a hinsealbhú mar uachtarán in éindí leis an leas-uachtarán nua, an ceannaire i Stormont, Michelle O’Neill. Fuair na mná na gártha molta agus tacaíocht láidir. Níor shéan éinne, áfach, go raibh dúshláin mhóra le sárú acu. Gheall Mary Lou McDonald do Gerry Adams nach ligfeadh sí síos é ach luigh sé le réasún go ndéanfaí comparáid idir an ‘fathach’, Adams, agus a chomharba. Ní fhéadfadh aon duine bróga Adams ‘a líonadh’ a dúirt sí. ‘The truth is, my friends, I won’t fill Gerry’s shoes but the news is that I brought my own. So I will fill my shoes, I will walk in my shoes,”’ arsa McDonald.
Nuair a ghlac Adams ceannas ar Shinn Féin i 1983 ní raibh sa pháirtí ach ‘eite pholaitiúil’ na Sealadach, é fágtha in áit na leathphingine ag an IRA. Cibé freagracht atá ar Adams as foréigean an IRA níl aon amhras ach gur chosain sé an feachtas agus na huafáis a rinneadar. Sa lá inniu féin, ní thugann sé droim láimhe don IRA: ‘I don’t distance myself from them’. Ar an láimh eile níl aon cheist faoin gclaochlú a rinne sé ar na Sealadaigh tríd an eite pholaitiúil, Sinn Féin, a chur chun tosaigh agus coilíniú a dhéanamh ar an IRA ar mhaithe leis an bhfiontar polaitiúil. Ba eisean, le cabhair ó an-chuid daoine eile i bpróiseas na síochána, a rinne fórsa polaitiúil thuaidh agus theas den pháirtí nach raibh ann nuair a ghlac sé seilbh air ach geadán de mhaidrín lathaí na bparaimíleatach.
Ar éigean is gá a rá gur tasc ollmhór é a theacht i gcomharbacht ar Adams. Is fíor mar sin féin go raibh cinneadh déanta ag Adams agus Martin McGuinness bliain go leith ó shin go raibh gá le ceannaireacht nua. Athrú nádúrtha ó ghlúin go glúin a ghlaoigh siad air ach bhí sé intuigthe gur mheas siad nach ndéanfaí an gaisce a bhí uathu ó dheas gan athrú. Constaic ab ea an milleánú faoi eachtraí sna Trioblóidí agus ba mhian leo an clár sin a ghlanadh oiread agus ab fhéidir.
Caithfidh Mary Lou McDonald a bheith seiftiúil, straitéiseach, crua agus cineálta. Deir Sinn Féin gur comhcheannaireacht atá acu, uachtarán, leas-uachtarán, cathaoirleach agus baill thofa eile, ach is ar Mary Lou McDonald a thitfidh an crann chun an páirtí a nua-chóiriú do ré úr. Ceistíonn roinnt an mbeidh smacht aici ar iarpharaimíleataigh údarásacha nó an gcaithfidh sí géilleadh dóibhsean.
Ina hóráid ag an Ard-Fheis speisialta san RDS ar an 10 Feabhra ba léir gur theastaigh ó Theachta Dála Bhaile Átha Cliath Láir cruth úr a chur ar Shinn Féin gan na seandílseachtaí a thréigean. Bhí ‘An Phoblacht Abú!’ mar fhocal scoir ag McDonald san leagan dá hóráid a scaipeadh roimh ré ach níor stop sí ansin is í ag caint leis na toscairí. Chuir sí ‘Na Reibilúnaithe Abú!’ agus ‘Tiocfaidh ár lá’ leis.
Seans gur shásaigh sé sin seanfhondúirí a bhí buartha go dtréigfí faoin réimeas nua nua míleatachas Shinn Féin. Ní foláir nó gur orthusan a bhí sí ag smaoineamh freisin lena tagairt do 1798 agus a maíomh gurb iadsan an ghlúin a d’fheicfeadh ‘Éirí na Gealaí’ –Éire aontaithe. Gheall sí chomh maith go ndéanfadh sí comóradh ar na mairbh i ngluaiseacht na poblachta agus d’aithin sí go raibh sé de cheart ag daoine eile comóradh a dhéanamh freisin. Cé nach bhfuil cúlra paraimíleatach aici féin, níor cheart dearmad a dhéanamh gur sheas sí le Gerry Adams agus baill eile Shinn Féin nuair a bhí siad á gcáineadh faoi líomhaintí mí-iompair. Liosta le háireamh iad na hamanna a ndearna sí sin, ó chás Mháiria Cahill go Barra Mac Giolla Dhuibh le déanaí.
Meascán den sean agus an nua a bhí á thairiscint ag Sinn Féin, a dúradar. Beidh le feiceáil cén téagar atá san ‘nua’. Is fiú sracfhéachaint a thabhairt ar an gcúrsa a leag an bheirt bhan, Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill amach. Dúradar beirt go raibh seans maith ar réiteach idir Sinn Féin agus an DUP i Stormont taobh istigh de sheachtain. Níor tharla sin fós ach tuigim gur cuireadh creatlach réitigh faoi bhráid roinnt toscairí ag an Ard-Fheis i gcomhráite ciúine ar an gcúlráid.
Bhí an obair chéanna idir lámha ag an DUP ar fud an tuaiscirt ach mar is eol dúinn anois níor éirigh leo an margadh a chríochnú. Tá ceannairí Shinn Féin meáite de gur ar bhonn comhmheasa amháin a d’fhillfidís ar Stormont agus Mary Lou ag déanamh aithrise ar ráiteas Martin McGuinness nach nglacfaidís leis an ‘status quo. An status quo ante, is dócha – an droch-chaidreamh a bhí i réim idir an DUP agus Sinn Féin sular thit an feidhmeannas anuraidh. Dúirt McDonald nach gá mbeadh an insint chéanna ag daoine ar an stair chun go bhféadfaidís déileáil lena chéile ar bhonn measa. Bhí níos mó béime aici ar chumhacht ar dhá thaobh na teorann ná mar a chonacthas le tamall – leide go raibh Sinn Féin ag iarraidh Stormont a athnuachan an t-am seo, murab ionann agus sna míonna atá caite. Tá Michelle O’Neill ainmnithe ina ceannaire i Stormont le bliain ach níor deineadh promhadh uirthi go fóill. Dá réir, níl a fhios cén mianach atá inti ach is uirthise a bheidh an cúram páirtnéireacht chomhionann a thógáil le Arlene Foster agus an DUP i ndiaidh theip na gcainteanna le déanaí, sin mura bhfuil an méid sin dodhéanta.
Tá meas agus cáil tuillte ag Mary Lou McDonald mar Theachta Dála, agus mar sárchainteoir cumasach, aibí. Bhí sí glansoiléir go dteastaíonn uaithi a bheith i rialtas ó dheas. An páirtí a dhúbailt chuige sin is ea a haidhm. Sin sprioc uaillmhianach. Fuair siad 14% de na vótaí san olltoghchán ó dheas in 2016 agus toghadh 23 Teachta Dála. Tá seisear Seanadóirí acu, 131 comhairleoir. I dTuaisceart Éireann tá 27 Teachta Tionóil acu, 98 comhairleoir, agus seisear feisirí Parlaiminte (bhí seachtar acu go dtí gur éirigh Barry McElduff as le gairid). Tá ceathrar feisirí Eorpacha acu, triúr ó dheas agus duine amháin abhus.
B’fhéidir gurb í an ionadaíocht i dTeach Laighean ba mhaith léi a dhúbailt. Bheadh sé deacair fás den chineál sin a shamhlú ó thuaidh mar nár mhór vótaí uile an SDLP a alpadh agus breis is deich faoin gcéad eile de na vótóirí a mhealladh chuige sin. Is ionann dúbailt don Dáil agus 28% de vótaí an deiscirt a fháil agus/nó 46 Teachta Dála. Cé as a dtiocfadh an tacaíocht sin agus cé a bheadh thíos leis? Fianna Fáil? An gcinnteodh sé sin gur i gcomhrialtas le Fine Gael a bheidís? Nó an mbeidís ar comhchéim le Fianna Fáil i gcomhrialtas ‘ar na téarmaí s’againne’ mar a gheall an feisire Eorpach Martina Anderson ag an Ard-Fheis speisialta?
Cuireadh spéis mhór ina tacaíocht don bhfeachtas chun an tOchtú Leasú ar an mBunreacht a aisghairm. Ar ndóigh níl sé soiléir cén polasaí a bheidh ag Sinn Féin faoin ghinmhilleadh sa chéad 12 seachtain den toircheas. Tá sé sin in aghaidh pholasaí reatha Shinn Féin a mholann cead ginmhillte i gcás éignithe, ciorrú col, agus chun sláinte na máthar a chosaint. Caithfidh ard-fheis speisialta eile a bheith ag Sinn Féin chun a theacht ar pholasaí. Níl ráite ag Mary Lou McDonald faoi ach nach bhfuil sí i bhfabhar saorvóta nó vóta coinsiasach do Theachtaí.
Tá obair inmheánach eile le déanamh sa pháirtí. Ní mór a dhul i ngleic leis na fadhbanna faoi bhulaíocht. Maíonn ionadaithe áirithe i mBéal Feirste nach bulaíocht atá i gceist agus cuireann siad an milleán faoin gconspóid ar naimhde sna meáin. ’Siad na daoine atá ag fágáil an pháirtí a rinne na líomhaintí faoi bhulaíocht. Ní foláir nó gurb in ceann de na fadhbanna atá i gceist ag Mary Lou McDonald nuair a deir sí go bhfuil gá le nuachóiriú nó leis an bpáirtí a chur in oiriúint do shaol an lae inniu.
Ba cheart go mbeadh sé furasta ag Sinn Féin a dhul i gcion ar dhaoine maidir leis an mbochtaineacht agus leatrom ar dhaoine gan phribhléid. Tá béal an chúil folamh, gan chosaint i dtaca le leanaí atá ag maireachtáil in óstáin agus easpa tithíochta. Is cosúil freisin go mbeidh McDonald agus a hurlabhraí eacnamaíochta Piaras Ó Dochartaigh in ann muinín a chothú go bhfuil fios a ngnóthaí acu faoi na cúrsaí sin. Bhí a bpolasaithe eacnamaíochta, chomh maith leis an gcúlra foréigneach, ar na príomhchúiseanna gur thug Fianna Fáil agus Fine Gael an t-eiteachas do Shinn Féin mar pháirtnéirí i gcomhrialtas go dtí seo, an mbogfaidh McDonald i dtreo na mórpháirtithe? D’ainneoin cháineadh na mionpháirtithe ar an eite chlé?
’Sí an éiginnteacht faoina bhfuil i ndán d’Éirinn thuaidh agus theas de bharr an Bhreatimeachta an fhadhb mhór eacnamaíochta agus shóisialta nach mór a shárú go luath. De cheal eolais faoi chur chuige rialtas na Breataine bheadh sé deacair ag McDonald polasaí a fhógairt. Fearacht a lán polaiteoirí eile mhaígh sí gur chontúirt é an Breatimeacht don dul chun cinn a rinneadh ó 1998. Ba é an port céanna a bhí aici a chualamar go minic cheana – ‘ní cheadóidh sinne teorainn nua ar an oileán seo’ agus ‘ní ligfimid do Chaomhaigh na Breataine damáiste comhthaobhach a dhéanamh dúinne’. Conas? Ní raibh aon mholadh aici.
Tríd is tríd tá sé i bhfad róluath le breithiúnas a thabhairt ar an réimeas nua i Sinn Féin. An mbeidh tionchar ag Adams i gcónaí – mar uachtarán emeritus nó ambasadóir? An mbeidh tionchar ag daoine eile ar an gcúlráid? An mbeidh McDonald chomh cumasach i mbun straitéise is a bhí sí le fada sa Dáil? Ar bhotún é ar a céad lá in oifig a bheith ag spalpadh sean-nathanna na Sealadach – ag cur olc ar aontachtaithe agus ar dhaoine nach iad? Nó an é an sean-Sinn Féin a bheidh ann le mionathruithe, an chulaith chéanna ach le bróga úra?