An Cúigiú Colúnaí

An Cúigiú Colúnaí

Súil (eile) aisteach ar chúrsaí nuachta

Aon dath fad is gur gorm atá ann, an mana is cosúil a bhí ag lucht deartha an stiúideo nua i mBaile na hAbhann, agus is maith a oireann na ‘blues’ a roghnaíodh don ghíumar atá ar mhórán faoi sholáthar cúrsaí reatha agus nuachta TG4 ar na saolta seo.
Buille mór don chur chuige nua ó thaobh cúrsaí reatha i TG4 ab ea cinneadh Bhreandáin Delap gan glacadh leis an bpost mar eagarthóir ar an leagan nua de Seacht Lá atá á chraoladh le roinnt seachtainí anuas ó stiúideo nua Bhaile na hAbhann.
Cé go raibh lámh ag an gConallach sna chéad chláracha den tsraith nua, atá á soláthar ag RTÉ do TG4, beidh sé ag filleadh go luath ar an deasc nuachta. Pé rud ba chúis lena chinneadh, fágfaidh sé bearna ina dhiaidh a bheidh deacair a líonadh agus b’ait leis An Cúigiú Colúnaí mura ndearnadh iarracht mhór é a choimeád, go háirithe agus an clár nua ar bheagán acmhainní agus gá dá réir leis an gcineál taithí agus tuisceana, ar tréithe iad atá léirithe go minic ina ghairm ag Delap.
Ar ndóigh, tá rudaí aisteacha go leor ag tarlú i saol na nuachta Gaeilge le tamall. D’fhág an t-aighneas idir TG4 agus RTÉ faoin gcur chuige nua a bhí beartaithe d’fheasachán nuachta Gaeilge RTÉ gur bhagair lucht Dhomhnach Broc go mbogfaí an feasachán ar ais go dtí Baile Átha Cliath agus go ndéanfaí é a réamhthaifeadadh.
Níor chuir RTÉ lena mbagairt sa deireadh agus lean an dá stáisiún ar aghaidh leis na cainteanna atá ar bun anois le timpeall bliain anuas. Ach léirigh an scéal go rabhthas chun an ‘nuacht’ a réamhthaifeadadh go maireann i gcónaí an dí-mheas ar an nGaeilge atá fréamhaithe go domhain i nDomhnach Broc.
Baineann an t-aighneas idir an dá stáisiún den chuid is mó leis an socrú a rinneadh gur Nuacht TG4 a bheadh mar bhranda ar an bhfeasachán nuachta Gaeilge a théann amach ar RTÉ tráthnóna. Ní róshásta a bhí lucht TG4 nuair a chuaigh RTÉ siar ar an socrú sin, ach ba é an rud ab aistí ar fad faoin scéal dar le daoine áirithe ná gur ghlac RTÉ lena leithéid de shocrú an chéad lá.
Idir an dá linn, tá ré nua i ndán do Nuacht TG4 féin agus an ceann feadhna Michael Lally ag éirí as faoi cheann cúpla mí eile. Tá Lally i gceannas ar chúrsaí nuachta ó tháinig ann do TnaG i 1996 agus díol spéise a bheidh ann cén t-athrú a thiocfaidh ar an tseirbhís agus duine nua ar an stiúir. Más í fís Ardstiúrthóra TG4 Alan Esslemont go mbeadh an cur chuige ‘Súil Eile’ céanna ag feasachán nuachta Bhaile na hAbhann agus feasachán Dhomhnach Broc, caithfear ar dtús a shoiléiriú céard is ‘Súil Eile’ Nuacht TG4 féin ann.
Murar leor sin ar fad tá dúshlán eile le sárú sa seomra nuachta chomh maith faoi láthair. Ghlac triúr iriseoirí le pacásite iomarcaíochta ó RTÉ le déanaí agus beidh roinnt eile ag dul amach ar shaoire mháithreachais go luath.
‘Prexit’ atá á thabhairt ag haiceanna Bhaile na hAbhann ar an ngéarchéim foirne seo. Tá cuid d’iriseoirí na nuachta in ísle brí faoi láthair agus iad míshásta go háirithe faoin easpa eolais, dar leo, atá á thabhairt dóibh faoina bhfuil i ndán don tseirbhís, ach is deas leis an Cúigiú Colúnaí go bhfuil acmhainn ghrinn fós acu.

Cliché nach bhfuil ach cos amháin san uaigh aige ...


Ní fada anois gur seanmhná agus seanfhir a bheidh sa ghlúin dheireanach a raibh sé de dhualgas orthu staidéar a dhéanamh ar an leabhar Peig don Artdteist. I 1994 a cinneadh nach mbeadh an leabhar ina chuid éigeantach den churaclam a thuilleadh. Ach tá tráchairí áirithe fós ann agus gan iad sásta scaoileadh leis seanchliché faoin nGaeilge is seanchaite acu ar fad. Ar dhuine de na tráchtairí sin, tá Carl O’Brien ón Irish Times. Mar seo a chuir an Brianach tús le déanaí le halt tuairimíochta dá chuid faoi na fadhbanna maidir le teagasc na Gaeilge a léiríodh sa tuarascáil is déanaí ó Phríomhchigire na Roinne Oideachais:

‘Imagine you spent more than a decade learning a language only to find you struggle to string a coherent sentence together? It’s familiar territory for many of us who have tussled with the modh coinníollach or slogged our way through Peig.’

Familiar territory, a dúirt an cat leis an mbainne te.

Bhí na clichéanna seo faoi Pheig agus an modh coinníollach – cén saghas teanga ait a mbeadh gá aici lena leithéid de mhodh!– go mór sa treis san fheachtas ar líne #nílséceartgoleor, a tharraing aird ar na steiréitíopaí agus clichéanna is coitianta a gcaitheann lucht na Gaeilge cur suas leo.
Dá fheabhas é #nílséceartgoleor mar fheachtas, ní hé gach aon duine a fuair ‘an memo’, mar a deir an Béarla nua seo.

An freagra ag Bruton


Tá an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton cloiste cúpla babhta againn le déanaí agus ceisteanna á bhfreagairt aige faoin nganntanas mór múinteoirí oilte Gaeilge. Deir Bruton go bhfuil dhá chúrsa nua á mbunú chun tabhairt faoin bhfadhb seo agus chun cur leis an soláthar múinteoirí oilte Gaeilge. Is fíor dó go bhfuil dhá chúrsa nua á mbunú.
Dhá chlár do mhúinteoirí atá i gceist: cúrsa B.Ed lánaimseartha ceithre bliana trí mheán na Gaeilge d’ábhar múinteoirí bunscoile agus cúrsa iarchéime páirtaimseartha M.Ed, nó Dioplóma, do bhunmhúinteoirí agus do mhúinteoirí iarbhunscoile.
Is é fírinne an scéil áfach go bhfuil an dá chúrsa seo á mbunú faoin bPolasaí Oideachais don Ghaeltacht 2017-2022 agus nach bhfuil aon bhaint acu leis an nganntanas múinteoirí atá go mór i mbéal an phobail le tamall anuas.
Is cosúil go bhfuil an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht anois ina Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ag polaiteoirí an Rialtais. Ar feadh i bhfad, ba í an Straitéis an freagra a bhí ag polaiteoirí ar gach ceist a bhain leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht. Is cuma cén t-ábhar a bhí faoi chaibidil ba é an freagra céanna é – ‘tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cur i bhfeidhm againn…’. Drochstaid bhóithríní na Gaeltachta? ‘Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cur i bhfeidhm againn…’ Fadhbanna le teagasc na Gaeilge? ‘Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cur i bhfeidhm againn…’
Dealraíonn sé anois go bhfuil ré na Straitéise caite (nach caite thosaigh sí, a deir tú) agus gur plámás faoin bPolasaí Oideachais a chloisfear feasta mar fhreagra ar cheisteanna sa Dáil faoi Bhóthar Dhoire Fhearta.

Easpa tuisceana Uí Chuív

‘Is dócha gur ormsa atá sé, ach bíonn sé deacair scaití an méid atá á rá ag an Aire Stáit a thuiscint,’ arsa Éamon Ó Cuív agus é i mbun díospóireachta sa Dáil le déanaí le Joe McHugh. Beir leat é, a Éamoin, ní ortsa atá sé! Agus beir leat é chomh maith gur buíoch atá haiceanna ar chuma An Cúigiú Colúnaí gur chuir tú ar thaifead na Dála an méid sin!
Bíonn sé deacair Joe McHugh a thuiscint!
Cén fáth?
Mar in ainneoin an chur i gcéill gurb é an Foghlaimeoir Gaeilge is Gasta Ar Domhan é, níl Gaeilge líofa ag Joe McHugh. Ar ndóigh, ní dúirt Ó Cuív amach díreach é nach bhfuil dóthain Gaeilge ag Joe chun ceisteanna a fhreagairt sa Dáil agus bhí an Teachta Dála cáiréiseach go maith ina chuid cainte ina dhiaidh sin nuair a labhair sé faoin “frustrachas mór” a bhaineann le bheith ag plé leis an Aire Stáit Gaeltachta sa Dáil.
B’fhurasta léamh idir na línte Cuívesque, áfach.
‘Bíonn sé an-deacair é a thuiscint. D’fhoghlaim an fear a bhí ann roimhe sa phost, Seán Kyne, Gaeilge freisin agus ní raibh aon fhadhb agam é sin a thuiscint. Ach ní dóigh liom gur ceist chanúna í seo,’ arsa Ó Cuív.
Ní hé seo an chéad uair ach oiread ag an iar-aire Gaeltachta tagairt don cheist seo, bíodh sí ina ceist chanúna nó ná bíodh.
Cúrsaí teanga chomh maith ba chúis le hargóint bheag a bhí aige le déanaí le cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connnolly. Nuair a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ionadaí nach raibh aon Ghaeilge aige ar fáil do chruinniú de chuid an choiste sin i mí na Samhna seo caite, d’iompaigh Ó Cuív ar an mBéarla le teann frustrachais. Ní mó ná sásta a bhí Catherine Connolly leis an méid sin agus dúirt sí gurb í an Ghaeilge teanga an choiste is cuma cén teanga a bhíonn ag na daoine a thagann os a chomhair.
Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh Béarla á labhairt aige chun teacht ar eolas cruinn agus thug sé le fios go mbíonn a n-easpa Gaeilge á húsáid go minic ag daoine mar leithscéal gan freagra ceart a thabhairt ar cheisteanna.
Thagair sé go mistéireach an lá sin do ‘dhaoine eile thart anseo’ a mbíonn an fhadhb chéanna aige leo. Is léir anois go raibh Joe McHugh ar dhuine de na daoine a bhí i gceist aige.
Ach an dteipfidh ar fhoighne Uí Chuív sa Dáil lá éigin, mar a bhris uirthi nuair a d’iompaigh sé ar an mBéarla ag an gcruinniú den choiste oireachtais?
An mbeadh sé de dhánaíocht ag an iar-aire iarraidh ar an bhFoghlaimeoir Gaeilge is Gasta ar Domhan féin iompú ar an mBéarla, éirí as a bheith ag eachtraí ar na hiontais óna aistear teanga agus cúpla ceist a fhreagairt?
Samhlaigh a leithéid!